Andy Warhol

Péintéir agus scannánóir Meiriceánach

Péintéir agus scannánóir Meiriceánach ba ea Andrew Warhola (6 Lúnasa 192822 Feabhra 1987), nó Andy Warhol mar is fearr aithne air, agus duine de na healaíontóirí is mó aitheanta san fhichiú haois.[1][2] Bhí sé ar dhuine de na healaíontóirí ba thábhachtaí sa ghluaiseacht ar a dtugtar pop-ealaín, agus thuill sé cáil dhomhanda mar úrscéalaí, léiritheoir ceoil agus scannánóir avant-garde.

Infotaula de personaAndy Warhol

(1980) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Andrew Warhola Jr.
6 Lúnasa 1928
Pittsburgh, Pennsylvania Cuir in eagar ar Wikidata
Bás22 Feabhra 1987
58 bliana d'aois
Nua-Eabhrac, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Neamhrithimeacht)
Áit adhlacthaSt. John the Baptist Byzantine Catholic Cemetery (en) Aistrigh 40°21′16″N 80°01′47″W / 40.35445844°N 80.02985534°W / 40.35445844; -80.02985534 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachLemkos (en) Aistrigh agus Meirceánaigh geala
ReiligiúnByzantine Catholic (en) Aistrigh
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Carnegie Mellon
Ardscoil Schenley
Carnegie Mellon School of Art (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibrePriontaíocht, péintéireacht, scannán, grafaicí, dearadh agus Pop-ealaín
Suíomh oibre Páras
Pittsburgh
Nua-Eabhrac Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmstiúrthóir scannán, maisitheoir, déantóir priontaí, déantóir scannán, ealaíontóir grafach, maisitheoir, ealaíontóir suiteáin, taibhealaíontóir, údar, ceannaí, dearthóir, scríbhneoir scripte, grianghrafadóir, péintéir, dialannaí, léiritheoir scannáin, amharcealaíontóir, dealbhóir, cineamatagrafadóir, leiritheóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Daonlathach Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraPortráidiú, ábhar neamhbheo agus portráid
GluaiseachtPop-ealaín
Mac/iníon léinn de chuidBalcomb Greene, Robert Lepper, Samuel Rosenberg agus Joseph C. Fitzpatrick
TeangachaBéarla Meiriceánach agus Béarla
GníomhaireArtists Rights Society, Skarstedt Gallery (en) Aistrigh, Electronic Arts Intermix (en) Aistrigh agus Gagosian Gallery (en) Aistrigh
Ghlac sé/sí páirt i
2009Von Picasso bis Warhol Künstlerschmuck der Avantgarde (en) Aistrigh
19 Meitheamh 1982documenta 7 (en) Aistrigh
27 Meitheamh 19684. documenta (en) Aistrigh
De Calder à Koons, Bijoux d'Artistes, La Collection Idéale de Diane Venet (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
PáirtíBilly Name
John Giorno
Jed Johnson Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAndrej Warhola  agus Julia Warhola
SiblínPaul Warhola agus John Warhola
Duine muintearthaJames Warhola (nia) Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

Suíomh gréasáinwarhol.org Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0912238 Allocine: 830 Rottentomatoes: celebrity/andy_warhol Allmovie: p115970 TV.com: people/andy-warhol IBDB: 21149
Musicbrainz: 3c37fc8c-9c5a-4a70-8a8c-9f97a2020f1b Songkick: 110334 Discogs: 240120 Find a Grave: 1459 Cuir in eagar ar Wikidata
Andy Warhol Museum of Modern Art,  Medzilaborce
Portráid Marilyn Monroe.[3]

Saothar cuir in eagar

 
"Chelsea Girls", de chuid Warhol agus Paul Morrissey, 1966[4]

D’fhéadfá a rá gurb é Andy Warhol an saineolaí ó thaobh sochar a bhaint as cúrsaí tráchtála lena shaothar féin a chur chun tosaigh. Le linn a shaoil, bhain sé úsáid as íomhánna coitianta nó faiseanta ina chuid oibre.

Sa bhliain 1961 thóg Warhol canna anraith Campbell’s agus rinne sé íocón ealaíne as.[5] Rinee sé an rud céanna a dhéanamh do Absolut in 1985. Ba é Warhol an duine a thosaigh an tsraith ealaíne do Absolut i 1985 (bhí sampla de seo le feiceáil sa taispeántas Absolut Classics, a bhí i nDánlann an Rubicon ar Fhaichne Stiabhna, Baile Átha Cliath in 2001).[6] De réir dealraimh, thit sé i ngrá leis an chuma a bhí ar an bhuidéal vodca agus spreag sé seo go mór é.[7]

Tá na portráidí "Marilyn Monroe" agus "Elizabeth Taylor" chomh haitheanta céanna le carachtar i “mórphictiúr” ar bith eile ar nós *Lus na gréine" le Van Gogh.[8]

Thuig Warhol gur íomhá íocónach a bhí i Sliabh Veasúiv agus rinne sé féin sraith bunaithe ar an bholcán chlúiteach seo.[9]

Tá a chuid ealaíne coincheapúil; dá bharr sin, tá cosúlachtaí idir Warhol é féin agus ealaíontóirí eile ar nós Francesco Clemente, Cy Twombly agus Joseph Beuys.[10]

 
Na "taisceadáin todhchaí"[11]

Bhí an-suim ag Warhol i gcúrsaí faisin; léirigh sé gur féidir leis an dá réimse – an ealaín agus an faisean - oibriú go dlúth agus go tairbheach lena chéile.[12]

 
BMW "Art car" de chuid Warhol ag 24 Heures du Mans, 1979

Saol cuir in eagar

Rugadh agus tógadh Warhol i Pittsburgh, Pennsylvania.

Tomhaltóir agus bailitheoir doshásaithe earraí ab ea Andy Warhol. Bhailigh sé earraí de gach sórt – idir bheag agus mhór, álainn agus aisteach, luachmhar agus leibideach – i rith a shaoil. Chum síceolaithe an téarma “cnuasaitheoir  neamhshrianta” le cur síos a dhéanamh ar dhaoine atá éisealach, críochnúil agus rianúil. Dúirt Warhol féin gur spreag Tennessee Williams é mar go raibh claonadh aigesean gach rud a choinneáil i dtaisce i gcófraí.[13]

 
Gunnaí de chuid Warhol au Tate Modern

Théadh Warhol amach ag lorg rudaí le ceannach ar bhonn laethúil, a shúil i gcónaí dírithe ar earraí neamhghnácha agus ar shamplaí cruthaitheachta a bhí neamhchoitianta. I measc na n-earraí a raibh spéis aige iontu bhí fiacla bréige, troscán Art Deco agus táirgí an-choitianta mar phrócaí brioscaí in ollmhargaí a raibh rian na comóntachta ag baint leo.

Choinnigh sé gach taisce a bhailigh sé, nó a cheannaigh sé, ina theach cúig-urlár ar East 33 Street i Nua-Eabhrac, agus líon sé gach seomra le hearraí go dtí nach raibh spás ar bith fágtha aige ach amháin dhá sheomra dó féin le cónaí iontu.[11]

 
Andy Warhol, Jean-Michel Basquiat, Bruno Bischofberger (margaire ealaíne) agus Fransesco Clemente, New York, 1984

Bás cuir in eagar

Fuair Warhol bás ag dul faoi scian in ospidéal i Nua-Eabhrac sa bhliain 1987, agus in aois 58 bliain dó.

Chuaigh gach píosa bric-a-brac agus bruscair a bhailigh sé – ón mbliain 1974 go dtí lá a bháis i 1987 – isteach i mboscaí cairtchláir, i gcomhadchaibinéid, agus i gcófraí móra sa Warhol Museum in Pittsburgh, áit a bhfuil na boscaí á gcoimeád inniu. Tá 611 bosca san iomlán sa bhailiúchán, "taisceadáin todhchaí" cuid acu dar le Warhol. I measc rudaí eile, choinnigh Warhol bia a bhí inmhíolaithe le ciaróga nuair a osclaíodh na boscaí. Agus baineadh preab eile as cartlannaí an Warhol Museum nuair a tháinig sé ar chos daonna i mbosca amháin agus í seargtha.[11]

Tionchar cuir in eagar

Ba Warhol a chum an coincheap "15 nóiméad de cháil"—go bhfuil gach duine in ann a bheith cáiliúil ar feadh tamaill ghearr, sula mbogann aird na ndaoine ar aghaidh go dtí an chéad cheann eile.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Scagadh | Ag Déanamh Aisteach: Athraonadh Warhol – Boom for Real ag Dánlann Hugh Lane | Amharcealaíontóirí Éireann" (ga) (2023-12-01). Dáta rochtana: 2024-02-22.
  2. "Making Strange: Warhol Refracting - screening of BOOM FOR REAL" (en-GB). Hugh Lane. Dáta rochtana: 2024-02-22.
  3. "Arts & Culture | San Francisco Travel" (en). www.sftravel.com. Dáta rochtana: 2024-02-22.
  4. "Chelsea Girls" (as en) (2024-01-26). Wikipedia. 
  5. "Campbell's Soup Cans" (as en) (2024-02-18). Wikipedia. 
  6. Bhí sampla de seo le feiceáil sa taispeántas Absolut Classics, a bhí i nDánlann an Rubicon ar Fhaichne Stiabhna, Baile Átha Cliath sna 2000idí
  7. Ciara Nic Gabhann (EAGRÁN 5 · MEÁN FÓMHAIR 2001). "An ealaín é? Absolut-ely!" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2024-02-22.
  8. Ciara Nic Gabhann (2004). "Saothar cáiliúil Munch ar iarraidh arís" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2024-02-22.
  9. Ciara Nic Gabhann (2010). "Cruthaitheacht an Bholcáin" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2024-02-22.
  10. Ciara Nic Gabhann (2004). "Saothar Francesco Clemente - lán iontas agus bróin" (ga-iE). Beo!. Dáta rochtana: 2024-02-22.
  11. 11.0 11.1 11.2 Ciara Nic Gabhann (2008). "Taisce Warhol" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2024-02-22.
  12. Mícheál Ó hAodha (2014). "Ealaín Aos Deartha Éadaí" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2024-02-22.
  13. Claudia Kalb (2016). "Andy Warhol Was a Hoarder: Inside the Minds of History's Great Personalities" (as Anglais). National Geographic. 
  14. Ciara Nic Gabhann (Márta 2008). "Féiniúlacht fhíorúil" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2024-02-22.