Seasamh fealsúnach é An tAindiachas, ina maítear nach bhfuil aon Dia ná Ard-Bheith ann. Tugtar Aindiachaí ar dhuine a leanann an fhealsúnacht seo. Is minic go gcuirtear ina leith gur creideamh atá ann, amhail creideamh spioradálta ar bith, ach maíonn na haindiachaithe féin gur cruinne 'easpa creidimh' a thabhairt air.

An 'atomic whirl' - lógó a úsáidtear chin An tAindiachas a léiriú

Is é an méid a dúirt an fealsamh agus aindiachaí cáiliúil Sasanach, Bertrand Russell, ina leith ná:

Is creideamh é an t-aindiachas sa chaoi chéanna gur caitheamh aimsire é gan a bheith ag bailiú stampaí.

Bertrand Russell

Is é an tAindiachas a mhalairt don diachas.

Tugann 2.3% de dhaonra an domhain aindiachaithe orthu féin sa lá atá inniu ann, agus tugtar neamhdhiachaí (daoine nach gcreideann in aon dia nó gur cuma leo) ar 11.9% sa bhreis. Tugann idir 64-65% de mhuintir na Seapáine aindiachaí, agnóiseach, nó neamhchreidmheach orthu féin, agus 48% sa Rúis. Ní hionann líon na n-aindiachaithe i stáit an Aontais Eorpaigh, le céadatán níos lú ná 10% san Iodáil agus tíortha eile, agus chomh hard le 85% sa tSualainn.

I measc na gcúiseanna a thugann aindiachtaithe dá n-easpa creideamh luaitear fadhb an oilc, easpa fianaise go bhfuil aon dia ann, agus éagsúlacht agus breágnú idir na ráitis i dtaobh Dé a dhéanann creidimh éagsúla.

Cé gur minicí nach gcreideann aindiachaithe in aon rud osnádúrtha, tá fealsúnachtaí ann a chreideann in imeachtaí osnádúrtha gan aon chreideamh i nDia acu, mar shampla, an Búdachas.

Stair cuir in eagar

Maítear gurb é an fealsamh Sean-Ghréigeach, Diagoras, a bhí ar an gcéad aindiachaí ceart, cé nár tháinig forás ceart ar an gcoincheap go dtí aimsir na hEagnaíochta.

Aindiachaithe Cáiliúla cuir in eagar

Cumainn cuir in eagar