Údar Sasanach ba ea Ann Radcliffe (9 Iúil 17647 Feabhra 1823) a bhí ina ceannródaí i réimse na n-úrscéalta gotacha. Scríobh sí faoin ainm cleite "Mrs. Radcliffe".

Infotaula de personaAnn Radcliffe

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith9 Iúil 1764
Holborn, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás7 Feabhra 1823
58 bliana d'aois
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Niúmóine)
Áit adhlacthaSt George's, Hanover Square (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreGníomhaíocht liteartha agus úrscéal Gotach
Gairmúrscéalaí, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1789 –
SeánraLitríocht Ghotach agus úrscéal Gotach
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileWilliam Radcliffe Cuir in eagar ar Wikidata
AthairWilliam Ward  agus Ann Oates

Find a Grave: 10211003 Cuir in eagar ar Wikidata
The Mysteries of Udolpho 1794
"The Female Advocate", 1799[1]

D'éirigh go han-mhaith léi. Shaothraigh sí na múrtha airgid as a cuid leabhar; fuair sí íocaíocht i bhfad ní b'airde ná an chuid ba mhó de na scríbhneoirí eile ag an am, cuma fir nó mná a bheith i gceist. Ach rinneadh dearmad áirithe ar a chuid úrscéalta ina dhiaidh sin.

Saol cuir in eagar

Duine príobháideach ba ea í. Is beag atá ar eolas againn faoina saol inniu,[2] Ach scríobh sé "The Female Advocate" sa bhliain 1799.[1] Am réabhlóideach a bhí ann agus bhí sí an-tógtha leis an bhfeimineachas.

Tháinig fiabhras ar Radcliffe agus d’éag sí ar an 7ú lá Feabhra 1823 (58 mblian d’aois a bhí sí ag an am).

The Castles of Athlin and Dunbayne 1789

Saothar cuir in eagar

Scríobh Mrs. Radcliffe scéinséirí mistéire a bhí leagtha amach go cliste agus thug sí téamaí ceannairceacha isteach sna scéalta sin. Mhúscail sí spéis as cuimse i ngnéithe den osnádúr, rud a bhí neamhchoitianta ag an am agus in ainneoin na theagasc na gCríostaithe. Ach bhí míniú réasúnach ar na mistéirí sna scéalta sin i gcónaí. Nuair a bhí casadh aisteach sa scéal, bhí bunchúiseanna nádúrtha a mhíneodh an casadh céanna.

Chuaigh dea-iompar a cuid banlaochra i bhfeidhm ar na léirmheastóirí. Is i ngeall air seo gur tosaíodh ar glacadh leis an úrscéal gotach mar fhoirm inghlactha shóisialta.

Uaigh i lár, reilig Linwood

Leabhair cuir in eagar

Naisc cuir in eagar

Project Gutenberg

Tagairtí cuir in eagar