An Seachtód

an chéad aistriúchán Gréigise a rinneadh ar an Sean-Tiomna

Is é an Seachtód an chéad aistriúchán Gréigise a rinneadh ar an Sean-Tiomna agus ar na leabhair dheotracanónta. Aistríodh an chéad chúig leabhar, an Peintiteoch nó an Tórá mar a thugtar orthu, sa tríú haois roimh Chríost; na leabhair eile áfach cuireadh Gréigis orthu sa chéad aois eile.

WD Bosca Sonraí LeabharAn Seachtód
(grc) Ἡ μετάφρασις τῶν Ἑβδομήκοντα Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálleagan, eagrán, nó aistriúchán agus saothar scríofa Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
TeangaJewish Koine Greek (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Seánraaistriúchán a rinneadh ar an Sean-Tiomna Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid den tsraith
Cuid delitríocht bhíobalta Cuir in eagar ar Wikidata
Colún ar dheis lch. 575 den Chodex Vaticanus, ó Leabharlann na Vatacáine, ina bhfuil Céadleabhar Easdras 1:55-2:5..

De réir an fhinscéil bhí seachtó fear léinn (nó, mar a deir leagan eile, beirt fhear léinn is seachtó) ó na treibheacha Giúdacha éagsúla ann agus gach duine acu in ann an t-aistriúchán Gréigise céanna a chruthú beag beann ar a chéile - tá an finscéal seo curtha i míotar i Litir Aristeas, ceann de na saothair Héilleanaíocha Ghréigise a aicmítear mar bhréageipeagrafa. Is é fírinne na staire, áfach, go raibh an Eabhrais ligthe i ndearmad ag cuid mhór de Ghiúdaigh na linne, agus aistriúcháin Ghréigise ag dul timpeall ina measc. Deir finscéal Aristeas gurbh é Tolamaes II Philadelphus, Faró Macadónach na hÉigipte, a choimisiúnaigh an Seachtód, ach is deacair a rá, an raibh baint ar bith le rítheaglach na dTolamaesach i gcruthú an tSeachtóid ar aon nós.

Bíonn stíl an tSeachtóid éagsúil go maith. An teanga a úsáidtear ann, is í an Ghréigis Choitianta nó Koine - canúint mheasctha na Gréigise a tháinig in úsáid sna sálaí ag saighdiúirí Alastair Mhóir - atá inti, ach is féidir tionchar ón Eabhrais agus ón Aramais a aithint in áiteanna. Ón taobh eile de tá an teanga i leabhar Dhainéil agus sna Seanfhocail an-ghlan mar Ghréigis. Thairis sin ní bhíonn gach cuid den aistriúchán ag cloí leis an mbuntéacs chomh cruinn le chéile. Bíonn athinsint agus ciallú ann, chomh maith le sliochtanna atá aistrithe go mionchruinn.