Blár Allt a' Phuill Sheilich

Troideadh Blár Allt a' Phuill Sheilich (Ciallaíonn 'Blár' 'Cath' i nGaeilge na hÉireann) ar an 11 Meitheamh, sa bhliain 1488, ar thaobh an Ailt, sé sin, an sruth thart ar dhá mhíle ó dheas de Shruighle na Albhan. Bhí 30,000 saighdiúir in arm Shéamais III, rí na hAlban agus tuairim is 18,000 earcaithe ag easaontóirí, gurbh aicmí uaisle na hAlban iad, lena n-áirítear Alexander Home, an 1ú Tiarna Home, agus bhí siad faoi stiúir ainmniúil ag mac an Rí, sé sin an Prionsa Séamas, Diúc Bhaile Bhóid.