An Leon Beag

réaltbhuíon sa leathsféar neamhaí thuaidh

Is réaltbhuíon an-doiléir é an Leon Beag atá le feiceáil ar éigean mar thriantán beag idir réaltbhuíonta sofheicthe an Bhéir Mhóir agus an Leoin. Murab ionann is an Leon, níor áirigh Tolamaes an Leon Beag i measc na 48 réaltbhuíon a d'aithin sé sa dara haois; is amhlaidh nach raibh an réaltbhuíon seo ann go dtí gur chruthaigh Johannes Hevelius sa bhliain 1687 í. Is é Leo Minor, a chiallaíonn an leon is lú, an t-ainm Laidine a thugtar ar an Leon Beag.

An Leon Beag
an Leon Beag
an Leon Beag
Ainm Laidine (IAU)Leo Minor
NodLMi
Ginideach LaidineLeonis Minoris
Siombalaíochtan leon is lú
Dronairde10 h
Diallas35°
Achar232 céim cearnach
Céim 64ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
0
Réalta is gilePraecipua (46 LMi)
(méid 3.83)
Réaltbhuíonta
ar theorainn leista
Infheicthe sna leithid idir +90° agus −45°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Aibreán an infheictheacht is fearr

Príomhghnéithe cuir in eagar

Níl mórán le feiceáil ar an réaltbhuíon seo gan teileascóp mór a bheith agat. Níl ach réalt amháin dá cuid níos gile ná an ceathrú méid:


Réada suntasacha domhainspéire cuir in eagar

Níl aon réad suntasach domhainspéire ar réaltbhuíon an Leoin Bhig. Is é an ceann is gile ná NGC 3003, réaltra ar méid chomhtháite 11.7m agus ar trastomhas uilleach 5.9 nóiméad stua. Feictear beagnach i dtreo na ciumhaise é.

Stair cuir in eagar

Ar mbeith ina réaltbhuíon nua-aimseartha dó, ní bhaineann aon stair ná miotaseolaíocht leis an Leon Beag. Mar atá ráite cheana féin, chruthaigh Johannes Hevelius sa bhliain 1687 é.

Réaltaí cuir in eagar

Féach fosta cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23567-X.


Réaltbhuíonta a thug isteach Johannes Hevelius sa téacs Firmamentum Sobiescianum sa bhliain 1690

na Madraí Fiaigh | an Laghairt | an Leon Beag | an Lincse | an Sciath | an Seiseamhán | an Sionnach| Ceirbearas | Sliabh Maenalas | an Triantán Beag


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir