Fuair Annelies Marie "Anne" Frank, a rugadh ar 12 Meitheamh 1929 i Frankfurt-am-Main sa Ghearmáin, bás i gcampa géibhinn i mí Feabhra nó Márta 1945.[1] Cé nach raibh Anne Frank ach 15 d’aois nuair a d'éag sí, bhí tionchar aici ar an domhan mar gheall ar an dialann a scríobh sí.[2]

Infotaula de personaAnne Frank

(1941) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(de) Annelies Marie Frank
12 Meitheamh 1929
Maingau Clinic of the Red Cross (Poblacht Weimar)
BásFeabhra 1945
15 bliana d'aois
Campa géibhinn Bergen-Belsen (Gearmáin na Naitsithe)
Siocair bháisBás mínádúrtha (Tíofas)
Áit adhlacthaCampa géibhinn Bergen-Belsen Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnGiúdachas Leasaitheach
Scoil a d'fhreastail sé/sí6th Montessori School Anne Frank (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheFrankfurt
Merwedeplein 37-II (en) Aistrigh
annex Prinsengracht 263 (en) Aistrigh
Frankfurt
Campa géibhinn Bergen-Belsen
Teanga dhúchaisan Ghearmáinis
Dathán gruaigeGruaig dhubh
Gníomhaíocht
Gairmdialannaí, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1942 –  1944
TeangachaAn Ollainnis agus an Ghearmáinis
GníomhaireAnne Frank Fund (en) Aistrigh
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
AthairOtto Frank  agus Edith Frank-Holländer
SiblínMargot Frank agus Eva Schloss
Duine muintearthaEva Schloss (leasdeirfiúr) Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
3 Meán Fómhair 1944-5 Meán Fómhair 1944Transport from Westerbork to Auschwitz Birkenau on 03/09/1944 (en) Aistrigh
1941-1945an tUileloscadh
1941-1945gan stát
1933-1945perished in the Holocaust (en) Aistrigh
campa géibhinn
Gearmáin na Naitsithe Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

Suíomh gréasáinannefrank.org Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0290833 Allocine: 37054 IBDB: 4177
Facebook: annefrankauthor iTunes: 31091649 Musicbrainz: 264a2f9c-e362-47fc-aa3c-9dafc51a9a61 Discogs: 1709460 Find a Grave: 6870415 Cuir in eagar ar Wikidata
sa bhliain 1940, 6. Montessorischool, Niersstraat 41-43, Amsterdam
Pas Anne Frank, Bealtaine 1942

Scríobh sí an dialann thar dhá bhliain nuair a bhí sí féin agus a teaghlach i bhfolach in Amsterdam ó thrúpaí Naitsíocha. Cuireadh an dialann i gcló i ndiaidh a báis, agus thug sé pictiúr dúinn cad é mar a bhí sé eagla do bheatha a bheith ort ar feadh dhá bhliain. Seans gurb í an duine is mó cáil des na milliúin Giúdach a maraíodh le linn an Uileloisce.

Teach Anne Frank inniu
Cuimhneachán, Bergen-Belsen

Saol cuir in eagar

Is sa Ghearmáin a rugadh agus a tógadh Anne Marie Frank. Giúdaigh a bhí sa teaghlach s’aici. Ach bhí orthu an Ghearmáin a fhágáil nuair a tháinig lucht tacaíochta Adolf Hitler i gcumhacht in Frankfurt, áit a raibh siad ina gcónaí.

 
Dealbh, Westerkerk, Amsterdam

Ní raibh Anne ach 4 bliana d’aois nuair a d’fhág a teaghlach an Ghearmáin agus a chuaigh siad chun na hÍsiltíre le saol nua a bhaint amach dóibh féin. Fuair Otto Frank, athair Anne, obair i monarchana. Bhí saol iontach sona ag an teaghlach, cé go raibh eagla orthu i gcónaí go dtiocfadh na Naitsithe i gcumhacht in Amsterdam, agus go mbeadh siad go holc do na Giúdaigh.

