Baile Uí Dhálaigh, Contae Thír Eoghain

Is sráidbhaile é Baile Uí Dhálaigh (Béarla: BallygawleyBallygawly ) atá suite i gContae Thír Eoghain, Éire.[1]

Bosca Geografaíocht PholaitiúilBaile Uí Dhálaigh, Contae Thír Eoghain

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°27′42″N 7°01′41″W / 54.4618°N 7.028°W / 54.4618; -7.028
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheTuaisceart Éireann
Contae i dTuaisceart na hÉireannContae Thír Eoghain Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistBT71 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama

Tíreolaíocht cuir in eagar

Tá an bhaile suite thart fá 21 chiliméadar siar ó dheas de Dhún Geanainn, agus ó thuaidh den chrosbhealach an A5 (N2) ó Bhaile Átha Cliath go Doire, agus an A4 (N16) ó Bhéal Feirste go Sligeach ag an timpeallán Bhaile Uí Dhálaigh, a sheachthreorann an sráidbhaile.

Tá an baile suite i gComhairle Bhuirg Dhún Geanainn agus Tír Eoghain Theas. Comhchruinneann an sráidbhaile thart ar dhá shráid atá ar chruth 'L', an Príomhshráid agus Sráid na hEaglaise.

Tógadh roinnt eastáit ar imeall an bhaile ar na maillaibh, ar nós Páirc an Ghráinseach agus Siúlán Lios Congail.

Daonra cuir in eagar

 

Bhí 642 dhuine ina gcónaí ansin de réir an daonáireamh i 2001.

Tá an chuid is mó de áiseanna an bhaile suite i lár an sráidbhaile, trí thíthe phobail, dhá bhunscoileanna, agus neart ghnólachtaí ina measc.

Tá trí scoil suite sa bhaile; Bunscoil Naomh Muire, Bunscoil Riachmóin, agus Ardscoil Naomh Ciarán.

 
Church Road

Na Trioblóidí cuir in eagar

Ar an 7 Nollaig 1985, maraíodh beirt RUC i mBaile Uí Dhálaigh nuair a d'ionsaigh an IRA an beairic.

Ar an 20 Lúnasa 1988,[2] maraíodh 8 saighdiúir i mBaile Uí Dhálaigh agus gortaíodh 28, nuair a phléasc buama de chuid an IRA, buama seiftithe fágtha ar thaobh an bhóthair.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Baile Uí Dhálaigh/Ballygawley" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-08-20.
  2. Youtube. "Ballygawley bus bomb survivor returns to NI after 27 years" (as en).