Is éard is Earrach na nArabach ann ná tonn réabhlóideach de léirsithe agus d'agóidí a bhí agus a bhíonn ar siúl sa domhan Arabach ón 18 Nollaig 2010 ar aghaidh.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtEarrach na nArabach
Íomhá
Cineálagóid
éirí amach
cogadh cathartha
réabhlóid Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse18 Nollaig 2010 - Nollaig 2012
Dáta na bliana17 Nollaig 2010 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomhan domhan Arabach Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid


Tíortha Arabacha :

██ Rialtas treascartha

██ Cogadh cathartha

██ Athrú suntasach sa rialtas

██ Mor-agóidí

██ Mion-agóidí

██ Gan teagmhas

Tíortha neamh-Arabacha :

██ Agóidí gaolmhara

██ Gan teagmhas

Bhí deacrachtaí ag baint leis an aistriú chuig rialú daonlathach san Éigipt agus i dTúinis, i Libia agus i bPoblacht Éimin. Bhí an tuairim ann, agus b'fhéidir go bhfuil fós, nach raibh na tíortha Arabacha, ar cibé cúis, in ann ag rialachas daonlathach agus nach raibh meas acu ar riail an dlí.[1]

Ar an agóid bheag sa tsean-Seicslóváic in 1968 ("Earrach Phrág") is dócha a bhí fo-eagarthóir sinsearach éigin ag smaoineamh, tráth éigin tamall de mhíonna tar éis thús na n-agóidí is na léirsithe sa Túinéis agus san Éigipt, nuair a cheap sé nó sí an téarma “Earrach na nArabach”.[2]

Earrach na nArabachː Caireo, Túinis, San'a agus an tSiria

2010-2012 cuir in eagar

Sna blianta 2010-2012, bhí réabhlóidí sa Túinéis agus san Éigipt; cogadh cathartha sa Libia; éirithe amach i mBairéin, sa tSiria, agus in Éimin; agóidí móra san Ailgéir, san Iaráic, san Iordáin, i Maracó, agus in Óman; agus mion-agóidí i gCuáit, an Liobáin, an Mháratáin, an Araib Shádach, agus an tSúdáin.

 
léirsithe sa tSiria sa bhliain 2011

Roimh seo, ba í an tSúdáin amháin an t-aon tír Arabach a bhí in ann fáil réidh le réimis deachtóireachta, sa bhliain 1964 agus arís sa bhliain 1985.

Sa Libia agus san Éigipt chuidigh comhghuaillíocht na Fraince, na Breataine agus Meiriceá le deireadh ré Gadaffi agus Mubarak a thapú.[3]

 
agóid sa bhliain 2011 i Maracó

Siria cuir in eagar

Bhris agóidí ar son an daonlathais amach sa tSiria ar an 15 Márta 2011 agus thosaigh an cogadh cathartha i ndáiríre sa tSiria i ndiaidh tamaill.

Tar éis d'fhórsaí slándála urchair a scaoileadh leis an lucht agóide, tháinig méadú as cuimse ar an bhforéigean agus cuireadh briogáidí reibiliúnacha le chéile chun aghaidh a thabhairt ar fhórsaí an stáit.[4] Ba rí-ghairid go raibh sé ina chogadh cathartha le grúpaí éagsúla ag tnúth le titim an réimis. D'éirigh mar sin ‘Earrach na nArabach’ ina gheimhreadh dorcha sa tSiria

Sheas an t-Uachtarán Bashar al-Assad an fód. Bhí arm láidir aige agus cabhair aige ó throdairí Hezbollah ón Liobáin agus cabhair aige ón Rúis agus ón Iaráin.[5]

Idir 2011-2021, maraíodh 600,000, theith os cionn 6 milliún thar lear agus bhí níos mó ná 6 milliún eile fágtha gan dídean sa tSiria.[6]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Tánaiste Eamon Gilmore, Óráid, An Meánoirthear agus An Afraic Thuaidh (2013). "Éire, an Eoraip agus an Meánoirthear - Department of Foreign Affairs" (ga). www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2020-12-19.
  2. MICHEAL O. hUANACHAIN (2012). "Fómhar Ioslam" (ga). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-12-19.
  3. Frank Reidy (2015). "Ag teitheadh ón uafás < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2020-12-19.
  4. An tAontas Eorpach (2016-06-16). "A decade of opportunities and challenges" (en). European Union. Dáta rochtana: 2020-12-18.
  5. Ruairí Henchy (2016). "Cúig bliana i ndiaidh ‘Earrach na nArabach’ an bhfuil deireadh ag teacht le geimhreadh an uafáis sa tSiria?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-12-19.
  6. UNHCR. "Syria Refugee Crisis Explained". www.unrefugees.org. Dáta rochtana: 2021-03-16.