An Iodáil

tír i ndeisceart na hEorpa

Tír i ndeisceart na hEorpa í an Iodáil (Iodáilis: Italia) nó Poblacht na hIodáile (Iodáilis: Repubblica Italiana) le thart ar 60 milliún duine ina gcónaí inti. Is ballstát den Aontas Eorpach í. Tá cruth buataise ar an leithinis, an chuid is mó den tír, agus is cuid den tír iad freisin an dá oileán is mó sa Mheánmhuir, an tSicil is an tSairdín. Tá teorainneacha aici leis an Ostair, an bhFrainc, an Slóivéin, agus an Eilvéis sa tuaisceart. Tá na h-iamhchríocha San Mairíne agus an Vatacáin istigh san Iodáil. Usáideann siad an euro. Is í an Róimh príomhchathair na hIodáile.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Iodáil
Repubblica Italiana (it)
Italia (it) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnIl Canto degli Italiani Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«luach ar iarraidh» Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósAn Iodáil Rómhánach Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 42°30′N 12°30′E / 42.5°N 12.5°E / 42.5; 12.5

PríomhchathairAn Róimh Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán58,850,717 (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús194.83 hab./km²
Teanga oifigiúilan Iodáilis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deAn Eoraip
Aontas Eorpach
an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla302,068 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceMuir Aidriad, Muir Thoirian, Muir Iónach, Muir Liogúrach agus An Mheánmhuir Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeMont Blanc (4,808.72 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleContane (en) Aistrigh (−3.44 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síRíocht na hIodáile Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú18 Meitheamh 1946
Saoire phoiblí
ÉarlamhSan Proinsias Assisi agus Naomh Caitríona Siena Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaispoblacht pharlaiminteach Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinRialtas na hIodáile Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachParlaimint na hIodáile Cuir in eagar ar Wikidata
• Uachtarán na hIodáile Cuir in eagar ar WikidataAlcide De Gasperi (1946–1946) Cuir in eagar ar Wikidata
• Uachtarán Chomhairle Airí Phoblacht na hIodáile Cuir in eagar ar WikidataGiorgia Meloni (2022–) Cuir in eagar ar Wikidata
Údarás breithiúnach is airdeCúirt Uachtarach um Achomharc Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil2,114,355,756,914 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
AirgeadraEuro Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.it Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+39 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála112, 113, 115 agus 118 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreIT Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSIT Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinitalia.it Cuir in eagar ar Wikidata

Tá áit an-tábhachtach aici sa stair 'Iartharach'; is san Iodáil a rugadh sibhialtacht na nEitriuscach agus sibhialtacht na Gréige Móra; Impireacht na Róimhe; poblachtaí muirithe na Meánaoise; an fhealsúnacht dhaonnachach; agus an Renaissance. Tá an Iodáil ina tír aontaithe ó 1861, tar éis an Risorgimento ar dhírigh Ríocht na Sairdíne é, agus tá sí ina poblacht ó cuireadh ar ceal an mhonarcacht i reifreann sa bhliain 1946. Tá sí ar cheann de na sé stát a bhunaigh an Comhphobal Eorpach sa bhliain 1957, agus den aon stát déag a bhunaigh an limistéar eoró sa bhliain 1999.

Tíreolaíocht cuir in eagar

Is leithinis mhór go príomha le dhá phríomh-oileán, an tSicil agus an tSairdín, í an Iodáil. Is í an tsliabh is airde ná Monte Bianco in iarthar na nAlpa. Tá cuid de na lochanna is mó suite i dtuaisceart na hIodáile, mar Loch Garda, Loch Como, Loch Maggiore agus Loch Iseo.

Réigiúin cuir in eagar

Tá an Iodáil deighilte i 20 réigiún (regioni, uatha regione). Tá stádas faoi leith féinrialaitheach ag cúig cinn acu, rianaithe ag an *:

Tá gach réigiún, seachas Valle d'Aosta, roinnte in dhá nó níos mó cúigí.

Geilleagar cuir in eagar

Úsáidtear an euro mar airgeadra san Iodáil. Dar le tuairisc na bliana 2022 ón gCiste Airgeadúil Idirnáisiúnta, is é geilleagar na hIodáile an 12ú ceann is mó ar domhan de réir olltáirgeacht intíre (OTI) paireachta cumhacht cheannaigh (PCC), agus an 10ú ceann de réir OTI ainmniúla. De réir OTI PCC de réir chónaithigh, is an 31ú geilleagar is mó ar domhan atá ag an Iodáil, é ar $51,062 don chónaitheach.

De réir Innéacs Forbartha Daonna, Socraithe don Éagothroime, 2021 na Náisiún Aontaithe (en), innéacs a dhéanann iarracht an caighdeán maireachtála a thomhas i ngach tír de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamheacnamaíochta, is í an 35ú tír is forbartha ar domhan í an Iodáil, as 156 tír a tomhaiseadh, cothrom leis an Ghréig.[1] Cuireann sin ar an 21ú tír is forbartha as 27 ballstát an Aontais Eorpaigh í. I dTuarascáil Sonais Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í an Iodáil an 47ú tír is sona, as 156 tír.

