Berkeley, California

cathair i gCalifornia, SAM

Cathair in iarthar-lár California is ea Berkeley. Tá sé suite ar bhruach thoir Bhá San Francisco i dtuaisceart Chontae Alameda. Tá sé ainmnithe i ndiaidh George Berkeley, easpag agus fealsamh Éireannach ón 18ú haois. Tá sé ag críochantaíocht le Oakland agus Emeryville ó dheas agus le Albany agus le Kensington ó thuaidh. Ar an taobh thoir, tá Berkeley ag críochantaíocht le Contae Contra Costa, teorainn a leanann barr dhroim Chnoic Berkeley a bheagán nó a mhórán. Sa bhliain 2010 fuarthas 112,580 duine ina gcónaí in Berkeley.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilBerkeley, California
Berkeley (en) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósGeorge Berkeley Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 37°52′13″N 122°16′05″W / 37.8703°N 122.2681°W / 37.8703; -122.2681
Stát ceannasachStáit Aontaithe Mheiriceá
Stát sna Stáit AontaitheCalifornia
County of California (en) AistrighContae Alameda, California Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán124,321 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús2,713.15 hab./km²
Líon na dteaghlach45,884 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Located in statistical territorial entity (en) AistrighLimistéar Chuan San Francisco Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla45.821691 km² Cuir in eagar ar Wikidata
• Uisce40.834 % Cuir in eagar ar Wikidata
Airde52 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú1866
Eagraíocht pholaitiúil
• Ceannaire an rialtaisJesse Arreguín (2016–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist94704, 94703 agus 94702 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód510 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinberkeleyca.gov Cuir in eagar ar Wikidata

Tá an campas is sine i gcóras Ollscoil California (.i. Ollscoil California, Berkeley, suite in Berkeley, agus tá Saotharlann Náisiúnta Lawrence Berkeley sa chathair freisin. Tá an Graduate Theological Union, atá ar cheann de na hinsitiúidí léinn reiligiúnda is mó ar domhan, in Berkeley chomh maith. Tá an clú ar an gcathair go bhfuil an liobrálachas sóisialta in ardréim inti.

Stair cuir in eagar

 
Sa bhliain 2015 thit balcón den áraslann seo i mBerkeley. Fuair seisear Gael bás.

Bhí an banda Chochenyo/Huchiun den phobal Ohlone ina gcónaí ar shuíomh na cathrach nuair a tháinig na chéad Eorpaigh. Tá poill i leaca le feiceáil fós ina meilidís dearcán. Tá cuid de charn sliogán a d'fhág na bundúchasaigh ar an gcósta chomh maith. Bhain Sluaíocht De Anza, faoi bhratach na Spáinne an áit amach sa bhliain 1776 (cé gur daoine de shliocht measctha ab ea formhór na ndaoine sa ghrúpa úd). Rainse mór Spáinneach, ar le Luis Peralta agus a chuid mac, a bhí ann gur tháinig slua mór Meiriceánach agus eachtrannach eile sa bhliain 1848 (Ruaig an Óir California) agus sna blianta ina diaidh sin. Ionchorpraíodh Berkeley mar chathair sa bhliain 1878 agus tugadh cairt don chathair sa bhliain 1895.

Rinneadh an dúil sin beircéiliam den chéad uair ag baint úsáide as cioglatrón 60-orlach in UC Berkeley. Ainmníodh é sa bhliain 1949 mar aitheantas ar an ollscoil.

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar