An Mhaighdean

réaltbhuíon de chuid an stoidiaca ar an meánchiorcal neamhaí

Is réaltbhuíon an stoidiaca í an Mhaighdean (). Virgo an t-ainm Laidine a thugtar uirthi, a chiallaíonn maighdean. Suite idir an Leon ar an taobh thiar di agus an Mheá ar an taobh thoir, tá sí ar an dara réaltbhuíon is mó ar an spéir. Is furasta í a aimsiú mar gheall ar an lúsuidea dá cuid réaltaí, dá ngairtear Spica nó α Virginis.

An Mhaighdean
an Mhaighdean
an Mhaighdean
Ainm Laidine (IAU)Virgo
NodVir
Ginideach LaidineVirginis
Siombalaíochtan Mhaighdean
Dronairde13 h
Diallas
Achar1294 céim cearnach
Céim 2ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
3
Réalta is gileSpica (α Vir)
(méid 1.0)
Dreigecheathanna
Réaltbhuíonta
ar theorainn leista
Infheicthe sna leithid idir +80° agus −80°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Bealtaine an infheictheacht is fearr

Príomhghnéithe cuir in eagar

  • α Vir: is í an réalt is suntasaí ar réaltbhuíon na Maighdine ná Spica (α Vir), a bhféachtaí uirthi uaireanta mar dhias chruithneachta i lámh na Maighdine. Is furasta Spica a aimsiú trí leanúint den arc a shíneann le lámh an Chéachta ar réaltbhuíon an Bhéir Mhóir agus a théann trí Arcturus ar réaltbhuíon an Aoire ("lean den arc chuig Arcturus agus sín é chuig Spica").
  • I measc na réaltaí geala eile ar réaltbhuíon na Maighdine tá Zavijah (β Vir), , Auva (δ Vir) agus Vindemiatrix (ε Vir). I measc na réaltaí eile atá níos doiléire ná siúd ach a bhfuil ainmneacha dílse orthu chomh maith tá Heze (ζ Vir), Zaniah (η Vir), Syrma (ι Vir) agus Rijl al Awwa (μ Vir).


Réada suntasacha domhainspéire cuir in eagar

  • M104: réaltra suntasach nach bhfuil páirteach i mBraisle Virgo is ea M104, réaltra éilipseach dá ngairtear freisin Réaltra an tSoimbrearó. Tá an réaltra seo suite amuigh is istigh ar 10° siar díreach ó Spica.

Réaltaí cuir in eagar

Réaltaí a bhfuil ainmneacha dílse acu:
  • Spica [Spica Virginis] nó AzimechAlaraph (67α Vir) 0.98
    < spīca virginis dias chruithneachta na Maighdine
    < ? as-simak al-a'zal ?an té gan chosaint
    < (?) an cruinnitheoir fíonchaor
  • Zavijava [Zavijah, Zavyava, Zawijah] nó Alaraph (nó Minelauva, féach δ Vir) (β Vir) 3.61
    < زاوية العوى zāwiyat al-cawwa’ cúinne an (mhadra) ghlamaigh [conchró, b'fhéidir, atá i gceist?]
  • Auva [Al Awwa] nó Minelauva (43/δ Vir) 3.39
    < عوى cawwa’ glamach + min = ?
  • Vindemiatrix [Vendemiatrix] nó VindemiatorAlmuredinAlaraphProvindemiatorProtrigetrixProtrygetor (47/ε Vir) 2.85
    < vindēmiātrix, vindēmitor an banbhuanaí fíonchaor
  • Heze (79/ζ Vir) 3.38
  • Zaniah (15/η Vir) 3.89
    < زاوية zāwiyah cúinne
  • Syrma (99/ι Vir) 4.07
    < سرما (تطريز) sirmā triopall (gúna)
  • Khambalia (100/λ Vir) 4.52
    < (?) ?an chrúb chuar
  • Rijl al Awwa (107/μ Vir) 3.87
    < رجل العوى rijl al-cawwa’ cos an (mhadra) ghlamaigh
Réaltaí a bhfuil ainmneacha Bayer orthu:
67/α Vir 0.98; 5/β Vir 3.61; 29/γ Vir 2.74; 43/δ Vir 3.39; 47/ε Vir 2.85; 79/ζ Vir 3.38; 15/η Vir 3.89; 51/θ Vir 4.38; 99/ι Vir 4.07; 98/κ Vir 4.18; 100/λ Vir 4.52; 107/μ Vir 3.87; 3/ν Vir 4.04; 2/ξ Vir 4.84; 9/ο Vir 4.12; 8/π Vir 4.65; 30/ρ Vir 4.88; 60/σ Vir 4.78; 93/τ Vir 4.23; 102/υ Vir 5.14; 105/φ Vir 4.81; 26/χ Vir 4.66; 40/ψ Vir 4.77; 1/ω Vir 5.24; 7/b Vir 5.36; 16/c Vir 4.97; 31/d1 Vir 5.57; 32/d2 Vir 5.22; 59/e Vir 5.19; 25/f Vir 5.88; g Vir 5.57; 76/h Vir 5.21; 68/i Vir 5.27; 44/k Vir 5.79; 74/l Vir 4.68; 82/m Vir 5.03; 78/o Vir 4.92; 90/p Vir 5.16; 21/q Vir 5.48; y Vir 5.92; 4/A1 Vir 5.31; 6/A2 Vir 5.58
Réaltaí a bhfuil ainmneacha Flamsteed orthu:
1 Vir 5.24; 2 Vir 4.84; 3 Vir 4.04; 4 Vir 5.32; 5 Vir 3.61; 6 Vir 5.58; 7 Vir 5.37; 8 Vir 4.65; 9 Vir 4.12; 10 Vir 5.95; 11 Vir 5.72; 12 Vir 5.85; 13 Vir 5.90; 15 Vir 3.89; 16 Vir 4.96; 17 Vir 6.46; 20 Vir 6.29; 21 Vir 5.48; 25 Vir 5.87; 27 Vir 6.22; 28 Vir 6.81; 29 Vir 2.74; 30 Vir 4.88; 31 Vir 5.59; 32 Vir 5.2; 33 Vir 5.65; 34 Vir 6.11; 35 Vir 6.42; 37 Vir 6.02; 38 Vir 6.11; 41 Vir 6.25; 43 Vir 3.39; 44 Vir 5.79; 46 Vir 5.99; 47 Vir 2.85; 48 Vir 6.62; 49 Vir 5.15; 50 Vir 5.95; 51 Vir 4.38; 53 Vir 5.04; 54 Vir 6.26; 55 Vir 5.31; 56 Vir 6.95; 57 Vir 5.21; 59 Vir 5.22; 60 Vir 4.78; 61 Vir 4.74 – nearby; 62 Vir 6.73; 63 Vir 5.36; 64 Vir 5.89; 65 Vir 5.88; 66 Vir 5.76; 67 Vir 0.98; 68 Vir 5.25; 69 Vir 4.76; 70 Vir 4.97 – plainéad eachtarghréine aici; 71 Vir 5.65; 72 Vir 6.10; 73 Vir 6.01; 74 Vir 4.69; 75 Vir 5.52; 76 Vir 5.21; 77 Vir 7.12; 78 Vir 4.91; 79 Vir 3.38; 80 Vir 5.70; 83 Vir 5.55; 84 Vir 5.35; 85 Vir 6.18; 86 Vir 5.50; 87 Vir 5.41; 89 Vir 4.96; 90 Vir 5.15; 92 Vir 5.90; 93 Vir 4.23; 94 Vir 6.54; 95 Vir 5.46; 96 Vir 6.45; 98 Vir 4.18; 99 Vir 4.07; 100 Vir 4.52; 101 Vir 5.84; 102 5.14; 104 Vir 6.18; 105 Vir 4.81; 106 Vir 5.42; 107 Vir 3.87; 108 Vir 5.68; 109 Vir 3.73; 110 Vir 4.39
Réaltaí suntasacha eile:

