Bernadette Devlin (McAliskey)

Tá cáil ar Bernadette Devlin (nó Bernadette McAliskey mar a ghlaotar uirthi uaireanta) mar an bhean is óige le bheith tofa i bParlaimint na Breataine.[1]

Infotaula de personaBernadette Devlin

(1986) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Bernadette McAliskey
Beathaisnéis
Breith23 Aibreán 1947
76 bliana d'aois
An Chorr Chríochach, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Ball den 45ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
Deireadh Fómhair 1970 – 8 Feabhra 1974 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Lár Uladh
Ball den 45ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
18 Meitheamh 1970 – Deireadh Fómhair 1970 (an páirtí a fhágáil)

Toghcheantar: Lár Uladh

Ball de 44ú Parlaimint na Ríochta Aontaithe
17 Aibreán 1969 – 29 Bealtaine 1970 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Lár Uladh

Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn tAindiachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Banríona, Béal Feirste
Acadamh Naomh Pádraig, Dún Geanainn Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirSouth Tyrone Empowerment Programme (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaluach ar iarraidh (1978–)
Páirtí Sóisialach Neamhspleách (1977–1978)
Páirtí Poblachtach Sóisalach na h-Éireann (1974–1976)
Aontacht (1969–1970) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Ghlac sé/sí páirt i
9 Feabhra 2021Construïm el nou cicle (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
PáisteRóisín McAliskey Cuir in eagar ar Wikidata
Ciontaíodh iincitement (en) Aistrigh (1969) Cuir in eagar ar Wikidata


"Fidel Castro i mini-skirt", mar a dúirt polaiteoir UUP W. Stratton Mills

Rugadh Josephine Bernadette Devlin McAliskey (Gaeilge: Seosaimhín Bearnairdín Ní Dhoibhilin Nic Conuisce) ar 23 Aibreán 1947 sa Chorr Chríochach, Contae Thír Eoghain. Sa bhliain 2013, bhí sí ag obair le Clár Cumasaithe Thír Eoghan Theas a oibríonn ar son cearta oibrithe imircigh i dTuaisceart Éireann.[2]

Tús a saoil cuir in eagar

Rugadh Bernadette ar 23 Aibreán 1947 sa Chorr Chríochach, Contae Thír Eoghain. Ba í an tríú páiste a rugadh do John James Devlin agus Elizabeth Bernadette Devlin (seisear paistí acu san iomlán). Fuair athair Bernadette bás nuair a bhí sí naoi mbliana d’aois agus chaill sí a máthair chomh maith naoi mbliana i ndiaidh sin agus í ocht mbliana déag d’aois. D’fhreastail sí ar Acadamh Naomh Pádraig i nDún Geanainn, Co. Thír Eoghain agus lean sí ar aghaidh lena saol acadúil in Ollscoil na Banríona, áit a ndearna sí staidéar ar an tsíceolaíocht. Caitheadh amach ón ollscoil í ina bliain dheireanach mar gheall ar a rannpháirtíocht le People’s Democracy[3].

 
Bernadette Devlin agus Rita Hynes, Omagh Courthouse

Tús a saoil polaitíochta cuir in eagar

Ar 5 Deireadh Fómhair 1968 d’eagraigh an Cumann Cearta Sibhialta Thuaisceart Éireann máirseáil ag agóid i gcoinne leithcheal ar Chaitlicigh. Dar le Bernadette, d’aithrigh an máirseáil sin agus an méid a tharla ann a tuairimí faoi chúrsaí polaitíochta i dTuaisceart Éireann, "Until then I thought of policemen as the ones who kept the rowdy drinkers in line at my grandmother's pub." Mhaígh daoine áirithe go raibh siad ag iarraidh trioblóid a chruthú leis na póilíní ach deir Bernadette go raibh sí ann ar bonn síochána amháin. Thuairisc sna nuachtáin gur rinne Constáblacht Ríoga na hÉireann ruadhar le bataí ar na daoine a raibh ag máirseáil ach dar léi, "this wasn't a baton charge...This was a pent-up hatred. This was naked violence. This was three or four men with long cudgels standing over someone on the ground and hitting and hitting them.[4]

I ndiaidh a bhfaca sí ar an lá sin, ghlac sí páirt i mbunadh fheachtas radacach na mac léinn agus eagraíocht cearta sibhialta People’s Democracy. Mar a deir sí féin "the beginning of it all. I can still see, in my mind, the absolute hatred on the faces of police officers. My understanding of the society I was in was irrevocably changed." Tharraing an feachtas seo go leor aird orthu féin ó na meáin sa Tuaisceart ach go háirithe. Glaodh ‘Castro in a mini-skirt’ uirthi sna meáin agus péinteáladh múrmhaisiú di ar thaobh tí in ‘Doire Saor’. Ag an am sin, bhí sí sa bhliain deirí dá céim sa tsíceolaíocht ach caitheadh amach ón ollscoil í de bharr a róil leis an bhfeachtas.[5]

Teachta Parlaminte cuir in eagar

Níor chuir sé seo stop léi agus lean Bernadette ar aghaidh le ról níos gníomhaí a ghlacadh sa troid ar son cearta na gCaithliceach sa Tuisceart. Tar éis gur theip uirthi ina céad iarracht a bheith tofa in Olltoghchán Thuaisceart Éireann i gcoinne James Chichestre-Clark, d’éirigh léi áit a fháil i bparlaimint na Breataine in 1969 ag seasamh do na Sóisialaigh.

Nuair a fuair George Forrest, ionadaí an Meán-Uladh, bás ag deireadh 1968 phioc an Pháirtí Aontachtach a bhaintreach, Anna Forrest, le seasamh ina áit san fhothoghchán a tharlódh mar thoradh ar a bhás. Faoin am sin, bhí páirt lárnach ag Bernadette in People’s Democracy agus roghnaíodh í mar ionadaí Unity don taobh náisiúnach. D’éirigh léi tromlach sásúil a fháil leis an bhfothoghchán a bhuachan ar an 17 Aibreán 1969.[6].

Agus í ag glacadh lena suíochán don chéad uair ar a dara breithlá is fiche, ba í an duine is óige le beith tofa don Pharlaimint go dtí sin (buaileadh í i 2015).[7]

Ar a céad lá thug sí faoi a céad óráid chomh maith nach uair ón am a thosaigh sí. Rinne an Teachta Parlaiminte Coimeádach Sir Norman St John Stevas cur síos ar an óráid mar ‘electrifying’.[8] Deirtear gur thuig air-Uachtarán na Stáit Aontaithe Bill Clinton go raibh sé ag iarraidh a bheith ina pholaiteoir tar éis a céad óráid a chloisteáil [9].

Na Trioblóidí cuir in eagar

Cath Thaobh an Bhogaigh cuir in eagar

Ghlac Bernadette páirt i gCath Thaobh an Bhogaigh i mí Lúnasa 1969 a rinne iarracht na póilíní a choinneáil amach ó thaobh Caitliceach an Bhogaigh. Go luath i ndiaidh, thaisteal sí go dtí na Stáit Aontaithe, áit ar chas sí le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe agus ar thugadh eochracha chathair Nua-Eabhrac di.[10] Thug sí na heochracha sin do Pháirtí an Phanthair Dhuibh. Nuair a tháinig sí ar ais go Tuaisceart Éireann, gabhadh í agus cuireadh pionós sé mhí i bpríosún uirthi mar gheall ar an ról ar ghlac sí i gCath Thaobh an Bhogaigh.[11]

físeán ó 1970 le Devlin, srl

Ceithre mhí dhéag ina dhiaidh di an fothoghchán a bhuacán, tharla toghchán eile i Meán-Uladh. Faoin am seo, buíochas le Cath Thaobh an Bhogaigh agus an seal ar chaith sí i bpríosún bhí prófíl níos airde ag Bernadette sa cheantar agus bhí an tromlach de 6,000 vóta aici. Cé gur sheas sí le Unity le linn an toghcháin, bheartaigh sí go suífidh sí sa Pharlaimint mar Shóisialach Neamhspleách. Sa bhliain chéanna, scríobh sí a dírbheathaisnéis The Price of My Soul faoi fhréamhaí a gníomhaíochais agus staid na sochaí i dTuaisceart Éireann agus í ag fás aníos [12].

