Is é Ascar (Sean-Lochlainnis: Ásgarðr "clós na nÆsir") domhan na ndéithe Æsir i Miotaseolaíocht na Lochlannach. Ceapann neart taighdeoirí go bhfuil Ascar ar cheann de na 'naoi ndomhan' a luaitear sa miotaseolaíocht. Tá sé sa tairngreacht go scriosfar é i rith Ragnarök (clapsholas na ndéithe).


Sanasaíocht cuir in eagar

Ciallaíonn áss 'duine de na déithe Æsir' i Sean-Lochlainnis. Is éard is garðr ná ceantar atá dúnta; tá gaol ann idir an focal sin agus garda agus gairdín na Gaeilge agus guard, yard agus garden an Bhéarla. Is leagan galldaithe den chomhfhocal Ásgarðr é Asgard, agus is gaelú de seo é Ascar[1].

Stair Ascair cuir in eagar

Chreideadh na Lochlannaigh gurb áit álainn é Ascar ina raibh cónaí ar na déithe Æsir. Bhí Óidin ina thiarna ar an tír sin.

De réir na miotaseolaíochta, bhí Ascar gan bhalla gan chosaint tráth, ach thug Jötunn (fathach), a mhaígh gurb iontach an gabha é, cuairt ar na hÆsir. Gheall sé go gcuirfeadh sé balla thart ar Ascar taobh istigh de thrí gheimhreadh, dá dtabharfadh na hÆsir an ghrian, an ghealach agus an bandia Frae dó i ndíol ar a chuid oibre. D’aontaigh na déithe leis, ach dúirt siad go gcaithfidh an fathach an balla a chríochnú taobh istigh d’aon gheimhreadh amháin. Tar éis tamaill, bhí an chuma ar an scéal go raibh an fathach agus a chúntóir, sin a stail, Svaðilfari, chun a gcuid oibre a chríochnú in am, rud nach raibh na déithe ag súil leis. Sa chaoi go mbeidís in ann an ghrian, an ghealach agus Frae a choinneáil, rinne an dia Láca láir de féin le draíocht. D’imigh Svaðilfari le dul sa tóir ar an láir, agus ní raibh an fathach in ann an balla a chríochnú gan é féin. Mharaigh Túr an fathach lena chasúr, Mjölnir, agus chríochnaigh na hÆsir féin an balla cosanta. Cúpla mí ina dhiaidh sin, rug Láca searrach, an stail ochtchosach, Sleipnir.

Láithreacha in Ascar cuir in eagar

Bifröst cuir in eagar

Is tuar ceatha é Bifröst atá mar dhroichead idir Ascar na ndéithe agus Miðgarðr na ndaoine. Tairngríodh go scriosfar é ag na fathaigh i rith Ragnarök.

Valhalla agus Fólkvangr cuir in eagar

Cuid de halla Óidin, Glaðsheimr, is ea Valhalla, agus halla Frae is ea Fólkvangr, ina chónaíonn siad siúd a fuair bás sa chogadh. Einherjar atá ar mhuintir Valhalla, agus troidfidh siad in aghaidh an oilc ag Ragnarök. Tá cónaí ar na Vailcírí (bansprideanna a bhailíonn na mairbh i ndiaidh cathanna) i Valhalla freisin.

Tobar Urd cuir in eagar

Tá Tobar Urd suite in aice le fréamh leis an gcrann Yggdrasill. Buaileann na déithe le chéile ann, agus tá cónaí ann ar na Noirn.

Áiteanna eile cuir in eagar

-Bilskírnir, halla Túir

-Himinbjörg, halla Héamdail

-Fensilar, halla Fhroig

-Breiðablikk, halla Baldair

-Glitnir, halla Fhoirseití

-Landvidi, halla Víodair

-Nóatún, halla Nióird

-Sökkvabekkr, halla Shága

-Valaskjalf, halla Vailí

-Ydalir, halla Úllair

-Vingol, halla na mbandéithe

-Tobar Mhimír, ina bhfuil cónaí ar cheann beo an fhathaigh dhea-mhéiniúla, Mimír

Sa chultúr coiteann cuir in eagar

Feictear Ascar sa scannán Thor: Ragnarok (2017) agus i ngreannáin, scannáin, cláir theilifíse, agus físchluichí eile a bhaineann le Cruinne Marvel.

Féach freisin cuir in eagar

-An tAscar, luamh a bhfuil ainm an domhain mhiotasaigh air óir tógadh ag Ioruach é.

  1. https://www.tearma.ie/q/Asgard/