Miotaseolaíocht cuir in eagar

Níl a fhios againn go baileach cérbh í an Mhaighdean ata léirithe ag an réaltbhuíon seo; i rith na n-aoiseanna, is beag nár ionannaíodh le gach bandia suntasach í, ina measc Isteár, Ísis, Cibéile, agus Aitéiné. Is cosúil go raibh baint éigin ag an Maighdean – i dteannta an Bhéir Mhóir agus an Bhéair Bhig – le miotas Callisto, mar Callisto í féin nó mar Héire. Mar gheall ar an Maighdean déantar tagairt go minic de Pheirsifiné (de réir cúpla miotaseolaíocht, go háirithe Rúndiamhra Eileoisise, b'ionann í agus an bandia Déiméitéir), ós rud é go raibh an Mhaighdean sárfheicthe go mórmhór san earrach, an tráth a d'aiséiríodh sí ón domhan thíos, mar a deirtí.

De réir leagain amháin, léirigh an réaltbhuión Astraea, iníon Shéas agus an bhandia Téimis. Bandia an cheartais ab ea Astraea, agus ionannaíodh leis an réaltbhuíon seo í toisc go raibh meá an cheartais (.i. an Mheá) in aice láithreach; deirtear go raibh an Domhan go léir faoina smacht eagnaí sa tseanré go dtí gur éirigh an cine daonna chomh cruachroíoch sin gur fhill sí ar ais ar neamh agus í bréan den scéal.

Astralaíocht cuir in eagar

Ní hionann comhartha astralaíoch na Maighdine a nglacann an Domhan Thiar leis agus an réaltbhuíon réalteolaíoch is an comhartha astralaíoch Hiondúch atá ar aon ainm leis. Tá an chéad cheann ar an stoidiaca trópaiceach (Lúnasa 23 - Meán Fómhair 22) agus tá an dara ceann ar an stoidiaca réaltach (Meán Fómhair 16 - Deireadh Fómhair 30).

De réir cosmeolaíochtaí áirithe, tá baint éigin ag an Maighdean le dúil chlasaiceach an Chré, agus mar sin de aithnítear mar chomhartha na cré é (mar aon leis an Tarbh agus an nGabhar). Tá an mhaighdean freisin ar cheann de na ceithre chomhartha inathraithe (i dteannta an Chúpla, an tSaighdeora agus na nIasc). Is iad na hÉisc is frithchomhartha polach léi. Is í an mhaighdean áitreabh agus ardú Mhearcair.

Baineann gach comhartha astralaíoch le roinn éigin an choirp, agus tuigtear an roinn sin mar ionad a chumhachta. Rialaíonn an Mhaighdean an stéig bheag agus an stéig mhór.

Is í an mhaighdean a úsáidtear mar shiombail na Maighdine.

Féach fosta cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.3. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.


Réalteolaíocht | Réaltbhuíonta an Stoidiaca | Astralaíocht

an Reithe | an Tarbh | an Cúpla | an Portán | an Leon | an Mhaighdean | an Mheá | an Scairp | (Fear na bPéisteanna) | an Saighdeoir | an Gabhar | an tUisceadóir | na hÉisc


Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes

an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir