Anthony de Mello

scríbhneoir Indiach

Sagart Íosánach agus síciteiripeoir ón India ba ea Anthony de Mello (nó Tony de Mello mar a raibh aithne air freisin) a rugadh i Mumbai (Bombay ag an am) ar 4 Meán Fómhair 1931.

Infotaula de personaAnthony de Mello
Beathaisnéis
Breith4 Meán Fómhair 1931
Mumbai, An India Cuir in eagar ar Wikidata
Bás2 Meitheamh 1987
55 bliana d'aois
Nua-Eabhrac, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach)
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCríostaí
Scoil a d'fhreastail sé/síSt. Stanislaus School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, síceolaí, fealsamh, diagaire, sagart Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Ord crábhaidhCumann Íosa

Tús a shaoil cuir in eagar

Tógadh de Mello mar Chaitliceach agus bhí fonn air ón am a bhí sé óg a bheith ina shagart Íosánach.

Ag aois a 16, chuaigh de Mello isteach i gCumann Íosa i gcliarscoil Vinalaya, lasmuigh de Bombay. Rinne sé stáideár ar an bhfealsúnacht sa Spáinn i 1952. Ina dhiaidh sé seo chuaigh sé ar ais go dtí an India chun staidéar a dhéanamh ar an diagacht i gColáiste De Nobili in Pune.

Obair cuir in eagar

Oirníodh ina shagart é i 1961. Tar éis dó filleadh ar an India, chaith sé roinnt blianta ag obair sna cliarscoileanna, agus i 1968 rinneadh reachtaire cliarscoil Vinalaya de.

Bhunaigh sé an Institute of Pastoral Counselling i 1972, a ainmníodh Sadhana Institute ó shin i leith, i Poona san India.

Scríobh de Mello a chéad leabhar Sadhana – A Way to God i 1978.

Bás cuir in eagar

Fuair Anthony de Mello bás le taom croí i Nua-Eabhrac i 1987. Bhí sé 55 bliana d'aois.

Leabhair cuir in eagar

  • Sadhana: A Way to God, 1978.
  • Wake Up! Spirituality for Today, 90 minutes of talks given before a live audience
  • The Song of the Bird, Image, 1982.
  • Wellsprings, 1984.
  • One Minute Wisdom, Image, 1985.
  • The Heart of the Enlightened, Doubleday, 1987.
  • Taking Flight, Image, 1988.
  • Awareness, Image, 1990.
  • Contact with God, Loyola Press, 1991.
  • The Way to Love, 1992.
  • One Minute Nonsense, Loyola University Press, 1992
  • More One Minute Nonsense, Loyola University Press, 1993.
  • Call to Love, Gujarat Sahitya Prakash, 1996
  • Rooted in God, St Pauls, 1997
  • Awakening, Image, 2003.
  • A Way to God for Today, RCL Benziger, 2007
  • Seek God Everywhere, Image, 2010
  • The Prayer of the Frog Vol. 1 & Vol. 2. -

Naisc Sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar