An Veasúiv

bolcán san Iodáil

Is stratabholcán Iodálach é an Veasúiv, nó Sliabh Veasúive (Iodáilis: Monte Vesuvio, Laidin: Mons Vesuvius) atá suite taobh thoir den chathair Napoli. Is cinnte gurb é an Sliabh Veasúiv, i ndeisceart na hIodáile, an bolcán is clúitísan Eoraip.[1]

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachAn Veasúiv
(it) Vesuvio
(en) Monte Vesuvio Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
CineálBolcán beo, stratabholcán, díol spéise do thurasóirí agus sliabh Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i limistéar cosantaVesuvius National Park (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Mór-roinnAn Eoraip Cuir in eagar ar Wikidata
Limistéar riaracháinCeannchathair Napoli, An Iodáil agus Cúige Napoli, An Iodáil Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 40°49′17″N 14°25′32″E / 40.8214°N 14.4256°E / 40.8214; 14.4256
Tréithe
Airde os cionn na farraige1,281 m Cuir in eagar ar Wikidata
Starraiceacht thopagrafach1,232 m Cuir in eagar ar Wikidata
Déanta asteifrít Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Croineolaíocht
1631 15 Nollaig 1631 (Iúlach)-19 Nollaig 1631 (Iúlach)Mount Vesuvius eruption of 1631 (en) Aistrigh
1861 eruption of Mount Vesuvius in 1861 (en) Aistrigh
1944 eruption of Mount Vesuvius in 1944 (en) Aistrigh
24 Lúnasa 79 eruption of Mount Vesuvius in 79 (en) Aistrigh
1872 brúchtadh bolcáin
1906 Vesuvius eruption of 1906 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Tíreolaíocht cuir in eagar

Is í an Veasúiv an t-aon bholcán amháin atá suite ar mhórthír na hEorpa (tá Etna agus Stromboli suite ar oileáin), r 1000m os cionn léibheál na farraige.[2]

 
cráitéar
 
AD 79

Stair cuir in eagar

Bhí brúchtadh cáiliúil sa bhliain AD 79, an ceann a scrios na cathracha Rómhánacha Pompeii agus Herculaneum. Cailleadh idir 10,000 agus 25,000 duine san eachtra seo. Meastar fós go bhfuil sí ar cheann de na bolcáin is baolaí ar domhan, mar tá thart ar trí mhilliún duine ina gcónaí sa cheantar máguaird.

Tharla an brúchtadh is déanaí sa bhliain 1944.

Tá an Veasúiv suanach faoi láthair.

Béaloideas cuir in eagar

 

Áit naofa don laoch agus dia Earcail a bhí inti do na sean-Rómhánaigh agus na sean-Ghréigigh, agus tógadh an chathair Herculaneum ag bun an bholcháin mar ómós dó.

 
Bacchus agus an Veasúiv, freascó, Pompeii

Taispeántar an Veasúiv ina shliabh caoin torthúil i múríomhá a aimsíodh i bPompeii, an baile a raibh indán dó a bheith báite ag an sliabh chéanna in AD 79. Léirítear an bolcán coirceogach clúdaithe le crainn agus feictear Bacchus, Dia an Fhíona, ag deimhniú ardchaighdeán na bhfíonchaora ag fás ar thalamh méith an tsléibhe. Tá cuma shéimh ar an léiríú ársa seo – i bhfad níos síochánta ná Veasúiv an lae inniu!

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Cruthaitheacht an Bholcáin" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2019-08-24.
  2. Gaelcholáiste Na Mara. "Turais Scoile / Trips" (Irish). Gaelcholáiste na Mara. Dáta rochtana: 2019-08-24.