Is teideal é Athair na Dála a thugtar ar an Teachta Dála is faide seirbhís gan bhriseadh i nDáil Éireann, beag beann ar an bpost atá ag an duine sin. Is teideal onórach é seo agus níl aon dualgas ná cúram ag baint leis. Is é Éanna Ó Coinnigh 'Athair na Dála' faoi láthair, fear a toghadh chun na Dála ar dtús ar 12 Samhain 1975. Tharla sé breis is uair amháin go raibh an teideal seo á thabhairt ar bheirt ag an am céanna sa Dáil (mar atá le feiceáil thíos).

Daoine éagsúla ar tugadh 'Athair na Dála' orthu cuir in eagar

Ainm Sa Dáil ó Mar Athair na Dála ó Imithe ón Dáil ó Páirtí
Frank Fahy Olltoghchán 1918 4 Feabhra 1948 14 Iúil 1953 Fianna Fáil
Éamon de Valera 23 Meitheamh 1959 Fianna Fáil
Gerald Boland Olltoghchán 1923 23 Meitheamh 1959 4 Deireadh Fómhair 1961 Fianna Fáil
James Ryan 7 Aibreán 1965 Fianna Fáil
Patrick McGilligan 7 Aibreán 1965 Fine Gael
James Everett 18 Nollaig 1967 Páirtí an Lucht Oibre
Thomas McEllistrim 18 Meitheamh 1969 Fianna Fáil
Proinsias Mac Aodhagáin 28 Feabhra 1973 Fianna Fáil
Paddy Smith 5 Iúil 1977 Fianna Fáil
Liam Mac Cosgair Olltoghchán 1943 5 Iúil 1977 11 Meitheamh 1981 Fine Gael
Dan Spring 11 Meitheamh 1981 Páirtí an Lucht Oibre
Oliver J. Flanagan 17 Feabhra 1987 Fine Gael
Neil Blaney Fothoghchán Dhún na nGall Thoir 1948 17 Feabhra 1987 8 Samhain 1995 Fianna Fáil Neamhspleách
Paddy Harte Olltoghchán 1961 8 Samhain 1995 6 Meitheamh 1997 Fine Gael
Seán Treacy 6 Meitheamh 1997 Páirtí an Lucht Oibre
Séamus Pattison 14 Meitheamh 2007 Páirtí an Lucht Oibre
Éanna Ó Coinnigh Fothoghchán Mhaigh Eo Thiar, 1975 14 Meitheamh 2007 Mar 'Athair' faoi láthair Fine Gael

Féach freisin cuir in eagar