Athmhíleatú ar Dhúiche na Réine

Tharla Athmhíleatú ar Dhúiche na Réine ar an 7 Márta 1936, nuair a cháin Adolf Hitler Comhaontú Locarno agus sheol sé 15,000 saighdiúir agus 22,000 póilín ón nGearmáin isteach i nDúiche na Réine. Bhí an réigiún, ar an teorainn leis an Fhrainc, ina chrios maolánach “dímhíleataithe” ag an am sin. Sheas na Comhghuaillithe i leataobh, áfach.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAthmhíleatú ar Dhúiche na Réine
Íomhá
Cineálconspóid idirnáisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana7 Márta 1936 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhDúiche na Réine, An Ghearmáin Cuir in eagar ar Wikidata


Dúiche na Réine
Saoránaigh Ghearmánacha ag beannú do shaighdiúirí na Gearmáine sa bhliain 1936

Imeachtaí cuir in eagar

Ní raibh cead ag arm na Gearmáine dul isteach i nDúiche na Réine faoi Chomhaontú Locarno mar go raibh an Fhrainc buartha faoi ionsaí ón Ghearmáin.

Chuir Adolf Hitler tús leis an chéad sárú míleata ar Chonradh Versailles ar 7 Márta 1936 áfach. D’ordaigh sé do 15,000 saighdiúir (ón Wehrmacht) agus 22,000 póilín dul isteach i nDúiche na Réine. Bhí a fhios ag Hitler go raibh a arm measartha lag go fóill. Mar sin bhí orduithe ag a chuid trúpaí ar an lá sin tarraingt siar dá gcuirfeadh arm na Fraince ina éadan. D’admhaigh Hitler níos déanaí go raibh sé ag dul sa seans nuair a chuir sé a chuid saighdiúirí isteach i nDúiche na Réine

 
Stanley Baldwin

Ní dhearna an Fhrainc ná an Ríocht Aontaithe rud ar bith, áfach. Bhí a fhios acu le feadh tamaill céard a bhí ar intinn Hitler, is cosúil. Gan idirghabháil mhíleata ó na Comhghuaillithe, bhí an lá leis na Naitsithe.

  • I Sasana, bhí an príomh-aire Stanley Baldwin go tréan ina éadan.
  • Bhí uachtarán na Fraince, Albert Sarraut, ag iarraidh dul i mbun aighnis mhíleata. Ach ní raibh an rialtas ar aon intinn agus bhí olltoghchán sa Fhrainc an mhí dár gcionn.

I ndeireadh an lae, bhí polasaí géilleadh chun síthe i bfheidhm ag na Comhghuaillithe ag an am sin.

 
Albert Sarraut, uachtarán na Fraince

Iarmhairtí cuir in eagar

Bhí trúpaí na Gearmáine lonnaithe ar theorainn na Fraince don chéad uair ó bhí deireadh an Chéad Chogaidh Dhomhanda ann. Thóg an Ghearmáin dúnta agus stáisiúin mhíleata ar an teorainn iartharach. Tugadh ‘Balla an Iarthair’ orthu.

Bhí teorainneacha iartharacha a thíre daingnithe ag Hitler gan troid ar bith agus bhí sé ábalta a aird iomlán a dhíriú anois ar theorainneacha oirthearacha na Gearmáine.

I ndiaidh athmhíleatú a dhéanamh ar Dhúiche na Réine, chuir Hitler luas lena pholasaí eachtrach (mar a bhí leagtha síos i Mein Kampf). Faoi Shamhain 1936 bhí conarthaí sínithe aige leis an Iodáil (Ais na Róimhe agus Bheirlín) agus leisan tSeapáin (an Comhaontú FrithComintern).

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. stmarys-belfast.ac.uk. "An Ghearmain Naitsioch". Dáta rochtana: 2020.

Naisc sheachtracha cuir in eagar