Is éard atá sa bharrachód ná patrún línte is barraí comhthreomhara. Sainíonn líon na línte, a dtiús is tiús na spásanna eatarthu an t-eolas atá sa chód. Is modh é chun earraí i siopaí a lipéadú ionas gur féidir a n-ainmneacha is a bpraghsanna a léamh go huathoibríoch ag an gcuntar amach.

Barrachód UPC-A

Bíonn dhá líne thanaí ag an dá thaobh den phatrún chun na himill a chur in iúl. Bíonn dís eile mar sin i lár baill, ag déanamh idirdhealú idir ainm an earra is a phraghas. Léitear an patrún le scanóir. Scanann léas tanaí léasarsholais trasna an phatrúin, agus glacann cill fhótaileictreach an solas a fhrithchaitear ón bpatrún.

Bíonn an comhartha a ghlactar cosúil le cód Morse, agus déanann ríomhaire an patrún a aithint go han-tapa. Leis an eolas seo suimíonn an ríomhaire ainm is praghas an earra le bille an chustaiméara, dealaíonn an t-earra ó fhardal an tsiopa, agus má tá an fardal sin ag dul i léig tugann sé rabhadh don bhainisteoir gur gá a thuilleadh de a sholáthar do na seilfeanna.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Barrachód". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 63.