Is éard is Anabalacht ann, (ónGhréigis: ἁνά, (aná) "aníos" agus "βάλλειν" (bállō), "caitheamh"), ná an tsraith de bhealaí meitibileacha a thógann móilíní ó aonaid níos lú.[1] Tá fuinneamh ag teastáil i gcomhair na  n-imoibrithe seo,  ar a dtugtar freisin próiseas ineargónach. Dóigh amháin chun próiseas meitibileach a rangú, cibé acu ag leibhéal ceallach, orgáin nó orgánach, mar "anabalach" nó mar "catabalach", a bhfuil ina  mhalairt agus dá bhrí sin an macramóilín a scaradh. Tiomáineann an chatabalacht an anabalacht, ina mbristear móilíní móra síos i gcodanna níos lú agus ansin ina n-úsádítear an fuinneamh le haghaidh na cillriospráide. Bíonn go leor próiseas anabalach faoi thiomáint ag hidrealú na trífhosfáite adenosine (ATP).[2][3] De ghnáth, téann na bpróiseas anabalach i dtreo orgán agus fíochán a thairiscint. Cuireann na próisis seo fás agus idirdhealú na gceall chun cinn agus méadú na colainne, próiseas a bhaineann le sintéis móilíní choimpléasca. Cuimsíonn samplaí de phróisis anabalacha fás agus mianrú cnáimhe agus méadú ar mhais an mhatáin. Go hiondúil, rangaíonn na hinchríneolaithe hormóin mar anabalacht nó catabalacht, ag brath ar an pháirt den mheitibileacht a spreagann siad. Tugtar stéaróidigh anabalacha ar na hormóin anabalacha clasaiceacha, a spreagann sintéis phróitéine, fás an mhatáin agus inslin.[4] Déantar an cothromú idir anabalacht agus catabalacht a rialú freisin trí rithimí laethúla, le próisis cosúil le meitibileacht glúcóis ag athrú chun gnáth ghníomhaíochtaí an ainmhí a mheaitseáil le linn an lae.[5]

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Glossary of Terms Used in Bioinorganic Chemistry: Anabolism" (1997). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 30 October 2007.
  2. Nicholls D. G. and Ferguson S. J. (2002) Bioenergetics Academic press 3rd edition ISBN 0-12-518121-3.
  3. "The clockwork of metabolism" (2007). Annu. Rev. Nutr. 27: 219–40. doi:10.1146/annurev.nutr.27.061406.093546. PMID 17430084. CS1 maint: Uses authors parameter (link)
  4. "Anabolism".
  5. "{{{title}}}" (2007). Annu. Rev. Nutr. 27: 219–40. doi:10.1146/annurev.nutr.27.061406.093546. PMID 17430084. 

Naisc sheachtracha cuir in eagar