Banda fíocháin chrua a cheanglaíonn cnámha (trasna ailt, mar shampla) nó a thacaíonn le horgáin inmheánacha (ballnaisc an pheireatóinéim mar shampla). De ghnáth is as collaigin dhoshínte, eagraithe i mburlaí comhthreomhara, a bhíonn na ballnaisc comhdhéanta, ach i gcuid acu bíonn fíochán leaisteach a ligeann le gluaiseacht theoranta. Nuair a bhaineann siad le hailt, athraíonn siad ó ramhrú chochall an ailt go dtí struchtúir thábhachtacha taobh istigh is amuigh den chochall, le tiús a athraíonn i gcomhréir leis na fórsaí is gá dóibh a sheasamh. Feidhmíonn siad chun réabadh meicniúil an ailt a sheachaint, agus mar orgáin chéadfacha chun gluaiseacht is ionad an ailt a bhrath.[1]

WD Bosca Sonraí AnatamaíochtBallnasc
Sonraí
Laidinligamenta
Aitheantóirí
MeSHD008022
TAA03.0.00.034
FMA30319 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
EB Onlinescience/ligament
Téarmaíocht anatamaíoch

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Ballnasc". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 61.