Ben Johnson

rábálaí Ceanadach

Is iar-rábálaí Ceanadach é Benjamin Sinclair Johnson (a rugadh 30 Nollaig 1961). Idir 1987 agus 1988, ba é an fear is gasta ar domhan, agus sháraigh sé curiarracht an domhain sa 100m agus sa 60m taobh istigh. Bhuaigh sé bonn óir sa 100m ag Craobhchomórtas an Domhain IAAF sa bhliain 1987. Bhuaigh sé an 100m an bhliain dár gcionn i gCluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1988, ach dícháilíodh é nuair a chlis air sa tástáil drugaí tar éis an rása.

Infotaula de personaBen Johnson

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith30 Nollaig 1961
62 bliana d'aois
Paróiste Trelawny Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síSenator O'Connor College School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheMarkham
Meáchan75 kg
Airde177 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiomaitheoir lúthchleasaíochta, rábálaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Spórtlúthchleasaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Disciplín spóirt100 méadar Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
1992Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1992
1988Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1988
1984Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1984 Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
23 Meán Fómhair 1988-24 Meán Fómhair 1988athletics at the 1988 Summer Olympics – men's 100 metres (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

World Athletics: 14348248 Olympic.org: ben-johnson Cuir in eagar ar Wikidata

Beathaisnéis cuir in eagar

Cúlra cuir in eagar

Rugadh Ben Johnson in Falmouth, Iamáice, agus chuaigh sé ar imirce go Ceanada sa bhliain 1976;[1] bhí sé ina chónaí i Scarborough, Ontario.

Bhuail Johnson leis an traenálaí Charlie Francis agus chuaigh sé isteach i gclub lúthchleasaíochta na Scarborough Optimists a bhí ag traenáil in Ollscoil York. Bhí Francis ina churadh náisiúnta Ceanadach sa 100m trí huaire (1970, 1971 agus 1973) agus bhí sé ina bhall d'fhoireann Cheanada do Chluichí Oilimpeacha an tSamhraidh i München sa bhliain 1972. Ba é Francis an príomhthraenálaí raibeála ar fhoireann náisiúnta Cheanada ar feadh naoi mbliana freisin.

Bhain Johnson cáil amach den chéad uair sa bhliain 1982 nuair a bhuaigh sé dhá bhonn airgid ag Cluichí an Chomhlathais in Brisbane na hAstráile. Chríochnaigh sé taobh thiar den rábálaí Albanach Allan Wells sa 100m agus bhí sé ina bhall d'fhoireann sealaíochta Cheanada sa 4×100m a chríochnaigh taobh thiar den Nigéir. Níor éirigh rómhaith leis ag Craobhchomórtas an Domhain i Heilsincí sa bhliain 1983, áit ar cuireadh as an iomaíocht é sna babhtaí leathcheannais, ná ag na Cluichí Pan-Mheiriceánacha in Caracas sa bhliain chéanna, áit ar chríochaigh sé sa chúigiú háit sa 100m.

Ag Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh i Los Angeles sa bhliain 1984, shroich sé an babhta ceannais sa 100m; tar éis tosú lochtach, bhuaigh sé an bonn cré-umha taobh thiar de Carl Lewis agus Sam Graddy. Bhuaigh sé bonn cré-umha eile le foireann sealaíochta Cheanada sa 4×100m, i gcomhar le Tony Sharpe, Desai Williams, agus Sterling Hinds. Faoi dheireadh shéasúr 1984, bhí sé soiléir gurb é Johnson an rábálaí is fearr i gCeanada, agus ar 22 Lúnasa i Zürich na Eilvéis, rith sé an 100m in 10.12, am a sháraigh curiarracht náisiúnta Cheanada a bhí ag Desai Williams (10.17).

Sa bhliain 1985, fuair Johnson an lámh in uachtar ar Carl Lewis den chéad uair, agus bhuaigh sé air arís an bhliain dár gcionn ag na Goodwill Games, nuair a rith sé an 100m in 9.95 (bhí Lewis sa 3ú háit in 10.06). Sháraigh sé an curiarracht domhanda sa rás 60m sa bhliain 1986 freisin, le 6.50 soicind.[2] Bhuaigh sé bonn óir sa 100m ag Cluichí an Chomhlathais i nDún Éideann, ag fáil an ceann is fearr ar Linford Christie. Bhí Johnson ina bhall d'fhoireann sealaíochta Cheanada sa 4x100m a bhuaigh an bonn óir, agus fuair sé an bonn cré-umha sa 200m. Thart ar an am seo, dúirt an rábálaí Mike Dwyer gur chreid sé go raibh go leor rábálaithe Ceanadacha ag baint leas as drugaí, go háirithe iad siúd a bhí ag traenáil i gceantar Toronto. Léirigh an lúthchleasaí Atlee Mahorn an tuairim chéanna.[3]

