An Mhéisiliteach in Éirinn

Ba iad na sealgairí a tháinig sa ré Mhéisiliteach. Ba iad sealgairí na Clochaoise na chéad daoine a tháinig go hÉirinn, anoir ó Shasana nó ó Alban ina gcrainn shnámha. Bhí cónaí orthu i gcampaí ar an gcósta, ar bhruach na bpríomhaibhneacha, agus ar imeall loch intíre. Ba bhunchampaí roinnt acu seo agus ba champaí sealada cha séasúracha roinnt eile díobh. Ba ghnách go mbíodh suíomhanna Méisiliteacha suite ar thalamh ard ag féachaint anuas ar aibhneacha. Níor fhág iarsmaí cultúrtha ón aimsir sin aon rian infheicthe fadtréimhseach agus níl siad soiléir le feiceáil i dtírdhreach an lae inniu. Is gnách gurb iad uirlisí breochloiche ar a dtugtar micrilit (a chiallaíonn cloch bheag‘ sa Laidin) an fhianaise is fearr i leith na luathchampaí sin. Tháinig seandálaithe ar iarsmaí bunchampa ag Cill Santail, gar do Chúil Raithin i gCo. Doire sa bhliain 1973 nuair a fuarthas roinnt déantúsán breochloiche i rith obair thógála. Rinne na seandálaithe tochailt ar an láithreán agus fuair siad a lán fianaise a chabhraigh leo samhail den stíl mhaireachtála a bhí ag daoine in Éirinn c. 7,000 R.C. a athchruthú. Ba champa de bhotháin chiorclacha é ar chnoc íseal os cionn abhainn na Banna. Taispeánann fianaise na tochailte, m.sh. cnámha ainmhithe, go raibh na daoine seo ag seilg muc fiáin sna coillte, ag breith ar bhradáin, ar bhric agus ar eascanna san abhainn agus ag seilg éan fiáin. Fuarthas a lán blaosc cnó coill freisin, rud a thaispeánann gur fhoinse thábhachtach bia ab ea na cnónna. Tá tábhacht ar leith ag baint le cnónna mar is féidir iad a stóráil i rith an gheimhridh. Rugadh ar na héisc seo a leanas ag Cill Santail: bradáin, bric, eascanna, peirsí, basa agus leathóga.Rugadh ar na héin seo a leanas: mallaird, praslachain, coilm choille, naoscacha agus creabhair. Ba í an mhuc fhiáin an príomhainmhí ar a ndearna siad seilg. Fuarthas na céadta déantúsán breochloiche ag Cill Santail freisin. Bhí an-tábhacht le breochloch i saol na ndaoine sin. Is cloch chrua í a bhriseann amhail gloine i bpíosaí atá chomh géar le rásúr. Bhí muintir na Clochaoise an-oilte ar chnapanna breochloiche a mhúnlú mar bhioranna agus mar lanna. Cuireadh iad seo ar bharr saighead adhmaid mar uirlis sheilge. Úsáideadh sceana breochloiche chun ainmhithe marbha a ghearradh agus a roinnt.

Sna 1980í, rinne seandálaithe tochailt thábhachtach eile ag sliogcharn i gCuan an Chaoil, Baile an Fhirtéaraigh, Co. Chiarraí. Carn beag de shliogáin a caitheadh ar leataobh tar éis sliogéisc a ithe is ea sliogcharn. Bíonn siad le fáil ar línte cladaigh agus is táscairí maithe lonnaíochta iad. Thaispeáin na tochailtí ag Cuan an Chaoil gur shaothraigh na daoine na foinsí bia a bhí le fáil ar an gcósta agus gur úsáid siad clocha crua chun uirlisí a dhéanamh. B’áit lonnaithe shealadach í seo, a úsáideadh go séasúrach. Tháinig na seandálaithe ar fhianaise, i bhfoirm cnámha ainmhithe, do réimse leathan bia m.sh. fia rua, muc, giorria agus éin (foracha agus gainéad ina measc). D’aithin siad 14 speiceas ar leith d’iasc, ina measc ballach, eascann choncair, roc garbh, gearrthóir agus cadóg. Tháinig siad ar bhlaoscanna cnónna coille freisin

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

  • [xxx Eolas breise as Gaeilge faoi Shí an Bhrú ar shuíomh gréasáin 'Oidhreacht Éireann']