Is é an t-antamón dúil cheimiceach uimhir a 51, agus is í an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná Sb. Tá an giorrúchán seo bunaithe ar sheanainm na dúile, stibiam, nach n-úsáidtear a thuilleadh. Stibnít a thugtar i gcónaí ar an mianra arb é an fhoinse is fearr antamóin amuigh - go bunúsach, is éard atá ann ná suilfíd antamóin, Sb2S3.

WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachAntamón

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach
Antamón sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachSb
Uimhir adamhach51
Mais adamhach121.76
Peiriad, Grúpapeiread 5
Dúil Ghrúpa 15
antimony compound (en) Aistrigh
Airíonna fisiceacha
Dlús6.69 kg/m⁻³
Leáphointe1,166
Fiuchphointe2,975
Leictridhiúltacht2.05
Ga ianach0.76, 0.76 agus 0.6
Stair
Antamón dúchasach le haghaidheanna criostalacha lonracha agus scoilteanna scoilteachta

Is miotalóideach é an t-antamón, is é sin, dúil atá cineál idir eatarthu idir miotal agus neamh-mhiotal. Tá ceithre allatróp ag an antamón: an t-antamón miotalach, an t-antamón buí, an t-antamón dubh, agus an t-antamón pléascach. Is é an t-allatróp miotalchosúil an ceann is cobhsaí acu, nó tá sé de chlaontacht sna cinn eile claochlú go miotal.

Tá antamón an dúlra comhdhéanta as dhá iseatóp chobhsaí, mar atá, 121Sb (57.36 % den antamón nádúrtha) agus 123Sb (42.64 %). Is é 125Sb an raidiseatóp is tábhachtaí, agus é dhá bhliain agus naoi mí ar leathré, a bheag nó a mhór.

Dealraíonn sé go bhfuil aithne ag an gcine daonna ar an antamón leis na cianta cairbreacha anuas, nó tá na seandálaithe tar éis teacht ar dhéantúsáin antamóin nó antamónbhrataithe ón tríú mílaois roimh bhreith Chríost. Tá sé ina ábhar conspóide, áfach, cé a thug an chéad chur síos ar tháirgeadh an antamóin atá fágtha againn. Dealraíonn sé go bhfuil an chéad oideas miotalóireachta don antamón sa leabhar úd De la pirotechnia a scríobh an tIodálach Vannoccio Biringuccio sa bhliain 1540.

Is iad +3 agus +5 uimhreacha ocsaídiúcháin an antamóin ina chuid comhdhúl.

Úsáidtear antamón sna cóimhiotail agus sna leathsheoltóirí.

Nimh is ea an t-antamón, agus é ag oibriú ar an orgánach cosúil leis an arsanaic.

Tagairtí cuir in eagar