Is conair an Iarannaois suite i gContae an Longfoirt é Bóthar Chorr Liath. Tógadh an bóthar seo ón Iarannaois i 148 RCh. Bóthar na Lochlannach a thugtar air go háitiúil, agus is é an ceann is mó dá shórt é a nochtadh san Eoraip.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Bóthar Chorr Liath
Íomhá
Sonraí
CineálSuíomh seandálaíochta
Map
 53°37′36″N 7°51′12″W / 53.62675°N 7.85344°W / 53.62675; -7.85344
Bóthar Chorr Liath

D’fhéadfadh sé gur bóthar searmanach a bhí ann, a cheangail Cnoc Uisnigh, lárionad deasghnách na hÉireann, agus suíomh ríoga Ráth Cruachan.

Is as cláir throma dharach a rinneadh an chonair, agus slogadh síos sa phortach iad tar éis tamall gearr. Dá bharr sin, níorbh fhéidir í a úsáid, ar ndóigh, ach mar thoradh air sin freisin, d’fhan an chonair sa phortach agus í caomhnaithe go hiomlán ar feadh dhá mhíle bliain ina dhiaidh sin.

Taobh istigh den ionad léirithe, tá stráice den déanmhas ársa adhmaid, atá 18 méadar ar fad, ar taispeáint go buan i halla a dearadh go speisialta chun é a chaomhnú. Tapaigh an deis chun an t-iarsma iontach seo ónár seanstair a fheiceáil.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Barry Raftery (1987). "Ancient Trackways in Corlea Bog, Co. Longford". Archaeology Ireland 1 (2): 60–64. ISSN 0790-892X. 

Naisc sheachtracha cuir in eagar