Blàr Drochaid Shruighlea

Blàr Drochaid Shruighlea
Chogadh Saoirse na hAlban
Blàr Drochaid Shruighlea

Droichead Shruighlea an lae inniu agus Séadchomhartha Uallais.

Dáta: 11 Meán Fómhair 1297
Áit: Droichead Shruighlea, Albain
Toradh: Bua na Sasanach
Céilí comhraic
Arm Shasana Arm na nAlbanach
Ceannasaithe
John de Warenne, 6ú Iarla Surrey
Hugh de Cressingham
Uilleam Uallas
Anndra Moireach
Slua
15,000 5,300 go 6,300 fear
  • ~ 300 marcach
  • ~ 5,000 go 6,000 coisithe
Taismigh
*~ Maraíodh 100 marcach
  • ~ Maraíodh 5,000 coisithe
Anaithnid

Céad cath de Chogadh Saoirse na hAlban ab ea Blàr Drochaid ShruighleaCath Dhroichead Shruighlea. Ar 11 Meán Fómhair 1297, ruaig fórsaí de chuid Anndra Moireach agus Uilleam Ualas fórsaí chomhcheangailte Shasana de chuid John de Warenne, 6ú Iarla Surrey agus Hugh de Cressingham, in aice le Sruighlea, ar an Uisge For.

Cúlra cuir in eagar

Sa bhliain 1296, ruaig John de Warenne, 6ú Iarla Surrey, John Comyn, Iarla Bùchainn i mBlàr Dùn Bàrr. Ghéill an Rí John Balliol do Rí Éadbhard I Shasana ag Breichinn an 10 Iúil, agus bhí ar shealbhóirí talún na hAlban aitheantas a thabhairt d'ardcheannas Éadbhaird. Sa bhliain1297, d'éirigh Anndra Moireach amach i dtuaisceart na hAlban agus faoi dheireadh an tsamhraidh, bhí Caisteal na Sròine, Inbhir Nis, Eilginn, Banbh agus Obar Dheathain faoin a smacht. Chuaigh Uilleam Ualas leis an Moireach i mí Mheán Fómhair in aice le Dùn Dèagh, agus mháirseáil siad go Sruighlea. I bhfocail Stuart Reid, measadh go raibh Sruighlea "traditionally regarded as the key to Scotland.". Idir an dá linn, chuaigh de Warenne i bpáirt le de Cressingham i mí Iúil, agus bhain siad Sruighlea amach, faoin 9 Meán Fómhair 1297. Faoin am sin, bhí Creig Abaid cheana féin i seilbh Anndra Moireach agus Uilleam Ualas.

Tagairtí cuir in eagar