Stíl san ealaín, san ailtireacht agus sa cheol a bhí chun tosaigh sa 17ú-18ú céad. Bhí foirmeacha cuarlíneacha is maisiúchán ornáideach sainiúil don tréimhse is iad i gceapacháin, go minic ar ollscála agus ar mhodh fíorchasta. I measc na gcleachtóirí bhí na hailtirí Borromini is Le Vau, agus an dealbhóir Bernini. An stíl seo atá léirithe sa phéintéireacht i saothar drámata gealdorcha Caravaggio is Rubens. Bhain an ealaín Bharócach go láidir leis an Rí Louis XIV sa bhFrainc is a chúirt, ach scaip ar fud iarthar na hEorpa freisin. Athraíodh chuig stíl Rocócó go luath san 18ú céad.[1]

Barócach

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Barócach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 63.