I Mí Dheireadh Fómhair 2022, bhí ráta dífhostaithe na tíre ar 7.8%, an ceathrú leibhéal ab airde san Aontas Eorpach.[2]

Polaitíocht cuir in eagar

 
Suíocháin i dTeach na dTeachtaí, teach íochtarach Pharlaimint na hIodáile

Tar éis Olltoghchán 2018 cuir in eagar

Tar éis an olltoghcháin sa bhliain 2018, cuireadh rialtas ar bun idir Gluaiseacht na gCúig Réalta, páirtí polaitíochta pobalach agus frith-chórasach, agus An Conradh, páirtí den eite fhad-dheis, agus an polaiteoir neamhspleách Giuseppe Conte ina uachtarán ar Chomhairle na nAirí, ról atá cosúil le ról an Taoisigh in Éirinn.

Athraíodh comhdhéanamh polaitiúil an rialtais dhá uair ina dhiaidh sin, áfach. I Mí Lúnasa 2019, chinn An Conradh tarraingt amach as an rialtas. Mar sin, cuireadh rialtas nua ar bun le tacaíocht ó Ghluaiseacht na gCúig Réalta; ón bPáirtí Daonlathach, páirtí den eite lár-chlé; agus ó Shaor agus Cothrom, páirtí den eite chlé, i Mí Mheán Fómhair. Go luath ina dhiaidh sin, d'imigh roinnt d'fheisirí parlaiminte An Pháirtí Dhaonlathaigh chun páirtí nua liobrálach, Italia Viva ('An Iodáil Beo') a chur ar bun: mar sin féin, lean siad orthu ag tacú leis an rialtas.

Níor mhair an socrú seo ach bliain go leith, áfach: i Mí Eanáir 2021, tharraing Italia Viva amach as an rialtas mar gheall ar easaontais éagsúla idir iadsan agus an tUachtarán Conte agus na trí pháirtí rialtais eile. Ó ba rud é nach raibh tromlach i dTeach na dTeachtaí ag an rialtas gan tacaíocht Italia Viva, thug Conte fógra d'Uachtarán na Poblachta, Sergio Mattarella (ról atá cosúil le ról an Uachtaráin in Éirinn) go raibh sé de rún aige éirí as mar uachtarán ar Chomhairle na nAirí. I Mí Feabhra, thángthas ar shocrú rialtais nua eile idir réimse leathan páirtithe - le tacaíocht ó Ghluaiseacht na gCúig Réalta, ón gConradh, ón bPáirtí Daonlathach, ó Viva Italia, ó Shaor agus Cothrom, agus ón bpáirtí Forza Italia ('Ar aghaidh, a Iodáil') ar an eite lár-dheis, chomh maith le scata páirtithe beaga eile - faoina raibh an t-iar-státsheirbhíseach agus iaruachtarán de chuid an Bhainc Cheannais Eorpaigh Mario Draghi ina uachtarán ar Chomhairle na nAirí.

Tar éis Olltoghchán 2022 cuir in eagar

In Olltoghchán na bliana 2022, d'éirigh le comhghuaillíocht idir páirtithe na heite deise - is iad sin, Bráithreacha na hIodáile, An Conradh, agus Forza Italia - tromlach a bhaint amach i ndá theach Pharlaimint na hIodáile. B'iad Bráithreacha na hIodáile (Fratelli d'Italia) an páirtí ba mhó nár thacaigh le rialtas Draghi, agus b'iadsan a tháinig sa chéad áit i measc an trí pháirtí seo den eite dheis. Mar sin, b'í ceannaire an pháirtí sin, Giorgia Meloni, a thogh an pharlaimint ina príomh-aire i ndiaidh an olltoghcháin.

Bia cuir in eagar

 
Cappucino, ceann de na cineáil caife a cumadh san Iodáil

Aithnítear cuisine na hIodáile as an éagsúlacht mhór a bhíonn idir réigiúin éagsúla na tíre, go háirithe idir deisceart agus tuaisceart na tíre[3][4][5], agus tá sí ar cheann de na cuisiní is mó éilimh agus is mó úsáide ar fud an domhain[6]. Bhí tionchar nach beag ag cuisine na hIodáile ar chuisiní tíortha eile, cuisine na Stát Aontaithe go háirithe.[7] I measc na bplátaí is mó aithne ar bhonn domhanda áirítear an píotsa, an pasta, an chaife Iodálach (ar nós an cappucino, an espresso, nó an lungo), agus uachtar reoite na hIodáile.

Gailearaí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Náisiúin Aontaithe (2019). "Human Development Report 2019 - Overview" (Béarla). Dáta rochtana: 15-03-2020.
  2. "Unemployment statistics - Statistics Explained". ec.europa.eu. Dáta rochtana: 2019-01-26.
  3. "Italian cuisine" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2019-10-19.
  4. "Italian Food - Italy's Regional Dishes & Cuisine". web.archive.org (2011-01-02). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-01-02. Dáta rochtana: 2019-10-19.
  5. "Regions of Italy". www.rusticocooking.com. Dáta rochtana: 2019-10-19.
  6. Caroline McClatchey (2011-06-15). "How pasta became the world's favourite food" (en-GB). Dáta rochtana: 2019-10-19.
  7. "American Food, Cuisine". sallybernstein.com. Dáta rochtana: 2019-10-19.