Is é an "Tíogar Ceilteach" an t-ainm a bhaist na hiriseoirí eacnamaíochta ar Éirinn, nuair a thosaigh geilleagar na tíre ag fás go sciobtha sna nóchaidí. Mhair an tréimhse seo ó 1995 go dtí 2008. Sna blianta seo, tháinig athrú cuma ar an tír go hiomlán ó thaobh na heacnamaíochta de.

Clúdaigh ón Economist. Ar chlé ón mbliain 1988: "the poorest of the rich". Ar dheis ón mbliain 1997: "Celtic Tiger - Europe's shining light".
Fás eacnamaíoch (olltáirgeacht intíre in Éirinn agus sa R-A, in aghaidh an duine) 1820-2018. Foinse: ourworldindata.org

Fás eacnamaíoch ollmhór cuir in eagar

I ndeireadh na n-ochtóidí, bhí Éire ar ceann de na tíortha ba bhoichte in Iarthar na hEorpa - "an ceann is boichte de na tíortha saibhre" mar a chuir clúdach na hirise The Economist i bhfoclaibh é sa bhliain 1988 (the poorest of the rich). Deich mbliana ina dhiaidh sin, bhí sí ar ceann de na tíortha ba saibhre.

Tháinig an "Comhrialtas Bhogha Ceatha" faoi stiúir John Bruton sa bhliain 1994 agus cuireadh tús le ré an "Tíogair Ceiltigh". D'fhás geilleagar na hÉireann 2.7% sa bhliain 1993 ach d'fhás sé ar mheánráta ollmhór i rith téarma an Bhriotúnaigh mar Thaoiseach (1995  9.6%; 1996  7.4%; 1997 11%; 1998  8.8%; 1999 10.5%).[1]

cóimheas idir fiachas agus OTI na hÉireann (olltáirgeacht intíre), % sna 1990idí

Mhaolaigh beagáinín ar an bhfás sin sa bhliain 2001, ach bhisigh na cúrsaí arís sa bhliain 2003, cé gur féidir maolú áirithe a aithint arís ón mbliain 2007 i leith. Fuair an Tíogar Ceilteach bás in 2008, nuair a bhris Géarchéim airgeadais 2007-2008 amach, timpeall an domhain, agus ansin, Géarchéim bhaincéireachta na hÉireann, 2008

Chuaigh an pobalachas go mór chun cinn le linn tréimhse an tíogair,[2] agus i dtús 2008, bhí an amhantraíocht gan srian.

Cúiseanna cuir in eagar

Cúis conspóide é i gcónaí, cén fáth ar fheabhsaigh eacnamaíocht na hÉireann mar sin, ach de ghnáth, síltear gurb iad na polasaithe a chuir an Stát i bhfeidhm le heacnamaíocht na tíre a fhorbairt a rinne an mhíorúilt: comhpháirtíocht shóisialta an Stáit, na bhfostóirí agus na gceardchumann; na mná ag tonnadh isteach i margadh na hoibre; leibhéal an ardoideachais in Éirinn; an dóigh ar mealladh isteach na hinfheisteoirí ón gcoigríoch; ráta íseal na gcánach a ghearrtar de na gnólachtaí; an Béarla ina ghnáththeanga sa tír; agus an bhallraíocht san Aontas Eorpach.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "World Bank Open Data". World Bank Open Data. Dáta rochtana: 2024-02-06.
  2. Ciarán Mac Aonghusa (Aibreán 2010). "Athruithe Daonlathacha" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2022-12-11.