Armáid na Spáinne in Éirinn

Bhuail cuid d'Armáid na Spáinne ar chósta na hÉireann de dheasca longa den chabhlach a theacht salach ar an drochshíon taobh thiar d'Éirinn tar éis go ndearna Pilib II na Spáinne iarracht ar ionradh a dhéanamh ar Shasana sa bhliain 1588 (príomhalt: Armáid na Spáinne agus Longa na hArmáide ar chósta na hÉireann).

Gúnna mór ó La Trinidad Valencera agus é faighte i nGleann Uí Dhuibheannaigh, 1971. Anois in Iarsmalann Uladh.

Cabhlach 130 long a bhí ann agus sheol sé ó A Coruña i mí Lúnasa 1588, faoi cheannas Alonso de Guzmán El Bueno, 7ú Diúc Medina Sidonia, chun arm a thabhairt ó Fhlóndras chun Sasana a ionsaí. Chuaigh sé i ngleic leis an namhaid i Muir nIocht, mar ar scaip ionsaí long dóiteáin láimh le Calais é agus ar ruaigeadh isteach sa Mhuir Thuaidh i ndiaidh Chath Gravelines é. Na longa a raibh moill orthu de bharr a raibh de dhíobháil déanta dóibh socraíodh go mbeadh orthu déanamh dóibh féin. Nuair a shroich an cabhlach an Mhuir Thuaidh ní raibh ach 110 long faoi cheannas Medina Sidonia.

Bhí dochar déanta do mhórán acu ag urchair agus bhí lón in easnamh orthu. Chaill longa éigin a gcuid ancairí agus iad ag éalú ó na longa dóiteáin. Chomh maith leis sin, rinne ceannasaithe na hArmáide botún seoltóireachta a d’fhág an cabhlach róghar do chóstaí contúirteacha Atlantacha na hAlban agus na hÉireann.

Rianú an chúrsa cuir in eagar

Chruinnigh ceannasaithe na hArmáide ar an mbratlong. Dúirt cuid acu gur chóir déanamh ar an Ioruaidh agus b’fhearr le cuid eile dul bealach na hÉireann. Rinne Medina Sidonia rogha agus tugadh ordaithe don chabhlach. Bhí sé le dul i dtreo chósta na hIoruaidhe agus seoladh ansin chun fadlíne Shealtainn agus as sin chun Rocal. Dá bhrí sin bheadh sé in ann dul lastall de rinn thuaisceartach Inse Shealtainn agus céad míle slí a choinneáil idir é agus cósta na hAlban. San Atlantach bhí na longa le dul 400 míle slí lastall de bhéal na Sionainne ar chósta thiar na hÉireann, rud a ligfeadh dóibh dul go díreach ó dheas chun na Spáinne.[1]

 
Cúrsa na hArmáide

Bhí sé thar a bheith deacair na horduithe a leanúint. Bhí an aimsir go dona agus bhí drochbhail ar chuid mhaith de na longa. Faoin am ar shroich siad tuaisceart na hAlban bhí roinnt long fágtha gan uisce le ceithre lá dhéag. Bhí buinneach ar a lán daoine agus bhí an bia chomh lofa sin nach ligfeadh an bréantas don fhoireann dul síos sa bhroinn. Bhí na longa plódaithe agus salach.[2] Ní raibh léarscáileanna maithe den Atlantach ag na píolótaí agus bhí siad ag brath ar mharaíocht mheasta.[3]

Theip ar an Armáid dul timpeall thuaisceart Shealtainn ag 61'T. Chuaigh sí idir Inse Oirc agus Inse Shealtainn ach theip uirthi Rocal a bhaint amach. Bhí gaoth aneas ann idir 21 Lúnasa agus 3 Meán Fómhair de bharr frithchioclóin os cionn na Lochlainne, rud a bhac an Armáid ar dhul siar ó dheas mar a ordaíodh. Ní raibh ann ach ceo, cuaifigh agus stoirmeacha.[4]

Rinne Don Juan Martinez de Recalde, ceannasaí an scuaidrín Bhioscánaigh, bád iascaireachta Albanach a ghabháil agus é ag gabháil timpeall thuaisceart Chúige Uladh. Thug sé na hAlbannaigh ar bord agus chuir foireann dá chuid féin isteach sa bhád, agus d’imigh an dá shoitheach le cois a chéile.

 
Léarscáil Mercator na hEorpa; tá cósta thiar na hÉireann ar clé.

Is dócha go ndearna na píolótaí mímheas ar a n-ionad, rud a tharla, is dócha, toisc nach raibh a fhios acu conas a rachadh Sruth na Murascaille i gcoinne an chabhlaigh soir. B’fhéidir gur bhain sé fiche míle slí díobh in aghaidh an lae. Bhí roinnt gaileon ann ach seanlonga trádála a bhí sa chuid is mó den chabhlach agus cóir chogaidh acu, agus bhí siad ag ligean go trom trí phoill urchair nach raibh deisiú ceart déanta orthu.

Bhí dochar mór déanta do na chrainn agus don rigín agus bhí a gcuid ancairí ar bóiléagar. Bhí na fir an-lag agus ba dheacair dóibh na caidéil a oibriú, agus bhí cuid de na longa ag ísliú san uisce.[5] Scaip gála uafásach iad i dtús Mhí Mheán Fómhair. D’imigh a lán long a mbealach féin agus tháinig roinnt acu i radharc na hÉireann.

 
Rocal, oileáinín timpeall 430 ciliméadar siar ó thuaidh ó Dhún na nGall.

Rialtas Shasana cuir in eagar

Ba é William FitzWilliam an Fear Ionaid agus é ina cheann rialtais i mBaile Átha Cliath. Tháinig sé in áit an Ridire John Perrot sa bhliain 1587. Nuair a cuireadh in iúl go raibh an Armáid ar tí teacht chomh fada le hÉirinn tháinig scaoll sna Sasanaigh i mBaile Átha Cliath, agus chuir FitzWilliam scéal á reic go raibh 10,000 saighdiúirí le teacht ó Shasana.

Nuair a tháinig scéala chun Port Láirge agus chun Baile Átha Cliath go raibh longa Spáinneacha ag teacht ar mhullach a chéile i gCúige Uladh, i gCúige Mumhan agus i gCúige Chonnacht, d’ordaigh FitzWilliam go marófaí na Spáinnigh go léir. Ceadaíodh a bhfuíoll a chéasadh agus bhí tréas le cur i leith aon duine a chuideodh leo.

An Armáid cuir in eagar

 
Cionn an Ghabha, Tír Chonaill

D’imigh bratlong an scuaidrín iompair, El Gran Grifón, léi in éineacht le Barca de Amberg, Castillo Negro agus La Trinidad Valencera. Thosaigh Barca de Amberg ag dul go tóin poill ar 1 Meán Fómhair, agus aistríodh fuíoll na foirne, 256 duine, go dtí an dá long eile.

Bhí an aimsir go dona ar an 12/13 Meán Fómhair 1588. Bhí lón de dhíth ar La Trinidad Valencera agus bhí sí ag ligean uisce. Bheartaigh Don Alonzo de Luzón dul i dtír ar lorg bia agus uisce.

Shuigh an long ar sceir ar an 14 Meán Fómhair, tamall amach ó Bhá Chionn an Ghabha i nDún na nGall. Creachadh de Luzón agus na hoifigigh eile ar an trá, ach ligeadh dóibh breis is 400 Spáinneach, Gréagach agus Iodálach a thabhairt i dtír.

Ar an 16 Meán Fómhair, bádh dhá othar is daichead agus os cionn tríocha creachadóir nuair a chuaigh an long go tóin poill.

Shocraigh de Luzón ar dhul trasna leithinis Inis Eoghain ó dheas go dtí Caisleán Ailigh agus as sin chun an chósta chun go bhfaighidís long. Ach tháinig buíon Éireannach de chuid na bainríona rompu, bhí scirmis ann agus rinneadh sléacht ar mhórán acu.[6]

 
"Wreck of one of the Armada Vessels on the Irish Coast," Cassell's Illustrated History of England, Imleabhar 2, lch 54

D’éirigh le fuíoll na foirne Albain a bhaint amach le cabhair ó Shomhairle Buí Ó Domhnaill. Thug na Sasanaigh na hoifigigh Spáinneacha chun Droichead Àtha, ach ba chrua an turas é agus níor tháinig slán ach beirt: de Luzón agus Don Rodrigo Lasso. Tugadh chun Londain iad agus ansin chun na Spáinne de bharr malartú príosúnach sa bhliain 1597.[7]

Bádh gaileon beag, an Trinidad ar an 12 Meán Fómhair amach ó Dhairbhre, Contae Chiarraí, is cosúil.

Cuireadh an phionais mhór San Juan Batista ar ancaire i mBá Thrá Lí amach ón bhFianait ar an 15 Meán Fómhair agus í ag tarraingt an uisce go dona.

Chroch an ridire Edward Denny cuid mhaith den chriú. Chuaigh cúig phionais ar ancaire amach ó Chill Rois i mbéal na Sionainne, in éineacht leis an long Leivantach Anunciada. Ansin tháinig an hulca Barca de Danzig. Bhí Anunciada ag ligean uisce go trom; cuireadh a cuid foirne, gunnaí móra agus lóin isteach in Barca de Danzig agus cuireadh trí thine í.[8]

 
drochaimsir i gCill Rois, Clár

Ar an 19 Meán Fómhair 1588 shuigh San Esteban ag an Dún Beag, lastuaidh de Chill Rois i gContae an Chláir. Bádh dhá chéad fear agus gabhadh seasca.

Bádh long eile (San Marcos, is dócha) in aice le hOileán Caorach. Níor tháinig slán ach ceathrar agus básaíodh iad ar Chnoc an Chrochaire in éineacht le fuíoll fhoireann San Esteban.

Chuaigh an gaileon San Juan de Castilla ar ancaire i mbéal Bhá an Daingin chun go ndeiseofaí í. Bhain sí Santander amach ar an 14 Deireadh Fómhair.

Chuaigh San Juan de Portugal (a raibh os cionn 200 othar an-tinn ar bord aici) ar ancaire ann an lá céanna, agus ansin Santa María de la Rosa, a bádh nuair a pholl carraig faoi uisce í. Cailleadh 300 fear agus chroch na Sasanaigh an t-aon fhear amháin a tháinig i dtír tar éis dóibh é a cheistiú.

Tháinig San Juan Bautista ar an 23 Meán Fómhair agus an crann mór caillte aici. Aistríodh a foireann go dtí San Juan de Portugal agus cuireadh trí thine í. Shroich San Juan de Portugal Bilbao ar 7 Deireadh Fómhair 1588.[9]

La Girona cuir in eagar

 
Dún Libhse.

Idir 16 agus 21 Meán Fómhair bádh trí long ar chósta Chontae Mhaigh Eo – an Leiveantach San Nicholas Prodaneli agus dhá urca, Santiago agus Ciervo Volante. Bádh nó crochadh a bhfoirne.

Tháinig long Don Alonso de Aleyva, Rata Santa María Encoronada, isteach i gCuan an Fhóid Duibh in aice le hOileán Acla. Bhrúigh na sruthanna tréana isteach ar Thrá na Faiche láimh le Baile Chruaich í ar an 21 Meán Fómhair. Bhí Muiris Mac Muiris, mac an tiarna cheannaircigh Séamas Mac Muiris mhic Ghearailt, ar bord, agus is ann a fuair sé bás. Chuir de Leyva an long trí thine agus d’éirigh leis a foireann a thabhairt chun loinge eile, Duquesa Santa Ana, ach shuigh an long sin ag an Ros Beag i nDún na nGall. Bhain de Leyva agus a chuid fear an gailias La Girona amach ag na Cealla Beaga. Deisíodh í agus ar an 26 Deireadh Fómhair 1588 thug de Leyva a aghaidh ar Albain, “having for his pilots three Irishmen and a Scot”.[10]

Bhí os cionn míle mairnéalach agus saighdiúir ar bord agus trí chéad sclábhaí rámhloinge, ach b’éigean dhá chéad fear a fhágáil cois farraige. Dhá lá ina dhiaidh sin briseadh Girona ina dhá leath um meán oíche faoi bhun na Leice Fada i gContae Aontroim. Tháinig naonúr slán (cé gur bádh de Leyva féin) agus fuair siad dídean i nDún Libhse. D’éirigh leo Albain a bhaint amach.[11]

Clabhsúr cuir in eagar

Ar an 22 Meán Fómhair briseadh an bhratlong Bhioscánach El Gran Grin ar sceir amach ó Chliara ar imeall Chuan Mó. Bhain céad fear an t-oileán amach is cosúil. Níl muid ró-chinnte céard a tharla ina dhiaidh sin (scríobh na Sasanaigh an scéal agus ní raibh siad neodrach). B'fhéidir go raibh an captaen, Don Pedro de Mendoza, agus a chuid fir ag iarraidh bád iascaireachta a thógáil chun éalú. Bhí troid ann agus mharaigh an tiarna áitiúil, Dubhdara Rua Ó Máille, ceithre fhear is seasca[12], [13]. Gabhadh na Spáinnigh eile, agus cuireadh chun báis iad i nGaillimh ar an 9 Déireadh Fómhair, faoi ordú William Fitz William, Fear Ionaid na Banríona in Éirinn.

Trí lá ina dhiaidh sin bádh trí long Leivantacha láimh leis an tSrithideach i nDún na nGall: Juliana, Santa María de Visón agus La Lavia. Bádh beagnach míle fear agus bhásaigh saighdiúirí an ridire Richard Bingham timpeall trí chéad duine den fhuíoll.

 
Inis Bó Finne

Shuigh an hulca Falcón Blanco Mediano láimh le hInis na Bó Finne i gContae na Gaillimhe ar an 25 Meán Fómhair. Thug na Flaithbheartaigh dídean dóibh ach thug siad ar láimh Bingham iad nuair a d’fhógair sé siúd go gcrochfaí aon duine a bhí ag cosaint Spáinneach. Bhásaigh an Fear Ionaid FitzWilliam níos déanaí iad.

Briseadh long Bhioscánach, Concepción de Juan de Cano, i gCuan na hAirde in aice le Carna nuair a mheall tinte na gcreachadóirí isteach í.[14]

Swallow cuir in eagar

Bhí eagla ar na húdaráis Shasanacha go raibh buíonta Spáinneacha ag siúl na hÉireann, ach is beag Spáinneach a d’fhan ann. Chuaigh cuid acu ar seirbhís ag Aodh Ó Néill, agus ocht mbliana ina dhiaidh sin bhí ochtar aige fós. Orthu sin bhí Pedro Blanco, fear a tháinig slán ó Juliana agus a bhí anois ina gharda cosanta ag Ó Néill.

Is é an Captaen Francisco de Cuellar a scríobh an cuntas is tábhachtaí ar ar fhulaing na Spáinnigh a tháinig slán ón mbriseadh, a chaith tamall in Éirinn ar a gcoimeád agus a d’fhill ar an Spáinn. Bhí seisean ar an Lavia, long de scuaidrín an Leivant, nuair a briseadh í, agus chonaic sé na hÉireannaigh ag creachadh na bhfear ar éirigh leo teacht i dtír. Shiúil sé ó thuaidh, ag fáil dídine ó mhuintir na háite agus ag seachaint na Sasanach nó ag tabhairt a ndúshláin. D’éirigh leis dul anonn go dtí Albain faoi dheireadh agus an Mhór-Roinn a bhaint amach.[15]