Fuair Johnson an lámh in uachtar ar Carl Lewis sa cheithre rás eatarthu roimh Chraobhchomórtas an Domhain i 1987, agus dá bharr sin, ba é Johnson rogha na coitiantachta. Ag an gCraobhchomórtas féin sa Róimh, bhain sé clú agus cáil dhomhanda amach nuair a fuair sé an ceann is fearr ar Lewis arís, ag buachan an bhoinn óir, agus ag sárú churiarracht an domhain le 9.83 soicind — 0.1 soicind níos fearr ná an sean-churiarracht a bhí ag Calvin Smith.

Sa bhliain 1988, buaileadh cúpla buille ar Johnson ina ghairm lúthchleasaíochta. I mí Feabhra na bliana sin, tharraing sé teannán na hioscaide, agus i mí na Bealtaine ghortaigh sé an teannán céanna arís. Ar 17 Lúnasa 1988, in Zürich, chuaigh Johnson agus Lewis in éadan a chéile den chéad uair ó Chraobhchomórtas an Domhain 1987; bhuaigh Lewis i 9.93, agus chríochnaigh Johnson sa tríú háit i 10.00. “Is liomsa an bonn óir Oilimpeach sa 100 méadar,” a dúirt Lewis. "Ní bhfaighidh Johnson an ceann is fearr orm arís go deo.”[4]

Cluichí Oilimpeacha 1988 cuir in eagar

Ar 24 Meán Fómhair 1988, bhuaigh Johnson an cluiche ceannais sa 100m ag Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh i Súl na Cóiré Theas; rith sé an rás i 9.79 soicind, am a sháraigh a churiarracht dhomhanda féin ón Róimh sa bhliain roimhe sin. Ba é an chéad rábálaí as Ceanada a bhuaigh an 100m ag na Cluichí Oilimpeacha ó Percy Williams sa bhliain 1928. Dúirt Johnson níos déanaí go mbeadh sé fiú níos tapúla mura n-ardódh sé a lámh san aer díreach sula ndeachaidh sé thar an líne chríche.[5]

Mar sin féin, fuair Park Jong-sei ón Lárionad Oilimpeach um Rialú Dópála go raibh stanozolol i sampla fuail Johnson, agus dícháilíodh é trí lá tar éis an rása.[6] D'admhaigh Johnson níos déanaí gur bhain sé úsáid as stéaróidigh nuair a rith sé a churiarracht dhomhanda sa bhliain 1987 freisin, agus chuir an IAAF an churiarracht sin ar ceal freisin. Dúirt Johnson agus Charlie Francis gur bhain siad úsáid as drugaí chun fanacht ar comhchéim leis na lúthchleasaithe eile is fearr. Nuair a thug Francis fianaise d'fhiosrúchán Dubin ar úsáid drugaí sa spórt, dúirt sé go raibh Johnson ar an iliomad caimiléirí sa lúthchleasaíocht, agus tharla sé gurbh é an duine ar rug na húdaráis air. Is minic a dtugtar “an rás is salaí riamh” ar an mbabhta ceannais 100m sna Cluichí Oilimpeacha i Súl — ní raibh ach beirt fhear as ochtar sa rás nár theip tástáil drugaí orthu riamh ina ghairm phroifisiúnta, Calvin Smith agus Robson da Silva.[7][8][9]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Marsh, James H. (October 31, 2014). “Ben Johnson”. The Canadian Encyclopedia. Historica Canada. Dáta rochtana: 25 May 2020.
  2. "Johnson, Bubka Set Indoor Records" (January 16, 1986). 
  3. "Sprinter Says Drug Use at epidemic proportions".
  4. Slot, Owen (September 22, 2003). "Ambition, naivety and tantalising prospect of inheriting the world". Times of London. Dáta rochtana: November 2, 2021.
  5. 1988 Olympic 100m Final”. Youtube.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-12-12. Dáta rochtana: October 25, 2011.
  6. Johnson, William Oscar (October 3, 1988). "The Loser". Sports Illustrated. Dáta rochtana: November 2, 2021.
  7. "Hero or villain? Ben Johnson and the dirtiest race in history". Dáta rochtana: 29 July 2021.
  8. Why the Men's 1988 100m Olympic Final Has Serious Competition for 'Dirtiest Race in History' Tag”. Eurosport (July 21, 2016). Dáta rochtana: 26 December 2021.
  9. Westbury, Isabelle (March 7, 2016). “The dirtiest race in history?”. Sports Integrity Initiative. Dáta rochtana: 26 December 2021.