Grúpa bunchreidmheach Ioslamach sa Nigéir, san Afraic, is ea Boko Haram (Háisis: cosc ar an léann iasachta/neamh-Ioslámach). Is é ainm foirmeálta an ghrúpa ná Jama'atu Ahlis Sunna Lidda'awati Wal-Jihad, a chiallaíonn in Araibis "daoine a bhfuil sé mar dhualgas orthu teagasc an fháidh agus an jiohád a chur chun cinn".

Bosca Sonraí EagraíochtaBoko Haram

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineáltrúpaí sealadacha
eagraíocht sceimhlitheoireachta Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtasceimhlitheoireacht Ioslamach Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh2002
Bunaitheoir(í)Mohammed Yusuf Cuir in eagar ar Wikidata
Ócáid shuntasach
26 Lúnasa 2011 2011 Abuja United Nations bombing (en) Aistrigh
25 Nollaig 2011 Ionsaithe sa Nigéir, Nollaig 2011
15 Aibreán 2014 2014 Chibok kidnapping (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
UachtaránachtMohammed Yusuf (2002–2009)
Abubakar Shekau (2009–2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Leader of Boko Haram (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataAbubakar Shekau Cuir in eagar ar Wikidata
Máthaireagraíochtan Stát Ioslámach Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
  • Map

Sceimhlitheoireacht cuir in eagar

 
Eachtraí foréigin, léarscáil, Boko Haram

Dhúnmharaigh Boko Haram na mílte idir 2009-2015, 28,978 duine mar "mheastachán coimeádach" ón Council of Foreign Relations.[1][2]eaglaisí Críostaí, fórsaí slándála an stáit, oifigí na Náisiún Aontaithe, oifigí nuachtán, ollscoileanna, stáisiúin, gnólachtaí fón soghluaiste agus eile ionsaithe acu, i dtuaisceart na Nigéire sa chuid is mó. Is sa chuid sin den tír a bhíonn an dlí Sharia i bhfeidhm agus tromlach na ndaoine ina nIoslamaigh.

Tá fear darb ainm Abubakar Shekau i gceannas ar Boko Haram ón mbliain 2009 i leith. Ar 22 Bealtaine 2014 d'ainmnigh na Náisiúin Aontaithe Boko Haram mar eagraíocht sceimhlitheoireachta.[3]

Stair cuir in eagar

 

Cuireadh an grúpa ar bun sa bhliain 2002 i gcathair Maiduguri. D'éirigh Boko Haram níos radacaí de réir a chéile.

Thosaigh an grúpa ag baint úsáide as an bhforéigean sa bhliain 2009 le héirí amach príosúin. Chuir fórsaí slándála bunaitheoir agus ceannairí eile an ghrúpa chun báis ina dhiaidh sin.

Ar an 2 Meitheamh 2014, tharla sléacht i Gwoza in oirthear na Nigéire; dhúnmharaigh Boko Haram breis is dhá chéad duine (200-500+) in ionsaithe.[4]

Sa bhliain 2015, bhí na scórtha fuadaithe i ruathair i gCamarún ag an ngrúpa Ioslamach as an Nigéir. Leanaí den chuid is mó a fuadaíodh san ionsaí trasteorann. Tá Camarún agus an Nigéir ag síneadh lena chéile).[5]

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Nigeria Security Tracker" (en). Council on Foreign Relations. Dáta rochtana: 2022-07-12.
  2. "Boko Haram". Encyclopaedia Britannica
  3. "Security Council Al-Qaida Sanctions Committee Adds Boko Haram to Its Sanctions List | UN Press". press.un.org. Dáta rochtana: 2022-07-12.
  4. allafrica.com (2015). "Nigeria: Gwoza Under Siege - Boko Haram Kills 300, Wipes Out Three Villages".
  5. Nuacht RTÉ (2015-01-19). "Na scórtha fuadaithe i gCamarún" (as ga).