Domhnach na Fola cuir in eagar

I mí Eanáir 1972, bhí Bernadette ar tí óráid a thabhairt do dhaoine ag máirseáil i nDoire nuair a thosaigh an Reisimint Parasiútach ag scaoileadh urchar ar an slua a bhí i láthair ag marú ceithre duine dhéag. Tháinig aithne ar an lá seo mar Domhnach na Fola.[13] An lá dár gcionn agus í ag éisteacht leis an Rúnaí Baile, Reginald Maudling, ag rá go raibh an reisimint ag gníomhú ar bonn féinchoisint, bhuail sí é ag screadáíl ‘Murderous Hypocrite’[14].

An Páirtí Sóisialach Poblachtach cuir in eagar

Níor éirigh le Bernadette an toghchán in 1974 a bhuachan. Faoin am seo bhí roinnt mhaith tacaíochta Caitlicigh caillte ag Bernadette mar gur rugadh iníon neamhdhlisteanach di (agus don fhear a phósfaidh sí i gceann cúpla bliain) in 1971.[14] Ach bhí Bernadette agus a fear céile Michael McAliskey (in éineacht le Seamus Costello) ina mbunaitheoirí den Pháirtí Sóisialach Poblachtach. Scair siad ón gcuid oifigiúil de Sinn Féin leis an bpáirtí sóisialach seo a thosú.

Bhí Bernadette ar Fheidhmeannas Náisiúnta an pháirtí in 1975. Ach d’éirigh sí as nuair a chaill togra a mhol go mbeadh an INLA faoi réir an pháirtí. Ghabh sí páirt le Páirtí Neamhspleách Sóisialach in 1977 ach scoir siad an bhliain dár gcionn.[15]

Toghchán Pharlaimint na hEorpa cuir in eagar

I 1979, sheas Bernadette McAliskey sa toghchán do Pharlaimint na hEorpa de bhun tacaíocht a thabhairt do na príosúnaigh a bhí i mbun agóide agus bhain sí amach 5.9% den vóta i dTuaisceart Éireann, cé gur iarr Sinn Féin go ndéanfaí baghcat ar an toghchán seo.

 
Cath Thaobh an Bhogaigh

Stailc Ocrais cuir in eagar

Bhí ról ag Bernadette san fheachtas H-bhloc a thosaigh sna seachtóidí nuair a cuireadh deireadh le stádas phríosúnaigh polaitíochta a thabhairt do Náisiúnaithe i bpríosún.

Sheas sí mar iarrthóir neamhspleách ar son príosúnaigh ar agóid shalach agus ar agóid blaincéid i dtoghchán Pharlaimint na hEorpa in 1979. Bhuaigh sí 5.9% den vóta.

Ba í an príomh-urlabhraí ar an bhfeachtas Smash H-Block a thug tacaíocht don stailc ocrais in 1980 agus 1981.[16] I 1980/1981, bhí díospóireacht i measc náisiúnaithe agus poblachtaigh faoi cén duine ba chóir a chur san iomaíocht sa toghchán Westminster 1981. Dúirt Austin Currie ó Pháirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre (SDLP) go mbeadh suim aige féin dul san iomaíocht agus dúirt Bernadette McAliskey agus deartháir Frank Maguire, Noel, go mbeadh suim acusan freisin dul ar aghaidh. I ndiaidh idirbheartaíochta agus bagairtí intuigthe a bheith déanta ar Noel Maguire, socraíodh gan an vóta náisiúnach a scoilt trí dhul san iomaíocht sa toghchán. Sheas Sands mar iarrthóir Frith H Bhloc i gcoinne Harry West, an t-iarrthóir a chuir Páirtí Aontachtach Uladh chun cinn.

Lámhach Dílseora cuir in eagar

Ba bheag nár maraíodh í in 1981 nuair a rinne an Cumann Cosanta Uladh iarracht í a fheallmharú. Briseadh isteach sa teach teaghlaigh acu amach faoin tuaithe. Scaoileadh dhá urchair ar a fear céile Micheál. Bhí Bernadette gortaithe sa leis, lámh agus sa chliabhrach nuair a chuaigh sí leis na páistí a dhúiseacht. Gabhadh triúir i ndiaidh.[17]

Toghcháin Dháil Éireann cuir in eagar

Níos déanaí ina saol, shead Devlin i dtoghchán Dháil Éireann. In 1982, theip uirthi faoi dhó a bheith tofa sa thoghcheantar Bhaile Átha Cliath Thuaidh-Lár.[18]

Na Stáit Aontaithe cuir in eagar

In 2003, diúltaíodh cead di taisteal go dtí na Stáit Aontaithe agus seoladh abhaile í cé gur thaisteal sí chuig an tír go minic roimhe seo. Dúradh léi gur bagairt tromchúiseach a bhí inti do chúrsaí slándála sna Stáit Aontaithe. Tugadh an sé mhí ar chaith sí i bpríosún tar éis Cath Thaobh an Bhogaigh mar chúis leis.[19]

Saol Pearsanta cuir in eagar

Phós Bernadette le Michael McAliskey (múinteoir) sa bhliain 1973. Tá triúr páistí acu: Róisín Elizabeth McAliskey, Deirdre McAliskey agus páiste eile.[12] Rugadh Róisín dóibh sular phós siad, rud a chaill go leor tacaíochta do Bhernadette ó Chaitlicigh sa Tuaisceart.[14]

Gabhadh a hiníon Róisín McAliskey (a bhí ar thoircheas ag an am) sa Ghearmáin sa bhliain 1996 ar chúis ceangal amhrasta leis an IRA agus go háirithe le buamáil ar Dhún Arm na Breataine. Labhair Bernadette go láidir ar son a hiníne leis na meáin.[14]

Ag an bhFéile Scannánaíochta Cannes sa bhliain 2008, fógraíodh go ndéanfar scannán faoi a saol darb ainm ‘The Roaring Girl’. Cuireadh deireadh leis an smaoineamh tar éis gearán ón mbean í féin.[14]

Sa bhliain 2013, bhí McAliskey ag obair leis an gClár Cumasaithe Thír Eoghan Theas (STEP), bunaithe sa bhliain 1997 atá lonnaithe i nDún Geanainn agus a oibríonn ar son cearta oibrithe imircigh i dTuaisceart Éireann.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Johnson Lewis, Jone. "Bernadette Devlin"[nasc briste go buan], About.com. Retrieved on 28 August 2013
  2. . Bernadette McAliskey: Return of the Roaring Girl [1], The Independent. Retrieved on 13 August 2013
  3. "Bernadette Devlin" (Johnson)
  4. Bernadette McAliskey: Return of the Roaring Girl, independent.co.uk
  5. Bernadette McAliskey: Return of the Roaring Girl, independent.co.uk
  6. BBC: On this Day. "1969: Devlin is youngest ever woman MP", news.bbc.co.uk. Retrieved on 16 August 2013
  7. Northern Ireland Elections. "A Brief History of Northern Ireland Westminster Elections", ark.ac.uk. Retrieved on 13 August 2013
  8. "1969: Devlin is youngest-ever woman MP" (en-GB) (1969-04-17). Dáta rochtana: 2019-04-17.
  9. Bernadette McAliskey: Return of the Roaring Girl, independent.co.uk
  10. "Bernadette Devlin Denied Entry into the US"
  11. Bernadette McAliskey: Return of the Roaring Girl, independent.co.uk
  12. 12.0 12.1 "Bernadette Devlin"
  13. "Bernadette Devlin Denied Entry into the US" Counterpunch
  14. 14.0 14.1 14.2 14.3 14.4 Bernadette McAliskey: Return of the Roaring Girl
  15. CAIN: A Chronology of the Conflict. "A Chronology of the Conflict", CAIN Web Service. Retrieved on 13 August 2013
  16. Progressive. "Bernadette Devlin", Academic Search Complete. Retrieved on 13 August 2013
  17. Beresford, David. "Devlin is 'very ill' after shooting", www.theguardian.com. Retrieved on 28 August 2013
  18. Elections Ireland. "Bernadette McAliskey", www.electionsireland.org. Retrieved on 18 August 2013
  19. Flanders, Laura. "Bernadette Devlin Denied Entry into the US", www.counterpunch.org. Retrieved on 18 August 2013