An Páirtí Daonlathach (Éire)

páirtí polaitíochta Éireannach

Páirtí polaitíochta i bPoblacht na hÉireann é An Páirtí Daonlathach (Progressive Democrats i mBéarla). Glacadh le rún ag comhdháil speisialta ar 8 Samhain, 2008, chun an páirtí a scor, mar gheall ar vóta íseal an pháirtí in Olltoghchán 2007.

Bosca Sonraí EagraíochtaAn Páirtí Daonlathach
Sonraí
Ainm gearrPD Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálpáirtí polaitíochta
iarpháirtí liobrálach Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtaliobrálachas Cuir in eagar ar Wikidata
Ailíniú polaitíochtaar dheis ón lár Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh21 Nollaig 1985
Bunaitheoir(í)Deasún Ó Máille Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte20 Samhain 2009 Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Eile
Dath     Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinprogressivedemocrats.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

Ba é Deasún Ó Máille agus Máire Ní Áirne a bhunaigh an páirtí ar an 21 Nollaig 1985. Bhuaigh an páirtí ceithre shuíochán déag i nDáil Éireann i 1987. Bhuaigh siad sé shuíochán i 1989, agus toghadh Pádraig Mac an Choiligh ina Fheisire Eorpach an bhliain chéanna. Chuaigh an páirtí i gcomhrialtas le Fianna Fáil go dtí 1992, agus arís ó 1997 go dtí an lá atá inniu ann.

Bliain Dheireanach agus Scor an Pháirtí cuir in eagar

Bualadh an Páirtí Daonlathach go tubaisteach in Olltoghchán 2007, nuair a laghdaíodh líon na dTeachtaí Dála acu ó 8 go 2. Ba é seo an laghdú ba shuntasaí ar líon na suíochán ó bunaíodh an pháirtí. Bhí a gceannaire, Mícheál Mac Dubhghaill, ina measc siúd a chaill a suíochán agus d'éirigh sé as ceannaireacht an pháirtí ar an bpointe boise, rud a chuir olc ar go leor de lucht an pháirtí ina dhiaidh sin. Ceapadh Máire Ní Áirne mar cheannaire sealadach ar an bpáirtí arís go dtí gur toghadh an Seanadóir Ciarán Ó Canáin mar cheannaire nua a mbeadh sé d'ualach air eagraíocht an pháirtí a thógáil arís ón mbun. Cé gur gheall an Canánach gníomhartha móra chun staid an pháirtí a fheabhsú, ba léir do na boic mhóra sa pháirtí, Máire Ní Áirne ina measc, go raibh raibh sé ar an dé deiridh agus tionóladh comhdháil speisialta sa Mhuileann gCearr ar 8 Samhain, 2008, chun vóta a chaitheamh ar scor an pháirtí. Cé go raibh go leor ball ann a bhí ag maíomh roimhe seo nach raibh siad sásta le caint ar bith faoi dheireadh an pháirtí, glacadh le rún chuige sin le 201 vóta ar a shon agus 160 vóta ina choinne.[1]

Ceannairí cuir in eagar

Leas-Cheannaire cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar