Bailte Seirbhíse Gaeltachta

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, tugtar Bailte Seirbhíse Gaeltachta (nó Gaeltacht Service Towns as Béarla) ar na bailte sin atá suite i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta nó taobh leo agus a bhfuil ról suntasach acu maidir le seirbhísí poiblí, saoráidí áineasa, sóisialta agus tráchtála a sholáthar do na limistéir sin.[1]

Cathair na Gaillimhe
Cathair Chorcaí
Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall
Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo
An Uaimh, Co. na Mí
Dún Garbhán, Co. Phort Láirge

Is cuspóir Acht na Gaeltachta féachaint conas is féidir an tionchar dearfach atá na bailte seo in ann a imirt ar an nGaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht a chothú agus a threisiú.

Tá an t-aitheantas chun a bheith mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta roghnaithe as Údarás na Gaeltachta taobh istigh de na nGaeltachtaí agus ag Foras na Gaeilge sa chuid eile den dtír. Anois tá 16 bailte le Chathair Chorcaí agus Cathair na Gaillimhe san áireamh pioctha mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta. Bhí sé aontaithe le Foras na Gaeilge agus le hÚdarás na Gaeltachta go ndíreofar i dtús báire ar Chathair na Gaillimhe, Leitir Ceanainn agus Daingean Uí Chúis.[2][3] Ó shin i leith tá stádas mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta bronnta ar An Clochán Liath, Baile Dhún na nGall, Maigh Chromtha, Caisleán an Bharraigh, Béal an Mhuirthead, Baile an Róba, An Clochán, An Uaimh,Baile Átha Buí, Dún Garbhán, Trá Lí agus Cathair Saidhbhín freisin.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Bailte Seirbhíse Gaeltachta -An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta
  2. Bailte Seirbhíse Gaeltachta Ceisteanna Coitianta -An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta
  3. Bailte Seirbhíse Gaeltachta Curtha i gcartlann 2018-08-31 ar an Wayback Machine -Údarás na Gaeltachta