Is polaiteoir í Aung San Suu Kyi, a rugadh ar an 19 Meitheamh 1945 i Rangún. Bhí Maenmar á rith aici - is cosúil - ó 2016, go dtí Eanáir 2021.[1] Ba ghníomhaí í ar son an daonlathais agus ceannaire ar an Léig Náisiúnta ar son an Daonlathais[2]. Ba phríosúnach coinsiasa iomráiteach agus tacadóir na frithbheartaíochta síochánta í roimh 2016.

Infotaula de personaAung San Suu Kyi

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(my) အောင်ဆန်းစုကြည်
(en) Aung San Suu Kyi
Beathaisnéis
Breith19 Meitheamh 1945
78 bliana d'aois
Rangún Cuir in eagar ar Wikidata
1 Comhairleoir Stáit (Poblacht Aontas Mhaenmar)
6 Aibreán 2016 – 1 Feabhra 2021
← luach ar iarraidh
Aire Oideachais ( Poblacht Aontas Mhaenmar)
30 Márta 2016 – 5 Aibreán 2016
Aire Gnóthaí Eachtracha ( Poblacht Aontas Mhaenmar)
30 Márta 2016 – 1 Feabhra 2021
← Wunna Maung LwinWunna Maung Lwin →
Aire Oifig an Uachtaráin
30 Márta 2016 –
Ball de chomh-aireacht: National Unity Government of Myanmar (en) Aistrigh
Aire Cumhachta Leictreacha (Poblacht Aontas Mhaenmar)
30 Márta 2016 – 5 Aibreán 2016
Cathaoirleach National League for Democracy (en) Aistrigh
Ball de Theach Ionadaithe Phoblacht Aontas Mhaenmar
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachBamar (en) Aistrigh
Idé-eolaíocht pholaitíochtaNeamhfhoréigean agus civil resistance (en) Aistrigh
ReiligiúnTheravāda (en) Aistrigh
Scoil a d'fhreastail sé/síSchool of Oriental and African Studies, University of London (en) Aistrigh - Burmese literature (en) Aistrigh (1987–luach anaithnid)
St Hugh's College (en) Aistrigh - Fealsúnacht, Polaitíocht, agus Eacnamaíocht (1964–1967)
Lady Shri Ram College for Women (en) Aistrigh - eolaíocht pholaitiúil (1960–1964)
Basic Education High School No. 1 Dagon (en) Aistrigh
Ollscoil Deilí
Convent of Jesus and Mary (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilcéim dochtúireachta
Áit chónaitheInya Lake (en) Aistrigh
Deilí Nua
Oxford
Nua-Eabhrac
Londain
Shimla
Maenmar
Rangún
Teanga dhúchaisAn Bhurmais
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, scríbhneoir, gníomhaí ar son chearta an duine Cuir in eagar ar Wikidata
Fostóirna Náisiúin Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaNational League for Democracy (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Bhurmais
Ghlac sé/sí páirt i
1995Fourth World Conference on Women (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileMichael Aris (1972–1999) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteAlexander Aris, Dannian Kim Arundel Aris Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAung San  agus Khin Kyi
SiblínAung San Oo
Croineolaíocht
Nollaig 2013surgical operation (en) Aistrigh
1 Aibreán 20122012 Myanmar by-elections (en) Aistrigh
13 Bealtaine 2009príosúnacht (Insein Prison (en) Aistrigh)
4 Bealtaine 2009John Yettaw
Meán Fómhair 2003Histireachtóime (Asia Royal Cardiac & Medical Care Centre (en) Aistrigh)
30 Bealtaine 2003-Meán Fómhair 2003príosúnacht (Insein Prison (en) Aistrigh)
20 Iúil 1989-13 Samhain 2010house arrest (en) Aistrigh
1977breith clainne
Depayin massacre (en) Aistrigh
breith clainne
prisoner of conscience (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Veu de Aung San Suu Kyi (Béarla) Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm1238989 Facebook: aungsansuukyi Twitter: OfficialSuuKyi Musicbrainz: 8434591d-0ccd-45c4-8538-dad4f3a61d58 Discogs: 4762072 Cuir in eagar ar Wikidata

Tharla "Glanadh eitneach" sa tír sa bhliain 2017. I mí Eanáir 2021, ghlac an t-arm i Maenmar seilbh ar riaradh na tíre agus cuireadh Aung San Suu Kyi as oifig. Dúirt an t-arm go raibh an toghchán a reáchtáladh sa tír i mí na Samhna 20200 'lochtach'[3] agus tá Aung San Suu Kyi faoi ghlas i gcónaí.

Saol pearsanta cuir in eagar

Rugadh Aung San Suu Kyi ar an 19 Meitheamh 1945. Bhunaigh a hathair, Aung San, arm nua-aimseartha Bhurma agus rinne sé idirbheartú ar son neamhspleáchais Bhurma ón Ríocht Aontaithe i 1947; feallmharaíodh é ag a iomaitheoirí an bhliain chéanna. Ba í an tríú páiste ina clann. Tá a hainm díorthaithe ó ainmneacha triúr ina clann: “Aung San” óna hathair, “Kyi” óna máthair agus “Suu” óna seanmháthair.


Is minic a ghlaotar Daw Aung San Suu Kyi uirthi; ní cuid dá hainm é Daw, ach is ainm ómósach é le haghaidh ban uasal urramach chiallaíonn “aintín” go litriúil. Go diongbháilte, is ionann a hainm tugtha agus a hainm iomlán, ach is féidir Bean Suu Kyi nó an Dr. Suu Kyi a rá, mar leis na siollaí sin, is féidir idirdhealú a dhéanamh idir Aung San Suu Kyi agus a hathair, Ginearál Aung San.

D’éirigh sí aníos lena máthair, Khin Kyi, agus a beirt deartháir, Aung San Lin agus Aung San Oo in Yangon. Bádh an deartháir ceanáin, Aung San Lin, i dtimpiste linne nuair a bhí sí ocht mbliana d’aois. Rinne a deartháir is sinne imirce go San Diego, California, agus ghlac sé saoránacht na Stát Aontaithe. Oileadh Suu Kyi i scoileanna Caitliceacha Sasanacha ar feadh formhór a hóige i mBurma.

 
22 Márta 2012

Tháinig Daw Khin Kyi chun suntasachta mar phearsa pholaitiúil sa rialtas nua Burmach. Rinneadh ambasadóir Bhurma san India di i 1960, agus lean Aung San Suu Kyi í ansin. Grádaíodh í ó Choláiste Bhantiarna Shri Ram i nDeilí Nua i 1964.

Lean Aung San Suu Kyi ar aghaidh lena hoideachas i gColáiste Naomh Aodh, Oxford, agus bhain sí amach céim B.A. i bhfealsúnacht, Polaitíocht agus Eacnamaíocht i 1969 agus Tráchtas i Scoil an Léinn Oirthearach agus Afracach, Ollscoil Londan i 1985. D’oibrigh sí freisin le haghaidh rialtais Aontais Mhaenmar. I 1972, phós Aung San Suu Kyi an Dr. Michael Aris, scoláire ar an gcultúr Tibéadach, a bhí ina chónaí sa Bhútáin. An bhliain dár gcionn rugadh a céad mac, Alexander, i Londain; rugadh a dara mac, Kim, in 1977. Is Búdaí Teireaváda í.

Tús lena saol sa pholaitíocht cuir in eagar

D’fhill Aung San Suu Kyi ar Bhurma i 1988 chun cúram a thabhairt dá máthair bhreoite. Tharla sé mar chomhtheagmhas gur chríochnaigh an ceannaire fadtéarmach den bPáirtí Sóisialach ceannasach, Ginearál Ne Win, a thréimhse i gceannas an bhliain chéanna. Ba é an toradh a bhí air sin ná gur tharla agóidí móra ar son an daonlathais ar 8 Lúnasa 1988 (8-8-88, deirtear gur lá rathúil an lá sin), agus cuireadh na hagóidí faoi chois go foréigneach. Ghlac giunta míleata nua seilbh ar an gcumhacht.

 
2013

Spreag modh síochánta Mahatma Gandhi agus níos mó ná sin, coincheapa Búdaíocha Aung San Suu Kyi baint a bheith aici le polaitíocht chun oibriú ar son an daonlathais. Chuidigh sí an Léig Náisiúnta ar son an Daonlathais a bhunadh ar an 27 Meán Fómhair 1988, agus cuireadh í faoi choinneáil ina teach ar an 20 Iúil 1989. Ofráladh saoirse di dá bhfágfadh sí an tír, ach dhiúltaigh sí.

 
2016 agus Obama ag éisteracht léi

Is é ceann dá hóráidí is iomráití ná an óráid “Saoirse ón Eagla”, a thosaíonn mar a leanas:

“Ní hí an chumhacht an rud a dhéanann truailliú ach an eagla. Truaillíonn an eagla go gcaillfidh siad cumhacht an dream atá i gcumhacht agus truaillíonn faitíos roimh uafás na cumhachta an dream atá faoi chois acu.”
 
ina "laoch", 2014

Tréimhsí faoi choinneáil cuir in eagar

Gafa, 19 Iúil 1989, curtha faoi choinneáil ina teach in Yangon faoi dhlí airm ina bhfuil sé foráilte gur féidir duine a chur faoi choinneáil gan chúiseamh nó triail ar feadh trí bliana.

 
Na Róihinsí sa bhlaiin 2017 (Rohingya)
  • De réir thorthaí an olltoghcháin i 1990, bhí sé de cheart ag Aung San Suu Kyi a bheith mar Phríomh-Aire, toisc go bhfuil sí mar cheannaire ar an bpáirtí a bhuaigh, an Léig Náisiúnta ar son an Daonlathais i mBurma. Ach níor ghlac an réimeas míleata le bua an NLD thiar sa bhliain 1990. Cuireadh toradh an toghcháin sin ar ceal.[4]
  • Críoch leis an gcoinneáil ina teach, 10 Iúil 1995
  • Gafa, 23 Meán Fómhair 2000, curtha faoi choinneáil ina teach
  • Críoch leis an gcoinneáil ina teach, 6 Bealtaine 2002, Scaoilte saor tar éis 19 mí
  • Gafa, 30 Bealtaine 2003; tar éis ár Depayin bhí sí faoi choinneáil rúnda ar feadh breis is 3 mhí roimh a bheith curtha faoi choinneáil ina teach arís
  • 25 Bealtaine 2007, beartaíodh í a choimeád faoi choinneáil ina teach ar feadh bliana eile
  • 24 Deireadh Fómhair 2007, bhí sí tar éis a bheith faoi choinneáil ina teach ar feadh 12 bhliain, agóidí dlúthpháirtíochta i 12 cathair ar fud an domhain, Burma Campaign UK
  • 27 Bealtaine 2008, bheartaigh giunta míleata Mhaenmar í a choimeád faoi choinneáil tí ar feadh bliana eile.
 
agóidí i mBangkok, 2021

2007 agóidí in aghaidh an rialtais cuir in eagar

Thosaigh agóidí, a bhí treoraithe ag manaigh Bhúdaíocha, ar an 19 Lúnasa 2007 i ndiaidh méadú mór i bpraghas an bhreosla, agus lean siad ar aghaidh gach lá, in ainneoin go raibh bagairt chniogbheartaíocht an airm.[5]

Dé Sathairn, 22 Meán Fómhair 2007, cé go raibh sí faoi faoi choinneáil ina teach, tháinig Suu Kyi go dtí geata a tí in Yangon ar feadh tréimhse ghairid chun beannachtaí na manach a bhí ag máirseáil ar son chearta an duine a ghlacadh.

Tuairiscíodh gur bogadh í an lá dár gcionn go Príosún Insein (áit ar cuireadh í faoi choinneáil in 2003), ach léiríodh go raibh sí fós faoi choinneáil ina teach toisc cruinnithe le Ibrahim Gambari, toscaire na Náisiún Aontaithe, in aice an tí in Yangon ar an 30 Meán Fómhair agus 2 Deireadh Fómhair.

 
agóidí i Maenmar, 2021

"Príomh-aire' cuir in eagar

Reáchtáladh olltoghchán sa bhliain 2015. Ach ní raibh cead ag an nach mór milliún Moslamach Rohingya, a bhfuil cónaí orthu in iarthar Maenmar, páirt a ghlacadh sa toghchán seo.[4]

 
póstaer a rinne tacadóir sa bhliain 2015

Bhí an lá le Aung San Suu Kyi ar 10 Samhain 2015

Ghlac an deachtóireacht mhíleata le bua páirtí Aung San Suu Kyi, an Conradh Náisiúnta ar son an Daonlathais.

Ar an 6 Aibreán 2016, ceapadh Aung San Suu Kyi mar "State Counsellor" nó príomhaire.

Glanadh eitneach, 2017-2018 cuir in eagar

Sa bhliain 2017, theith na céadta míle Róihinse (Rohingya), pobal Moslamach a raibh géarleanúint á déanamh orthu i Maenmar, thar teorainn go dtí an Bhanglaidéis. Cuireadh glanadh eitneach i leith arm Mhaenmar[6] agus cáineadh ceannaire de facto na tíre Aung San Suu Kyi go géar toisc nach ndearna sí tada, is cosúil, chun na Róihinsí a chosc.[7]

Coup d'état, 2021 cuir in eagar

Ar 1 Feabhra 2021, ghlac an t-arm i Maenmar seilbh ar riaradh na tíre. Cuireadh Aung San Suu Kyi faoi ghlas. Dúirt an t-arm go raibh an toghchán a reáchtáladh sa tír i mí na Samhna 20200 'lochtach'.[1]

Bhí staid éigeandála fógraithe sa tír 'go ceann tamaill' ach níor thug an ceannasaí airm, Min Aung Hlaing, aon leide maidir le cén uair a thiocfadh deiridh leis, agus go reáchtáiltí toghchán nua.

Cúlra cuir in eagar

Creideann na saighdiúirí go bhfuil sé de cheart acu a bheith faoi réim de bharr a ndiansaothair agus a bhfulaingíonn siad ar son a dtíre.[8] Creideann siad i ‘mbealach Burmach’ ar leith atá naimhdeach do pholaiteoirí agus do pháirtithe. Níl sna heasaontóirí agus i lucht déanta léirsithe ach brabúsaithe leisciúla. Seo é an dearcadh a fhágann na ginearáil scoite amach ón bpobal.[8]

Iarmhairtí cuir in eagar

Bhí beartas an airm in aghaidh Aung San Suu Kyi cáinte ag Ard Rúnaí na Náisiún Aontaithe, Antonio Guterres, ag iarraidh go gcuirfí i bhfeidhm toil na ndaoine mar a léiríodh é sa toghchán sa bhliain 2020.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha,Simon Coveney, go raibh an coup 'frithdhaonlathach', 'gur chóir dul siar air láithreach' agus go dtugann an coup an tír ar ais ag na laethanta dorcha roimh 2011.[1]

Onóracha cuir in eagar

Bhuaigh Aung San Suu Kyi Duais Rafto agus Duais Sakharov ar son Saoirse Smaointeoireachta i 1990 agus Duais Nobel na Síochána sa bhliain 1991.

I 1992 bhronn rialtas na hIndia duais Jawaharlal Nehru don tsíocháin uirthi le haghaidh coimhlinte síochánta faoi dheachtóireacht mhíleata.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 Nuacht RTÉ (2021-02-01). "Coup míleata i Maenmar cáinte ag an Rialtas anseo" (as en). 
  2. National League for Democracy (NLD)
  3. Nuacht RTÉ (2021-02-01). "Coup míleata i Maenmar cáinte ag an Rialtas anseo" (as en). 
  4. 4.0 4.1 Alex Hijmans (2015). "Maenmar: an chéad chéim ar aistear fada" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-04-06.
  5. "Muintir Rohingya" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2019-05-01.
  6. Irish Independent (MF 2017). "Cé hiad an pobal Róihinse?". Dáta rochtana: 2018.
  7. Alex Hijmans (Nollaig 2017). "NUACHT IDIRNÁISIÚNTA: Ní raibh sí ainnis ar fad ach bhí sí sách gránna: súil siar ar 2017" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-04-06.
  8. 8.0 8.1 Colin Ryan. "Buarthaí Bhurma Anailís ag Colin Ryan ar chás reatha na tíre" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2021-04-06.