Ba léig chultúrtha agus reiligiúnach í an Léig Iónach, ag a raibh tús léi timpeall na bliana 800 R.Ch.. Bhí baint ag dhá chathair dhéag, coilíneachtaí Ghréagacha san Áise Bheag uile iad, sa léig. Rinne Heireadótas liosta dóibh:

  • Miléatas (an phríomhchathair ina measc), Myus, agus Priene, gach ceann acu i gCaria (réigiún san Áise Bheag) agus an chanúint chéanna á labhairt acu;
  • Eifeasas, Colophon, Lebedus, Teos, Clazomenae agus Phocaea, sa Lidia, le canúint eile á labhairt acu;
  • Chios (olieán) agus Erythrae (an Áise Bheag), leis an gcanúint chéanna; agus
  • Samos, lena canúint féin.
Bosca Sonraí EagraíochtaAn Léig Iónach
Sonraí
Cineálkoinon
cónaidhm Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh8 haois "RCh"

Cheangail Smiorna leis an léig ní ba dhéanaí, cé go raibh an chathair sin ní ba shine ná coilíneachtaí na Mara Iónaigh.