Rinne Apollo 11 (le Neil Armstrong is Edwin Aldrin ar bord) an chéad tuirlingt ar an ngealach i 1969.[1] Siúl ar an ngealach, ba é sin an misean a bhí ag spásairí na Stát Aontaithe agus d'éirigh go geal leo, éacht dochreidte ag an am.

WD Bosca Sonraí Taisteal SpáisApollo 11

Cineál miseanspáseitilt daonna agus tuirlingthe gealach
Oibritheoir   NASA Cuir in eagar ar Wikidata
NSSDCA ID1969-059A
Uimh. SATCAT04039
Fad an mhisin703,115
Airíonna árthaigh
SpásárthachCSM-107
Eagle (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
MonaróirNorth American Aviation
Grumman Cuir in eagar ar Wikidata
Mais
49,734.6 kg

4,931.9 kg Cuir in eagar ar Wikidata
Criú
Cuir in eagar ar Wikidata
Liosta
Liosta
EVA1
Fad EVA2 hours agus 31 minutes Cuir in eagar ar Wikidata
Tús an mhisin
Lainseáil roicéid
Dáta16 Iúil 1969
ÁitKennedy Space Center Launch Complex 39A (en) Aistrigh, Kennedy Space Center Launch Complex 39 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Feithicil lainseáilSaturn V Cuir in eagar ar Wikidata
Deireadh an mhisin
Tuirlingt ar uisce
Dáta24 Iúil 1969
ÁitAn tAigéan Ciúin
13°19′N 169°09′W / 13.32°N 169.15°W / 13.32; -169.15 Cuir in eagar ar Wikidata
Tarrtháilte agUSS Hornet Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhachtaigh fithiseach

Gníomhaíocht fithiseach ar
Comhpháirt miseanCSM-107
Ionsáigh19 Iúil 1969
Dáta meath22 Iúil 1969 Cuir in eagar ar Wikidata
Cineál fithisefithis gealaí
Pearaipsis100.9 km
Apoaipsis122.4 km
Claonadh1.25 °
Tréimhse2 h
Fithisí curtha i gcrích30
Spriocanna

Tuirlingthe gealach
Comhpháirt miseanEagle (en) Aistrigh
Dáta20 Iúil 1969
ÁitMare Tranquillitatis (en) Aistrigh
8°21′N 30°50′E / 8.35°N 30.83°E / 8.35; 30.83
Filleadh21 Iúil 1969 Cuir in eagar ar Wikidata
Cúpláin / feistithe

Cúpláil16 Iúil 1969
Díchúpláil20 Iúil 1969


Cúpláil21 Iúil 1969
Díchúpláil21 Iúil 1969
Cuir in eagar ar Wikidata

Apollo 11

Aistear cuir in eagar

Ar 9.30 a.m. ar an 16 Iúil 1969, d’fhág an spásárthach Apollo 11 Florida agus é ag taisteal 40,000 ciliméadar san uair. Bhí triúr spásairí ar bord, Michael Collins, Buzz Aldrin agus Neil Armstrong, a bhí ina chaptaen ar an spásárthach.

 
Apollo 11

Trí lá tar éis sin, bhí siad ag fithis na gealaí, is é sin ag taisteal timpeall na gealaí. Nuair a bhí siad réidh, chuaigh Armstrong agus Aldrin isteach sa mhodúl gealaí, is é sin an modúl beag taistil a bhí acu ar an spásárthach le tuirlingt ar an ngealach féin.

Shiúil Neil Armstrong ar an ngealach, an chéad duine riamh a rinne sin. Fiche nóiméad tar éis sin, lean Buzz Aldrin é.

Dúirt Collins cúpla seachtain tar éis dó filleadh ar an domhan:

‘Bhí mé imníoch go mór nach dtiocfadh Armstrong agus Aldrin ar ais ón ngealach toisc nach raibh muid cinnte in aon chor an mbeadh an modúl gealaí in ann tuirlingt ar an ngealach mar is ceart. Chomh maith leis sin, mura mbeidís in ann filleadh ar an spásárthach, bheadh orm iad a fhágáil ansin. Chuir sin imní an domhain orm, dáiríre.

 
lorg coise sa ghaineamh, Apollo 11

Ar an dea-uair, ní raibh fadhb ar bith ag na spásairí agus tháinig siad ar ais chugam tar éis sé uair an chloig. Bhí an t-ádh dearg orthu. Ar an 24 Iúil, tháinig siad go léir ar ais chuig an domhan agus thuirling siad ar an Aigéan Ciúin.

 
Shiúil Buzz Aldrin ar an gealach.

Bhí clú agus cáil ar an triúr tar éis sin, go háirithe ar Armstrong agus Aldrin as an turas iontach a rinne siad.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. cogg.ie. "An fear nár shiúil ar an ngealach!". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-02-01. Dáta rochtana: 2021.