An Sionnach

réaltbhuíon sa leathsféar neamhaí thuaidh

Is réaltbhuíon dhoiléir é an Sionnach atá suite i lár Thriantán an tSamhraidh (astaireacht comhdhéanta ag na trí réalta gheala Deneb, Vega agus Altair) ar an leathsféar neamhaí thuaidh. Tugtar Vulpecula mar ainm Laidine ar an réaltbhuíon seo, rud a chiallaíonn sionnach beag.

An Sionnach
an Sionnach
an Sionnach
Ainm Laidine (IAU)Vulpecula
NodVul
Ginideach LaidineVulpeculae
Siombalaíochtan Sionnach
Dronairde20 h
Diallas25°
Achar268 céim cearnach
Céim 55ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
0
Réalta is gileAnser (α Vul)
(méid 4.44)
Réaltbhuíonta
ar theorainn leista
Infheicthe sna leithid idir +90° agus −55°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Meán Fómhair an infheictheacht is fearr


Príomhghnéithe cuir in eagar

  • PSR B1919+21: sa bhliain 1967 i Cambridge, d'aimsigh Antony Hewish agus an réalteolaí Éireannach Jocelyn Bell an chéad phulsár, PSR B1919+21, ar an réaltbhuíon bheag seo. Ar mbeith dóibh ag cuardach drithliú radachomharthaí cuasár, tharlaigh siad ar chomhartha an-rialta; séard a bhí ann ná bíoga radaíochta, ceann amháin i ngach aon chúpla soicind. Chuir siad as an áireamh foinse dhomhanda den chomhartha seo toisc gur athaispeáin an réad tar éis réaltlae seachas grianlá. Faoi dheireadh ionannaíodh an aimhrialtacht seo le comhartha neodrónréalta, agus í ag rothlú go tapaidh. Tháinig na bíoga (agus tagann go fóill go dtí an lá atá inniu ann) i ngach aon 1.3373 soicind - chomh rialta sin nárbh fhéidir é a thógáil in ainriocht aon réada eile. Tugadh CP 19191 ar an réad seo ar dtús, a chiallaíonn "Cambridge Pulsar in aice Dronairde 19u 19n"; faoi láthair tugtar PSR 1919+21 air, a chiallaíonn "Pulsár ar dronairde 19u 19n agus ar diallas +21 céim".

Réada suntasacha domhainspéire cuir in eagar

  • Braisle Brocchi: is astaireacht í Braisle Brocchi (Collinder 399) a tógadh roimh ré in ainriocht réaltbhraisle oscailte. Tugtar an Crochadán Cóta mar ainm uirthi chomh maith mar gheall ar an gcuma dhearscnach atá infheicthe trí dhéshúiligh nó theileascóp ísealchumhachta.


Réaltaí cuir in eagar

Réaltaí a bhfuil ainmneacha dílse orthu:
Réaltaí a bhfuil ainmneacha Flamsteed orthu:
1 Vul 4.76; 2 Vul 5.46; 3 Vul 5.22; 4 Vul 5.14; 5 Vul 5.60; 6/α Vul 4.44; 7 Vul 6.34; 8 Vul 5.82; 9 Vul 5.00; 10 Vul 5.50; 12 Vul 4.90; 13 Vul 4.57; 14 Vul 5.68; 15 Vul 4.66; 16 Vul 5.23; 17 Vul 5.08; 18 Vul 5.51; 19 Vul 5.51; 20 Vul 5.91; 21 Vul 5.19; 22 Vul 5.18; 23 Vul 4.50; 24 Vul 5.30; 25 Vul 5.50; 26 Vul 6.40; 27 Vul 5.59; 28 Vul 5.06; 29 Vul 4.81; 30 Vul 4.92; 31 Vul 4.56; 32 Vul 5.03; 33 Vul 5.30; 34 Vul 5.58; 35 Vul 5.39
Réaltaí suntasacha eile:


Stair cuir in eagar

Déanach sa seachtú haois déag, chruthaigh an réalteolaí Polannach Johannes Hevelius an réaltbhuíon seo. Tugadh an t-ainm Vulpecula cum ansere uirthi go bunúsach – sin le rá, an Sionnach leis an nGé. Níl aitheantas oifigiúil ar an ngé go fóill, ach déantar tagairt di san ainm atá ar an réalta is gile de chuid an tSionnaigh: Anser. Léiríodh an Ghé sna seanphictiúir agus í i ngialla an tSionnaigh. "An sionnach beag" an chiall chruinn atá leis an ainm Laidine "Vulpecula", ach is é "an Sionnach" an tiontú a thugtar go coitianta air.

Miotaseolaíocht cuir in eagar

Ós rud é nár cruthaíodh an réaltbhuíon seo go dtí an seachtú aois déag, agus gan ach réaltaí doiléire inti, ní bhaineann aon mhiotaseolaíocht chlasaiceach leis an Sionnach.

Féach fosta cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.3. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.


Réaltbhuíonta a thug isteach Johannes Hevelius sa téacs Firmamentum Sobiescianum sa bhliain 1690

na Madraí Fiaigh | an Laghairt | an Leon Beag | an Lincse | an Sciath | an Seiseamhán | an Sionnach| Ceirbearas | Sliabh Maenalas | an Triantán Beag


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir