An méid galuisce i sampla aeir, a scríobhtar de ghnáth mar bhogthaise choibhneasta nó dearbh-bhogthaise. Is í an dearbh-bhogthaise an mhais iomlán uisce i dtoirt aeir ar leith, i ngraim in aghaidh an cheintiméadair chiúbaigh (g cm-3). Is féidir le sampla aeir ag teocht ar leith is faoi bhrú ar leith uasmhéid ar leith uisce a chuimsiú, agus má bhíonn níos mó ná sin ann (an drúchtphointe) bíonn an t-aer sáithithe. Nuair a ardaítear an teocht, is féidir leis an sampla aeir sin tuilleadh uisce a ghabháil agus is mó a dhearbh-bhogthaise ansin.[1]

Bogthaise

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Bogthaise". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 81.