Bhí an teaghlach faoi bhagairt arís toisc forghabháil na nGearmánach ar an Ollainn. Ar 6 Iúil 1942 chuaigh an teaghlach agus ceathrar Giúdach eile i bhfolach i bhfortheach rúnda in áras a chuideachta i gceantar Prinsengracht. Chuaigh Otto i muinín Miep Gies, fostaí de chuid na cuideachta, agus bhíodh Ollannaigh dhílse ag tabhairt bia agus leabhar don bhuíon a bhí i bhfolach.

Sceitheadh orthu, áfach. Ar an 4 Lúnasa 1944 fuair saighdiúirí Naitsíocha eolas go raibh daoine ag fanacht i seomraí rúnda sa teach. Tógadh cách go dtí na campaí géibhinn agus ba é Otto amháin a tháinig slán.

Bogadh Anne agus a deirfiúr Margot ó Auschwitz (áit ar cailleadh a máthair) go Bergen-Belsen. Thall ansin, bhuail an tífeas na deirfiúracha. D’éag Margot agus cailleadh Anne go luath ina diaidh. Ghabh arm na Breataine an campa beagán níos déanaí, i mí Aibreáin 1945.

An Dialann cuir in eagar

Leabhar a fuair sí mar bhronntanas lae breithe nuair a bhí sí trí bliana déag a d’úsáid sí mar dhialann. Déagóir anamúil, gealgháireach a bhí in Anne ach bhí aigne thar a bheith neamhspleách aici chomh maith agus tá na tréithe seo ar fad léirithe ina dialann.

Tugann sí léiriú grinn orthu siúd a bhí i bhfolach léi agus mar a réitigh nó nár réitigh siad lena chéile. Scríobhadh sí an dialann amhail is dá mba rud é go raibh sí ag labhairt le dlúthchara agus thuig sí nach bhféadfadh sí a cuid smaointe a roinnt chomh hoscailte sin leis na daoine eile.

Bhí meas ag Anne ar an litríocht agus scríobh sí ar 11 Bealtaine 1944 gurbh í an mhian ba mhó a bhí aici ná bheith ina hiriseoir agus theastaigh uaithi lá éigin go bhfoilseofaí leabhar bunaithe ar an dialann agus go mbeadh aitheantas aici mar scríbhneoir.

Foilseachán cuir in eagar

Tharla seo toisc gur chumhdaigh Miep Gies an dialann ó Lúnasa 1944 agus gur thug sí d’Otto é tar éis an chogaidh. D’fhoilsigh seisean é i 1947. Ó shin i leith, tá cáil dhomhanda ar Anne. Toisc an mhacántacht seo agus a cumas nádúrtha scríbhneoireachta, tá na milliúin cóip den dialann díolta ar fud an domhain in iliomad teangacha.

Tá cáil chomh maith ó 1960 ar an músaem atá san áras i Prinsengracht. Tá an dialann ar taispeáint ann. Tagann beagnach milliún cuairteoir in aghaidh na bliana go dtí an músaem.

Gaeilge cuir in eagar

Tá aistriúchán Gaeilge den dialann ar fáil faoin teideal Dialann Cailín Óig aistrithe ag Pádraig De Bléine, le fáil ar Yumpu[3] agus archive.org.[4]

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "'One day they simply weren’t there.' How researchers reconstructed Anne Frank's last months" (en-us). PBS NewsHour (2020-06-12). Dáta rochtana: 2022-03-12.
  2. nicurriculum.org.uk. "Beatha le Bua - Anne Frank". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-09-23. Dáta rochtana: 2020.
  3. Anne Frank (1943-1945). "Dialann ar Yumpu". Dáta rochtana: 2022.
  4. Anne Frank (1943-1945). "Dialann ar Archive.org ... pdf chun íoslódáil". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-04. Dáta rochtana: 2022.