Báetán mac Ninnedo

rí Éireannach

Chineál Chonaill de chlann Uí Néill an Tuaiscirt, agus i roinnt foinsí Rí na Teamhrach, ba ea Baodán mac Ninneadha (Sean-Ghaeilge Báetán mac Ninnedo) (bás 586). Ninnidh mac Duach (beo 561–563) ba ea a athair, agus Conall Gulban (bás 464) a shin-sean-athair.[1][2] Ba bhall é de Chineál Duach.

Infotaula de personaBáetán mac Ninnedo
Beathaisnéis
Breith6 haois
Bás586 (Féilire Ghréagóra)
Ardrí na hÉireann
572 – 586
← Eochaidh mac Domhnaill, Baotán mac MuircheartaighAodh mac Ainmhireach → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairNinnid (?)

Dáileadh ríogacht na Teamhrach idir Cineál Eoghain agus Cineál Chonaill i ndeireadh na 6ú haoise.[3] Is deacair é réimeas Bhaodáin a fhuascailt ó réimeas a chol seisir níos óige, Aodh mac Ainmhireach (bás 598). Tugtar achair éagsúla le réimeas Aodha sna ríliostaí, a chuireann in úil uile go raibh tús a réimis roimh bhás Bhaodáin.[4] Fágtar an bheirt ríthe ar lár as Buile Choinn, an ríliosta is luaite as deireadh na 7ú haoise, ach is dóigh gur dréacht claonpháirteach é seo.[5] D'fhéadfadh é nach raibh Baodán i ndáiríre ina ard-rí, ach gur thug bréagstaraí níos deireanaí an teideal dó chun leithscéal a thabhairt faoin bhfíor-réimeas Bhaodán mhic Cairill (bás 581) de Dhál Fhiatach mar ardrí.[6] Pé scéal é, níor tugadh dó ach réimeas aon bhliain sna ríliostaí. Cé acu an raibh ardrí é Baodán nó nach raibh, bhí an chumhacht i ndáiríre ag Aodh mac Ainmhireach ón mbliain 572 ar aghaidh.[7]

Maraíodh Baodán sa bhliain 586 ag Léim an Eich, spreagtha ag Colmán Beag (bás 587), rí Uisnigh Uí Néill an Deiscirt, a raibh súil aige ar an ard-ríogacht.[8][9][10]

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Mac Niocaill, Gearoid (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan

Tagairtí cuir in eagar

  1. Byrne, Tábla 4, Aguisín IV
  2. Mac Niocaill, lch. 81
  3. Charles-Edwards, ll. 494–495
  4. Charles-Edwards, lch. 487
  5. Charles-Edwards, lch. 491
  6. Byrne, lch. 114
  7. Mac Niocaill, lch. 72
  8. Annála Uladh, AU 586.1
  9. Annála Tiarnaigh, AT 584.1
  10. Mac Niocaill, lch. 80
Réamhtheachtaí
Ainmuire mac Sétnai
Ard-Rí na hÉireann
567
Comharba
Áed mac Ainmuirech