Príomhchathair na hEiritré is ea Asmara, agus é suite in lár na tíre sa chúige Maekel. Sa bhliain 2015 bhí 804,000 duine ina gcónaí ann.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAsmara
ኣስመራ (ti) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 15°20′N 38°55′E / 15.33°N 38.92°E / 15.33; 38.92
Stát ceannasachan Eiritré Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán963,000 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús79.21 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla12,158.1 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde2,325 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1897
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama

Ghabh na hIodálaigh an baile sa bhliain 1889, agus d'aistrigh siad a rialtas ó Massawa, ar an gcósta, go hAsmara sa bhliain 1897. D'fhan siad i gceannas ar an Eiritré go dtí 1941 nuair ghabh na Briotanaigh an chathair agus an tír sa Dara Cogadh Domhanda. D'fhan siadsan ann go dtí 1952, bliain ar cuireadh an Eiritré isteach san Aetóip. Bhain an Eiritré neamhspleáchas amach agus rinneadh príomhchathair na tíre nua de.

Bhí breis is 90,000 Iodálach ina gcónaí in Asmara tráth agus d'fhág siad a gcló ar an gcathair. Ailtireacht nua-aoisí Iodálach an stíl is suntasaí sa chathair go dtí an lá inniu. Tá ainmneacha in Iodáilis ar a lán siopaí, caiféanna, srl sa chathair.

An teanga Tigrinya is mó a labhraítear in Asmara.