Shábháil an Fear Ionaid FitzWilliam beagnach céad duine uasal chun iad a chur ar fuascailt. D’éirigh le tríocha duine acu éalú agus iad á seoladh ó Bhaile Átha Cliath go Chester i ndeireadh na bliana 1588. Cuireadh isteach sa phionais Swallow iad ach sháraigh siad an criú agus bhain Corunna amach.[16]

Éireannaigh san Armáid cuir in eagar

Ag seo liosta Éireannach a bhí le fáil san Armáid:[17]

John Brown (as Cluain Tairbh)
Patrick Roynane (as Luimneach)
John Burrell (as Droichead Átha)
John Lynch (máistirghunnadóir)
William Brown (mairnéalach)
Edmond Eustace
Cathal Mac Conchubhair
Séamas Mag Fhearadhaigh [James Machary]
Éinrí Ó Riain
Muiris agus Tomás Mac Gearailt
Thomas Aspolle
James ne Dowrough (manach)

Foinsí dúchasacha cuir in eagar

An chuid is mó den eolas atá againn ar Armáid na Spáinne in Éirinn tagann sé ón tseandálaíocht agus ó cháipéisí Spáinneacha agus Sasanacha. Is beag cuntas a thugann foinsí Éireannacha ar an scéal, cé go bhfuil an béaloideas ann.

Sa bhéaloideas chuirtí síos ar an “long mhaol,” soitheach de chuid na hArmáide a briseadh ag Inbhear i gCnocán na Líne. Tháinig sí isteach sa bhá gan chrann mór, agus deirtí gur thug duine den fhoireann taisce óir do shimpleoir de mhuintir na háite agus go ndúirt leis í a chur i bhfolach. Chuir an simpleoir i bportach idir dhá thrá í, áit a bhfuil sí go fóill.[18]

Logainmnaíocht cuir in eagar

Déanann a lán logainmneacha tagairt do theacht na hArmáide. Tá Carraig na Spáinneach le fáil ag Mullach Dearg in aice le Cionn Caslach.

 
Gúnna mór ó La Trinidad Valencera agus é faighte i nGleann Uí Dhuibheannaigh, 1971. Anois in Iarsmalann Uladh.

Sa bhliain 1797 thóg buíon fear roinnt luaidhe agus roinnt gunnaí móra práis ón long Spáinneach a bádh ann. Briseadh suas na gunnaí agus díoladh mar sheanmhiotal iad ar ceithre scilling agus leathphingin an punt. Bailíodh roinnt bonn óir freisin. Céad bliain ina dhiaidh sin ní raibh le feiceáil ann ach mullóg ghainimh.[19]

Annála Ríochta Éireann cuir in eagar

Cuntas gearr a thugann Annála Ríochta Éireann ar eachtra na hArmáide in Éirinn:

Cobhlach mór .i. ocht f-fichit long do thocht ó rígh na Spáinne for fairrge isin m-bliadhain-so, & ad-berad aroile gur bhó h-edh ro ba menmarc leo cuan & caladh do ghabhail h-i c-criochaibh Saxan dia c-caomhsataoís etarbhaoghal d'foghbhail fuirre. Nír bhó h-amhlaidh do-rala dóibh, uair do eccaimh cobhlach na bainrioghna friú for an f-fairrge, & ro gabhsat ceithri longa dibh, & ro sgaoíl & ro eisreidh an chuid ele don chobhlach fo aireraibh na c-crioch c-comhfoccus .i. don taobh thoir do Shaxaibh, & don taobh thoir tuaidh do Albain, & don taoibh thiar tuaidh d'Éirinn. Ro báidhedh dronga móra dona Spainneachaibh isna h-oireraibh-sin iar láin-bhrisedh a long, & terna an chuid ro ba lugha dibh tara n-ais don Spáinn, & at-berat aroile go ro fáccbadh naoí míle dibh don chur-sin. [20]

(Cabhlach mór, i.e. ocht long is fiche a theacht ó Rí na Spáinne ar an bhfarraige an bhliain seo, agus deir daoine éigin gur mhian leo cuan agus caladh a ghabháil i gcríocha Shasana dá bhfaighidís deis chuige. Ní hamhlaidh a tharla dóibh, ó bhuail cabhlach na Banríona leo ar an bhfarraige agus ghabh sé ceithre long, agus scaoileadh agus scaipeadh an chuid eile de chabhlach na Spáinne faoi chósta na gcríoch a bhí i bhfogas dó, i.e. an taobh thoir de Shasana agus an taobh thiar thuaidh d'Albain agus an taobh thiar thuaidh d'Éirinn. Bádh dronga móra de na Spáinnigh ar na cóstaí sin tar éis lánbhriseadh a long, agus tháinig an chuid ba lú díobh ar ais chun na Spáinne, agus deir daoine éigin gur cailleadh naoi míle duine díobh an uair sin.)

Naisc cuir in eagar

Nótaí cuir in eagar

  1. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-09-28. Dáta rochtana: 2014-01-25.
  2. Kilfeather lgh 52-53
  3. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-09-28. Dáta rochtana: 2014-01-25.
  4. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-09-28. Dáta rochtana: 2014-01-25.
  5. Kilfeather, lgh 53-54
  6. Féach cuntas ar an scirmis i litir chun an Tiarna Burleigh ó Richard agus Henry Hovenden (14 September 1588). “Wherupon we (perceiving that they were in nombre above vjc men) did incampe that night within muskett shott of them being in nombre not passing vijxx men and the same night about mydnight did skyrmysh with them for the space of ii houres, and in that skyrmysh did slay their Leuntenant of the feelde and bove xxty more beside the hurting of a great nomber of their men: so as the next day (in skyrmiyshing with them) they were forced to yeld themselves and we lost but one soldior; now O’Donill, and wee are come with some of them to Dongainne meaning to go with them without companyes to yor Lp...” Luaite in Barrow, John, A tour round Ireland, through the sea-coast counties, in the autumn of 1835. London: John Murray 1836.
  7. Hutchinson lgh 182-186
  8. Hutchinson lgh 186-187
  9. Hutchinson, lgh 189-190
  10. The examination of James Machary of the Cross within the county of Tipperary, taken before the Lord Deputy. IRELAND ELIZABETH. 25. I. 99 - KQQ VOL. CXXXIX. Calendar of the State Papers.
  11. Hutchinson lgh 191-193
  12. "Los 300 españoles asesinados en Galway" (es). Armada Invencible (2017-08-24). Dáta rochtana: 2019-09-22.
  13. Anne Chambers (2006-05-02). "Granuaile: Grace O'Malley: Grace O'Malley - Ireland's Pirate Queen" (as en). Gill & Macmillan Ltd. 
  14. Hutchinson, lgh 193-195
  15. Francisco de Cuellar, Carta de uno que fué en la Armada de Ingalaterra y cuenta la jornada: http://www.ucc.ie/celt/published/S108200/index.html
  16. Hutchinson, lgh 197-198
  17. Kilfeather, lch 29
  18. Kilfeather, lch 104
  19. Kilfeather, lgh 112-113
  20. Annála Ríoghachta Éireann, M1588.10 http://celt.ucc.ie/published/T100005E/index.html

Tagairtí cuir in eagar

Calendar of the State Papers relating to Ireland, of the Reigns of Henry VIII, Edward VI, Mary, and Elizabeth

Hutchinson, Robert (2013). The Spanish Armada. Weidenfeld & Nicolson. ISBN 978-0-297-86637-4

Francisco de Cuellar, Carta de uno que fué en la Armada de Ingalaterra y cuenta la jornada

Kilfeather, T.P. (1967). Ireland: Graveyard of the Spanish Armada. Anvil.

Le léamh cuir in eagar

Bagwell, Richard. Ireland under the Tudors; with a succint account of the earlier history. Vol. III. Longmans, Green & Co. 1890

Naisc cuir in eagar

Armáid na Spáinne

Longa na hArmáide ar chósta na hÉireann

Naisc sheachtracha cuir in eagar