Bord Soláthair an Leictreachais

Comhlacht stát-tionscanta in Éirinn is ea Bord Soláthair an LeictreachaisBSL. Bunaíodh é chun maoirseacht a dhéanamh ar chur an fáil an leictreachas ó bhliain a bhunaithe i 1927.

Bosca Sonraí EagraíochtaBord Soláthair an Leictreachais
Sonraí
Cineálgnó Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1927
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Líon fostaithe7,870 Cuir in eagar ar Wikidata
Fochomhlacht

Suíomh gréasáinesb.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: ESBGroup Instagram: theesbgroup Youtube: UCoS3-VbigK0jOkRjERjBoKQ Cuir in eagar ar Wikidata

Is grúpa cuideachtaí leathstáit é anois, lena n-áirítear Líonraí BSL, Electric Ireland, BSL Idirnáisiúnta agus Líonraí Leictreachais Thuaisceart Éireann.[1] Níl monaplacht ag BS sa mhargadh leictreachais i bPoblacht na hÉireann. Sa bhliain 2016, bhí 95% den chomhlacht faoi úinéireacht an stáit agus an chuid eile mar scaireanna ag fostaithe an chomhlachta.

Stair cuir in eagar

Nuair a bunaíodh Saorstát Éireann, ba léir an gá a bhí le forbairt fuinnimh agus cumhachta le cur le forbairt thionsclaíoch an stáit. Chuir innealtóir Éireannach, an Dr. Thomas A. McLoughlin, plean faoi bhráid an Rialtais chun damba a thógáil ar Abhainn na Sionainne agus stáisiún giniúna leictreachais a thógáil ag Ard na Croise chun leas a bhaint as cumhacht an uisce. Ba dhána an togra a bhí á mholadh, ach glacadh leis agus ceapadh an comhlacht Gearmánach Siemens-Schuckert chun an togra a chur i gcrích i 1925. Tosaíodh ar an obair thógála i Meán Fómhair na bliana sin.[2]

 
Árd na Croise

Nuair a bhí Scéim na Sionainne á tógáil, ritheadh Acht Bhord Soláthair an Leictreachais tríd an Oireachtas ar mhaithe le bunú Bhord Soláthair an Leictreachais, a bhí le bheith ina chomhlacht corparáideach chun rialáil agus forbairt a dhéanamh ar líonra leictreachais na hÉireann. Achtaíodh an tAcht Leictreachais (Soláthar), 1927,[3][4] ar an 28 Bealtaine 1927.[5]  Chuir an tAcht seo Bord Soláthair an Leictreachais ar bun. Faoin Acht seo, cheap an Rialtas céad chomhaltaí an Bhoird; Cathaoirleach lánaimseartha agus seisear ball eile.

Bhí sé de dhúshlán roimh an gcomhlacht nua comhordú a dhéanamh ar chur ar fáil an leictreachais go náisiúnta, ó bhí breis is 300 soláthraí éagsúil bainteach le soláthar leictreachais in Éirinn ag an am, lenar áiríodh údaráis áitiúla agus gnólachtaí móra. Aistríodh a gcúraimí siúd go rathúil go dtí an comhlacht nuabhunaithe, de réir a chéile.

 
Scéim leictriú na tuaithe

Ar an 5 Samhain 1946. thosaigh an scéim leictriú na tuaithe i gCill Shalcháin, Contae Bhaile Átha Cliath.

Foinsí Fuinnimh an Chomhlachta cuir in eagar

I measc na bhfoinsí fuinnimh neamh-in-athnuaite lena gcuireann BSL cumhacht ar fáil don phobal, tá móin, gual, ola, agus gás.[6] Is iad na foinsí in-athnuaite ná uisce agus gaoth.

Rannóga an Chomhlachta cuir in eagar

Giniúint Cumhachta BSL cuir in eagar

Déanann an rannóg seo riaradh ar stáisiúin giniúna an chomhlachta, ag a bhfuil toilleadh suiteáilte iontu d'iomlán 4651MW.

 

Soláthar Custaiméirí BSL cuir in eagar

Cuireann siad seo soláthar leictreachais ar fáil do bhreis is dhá mhilliún custaiméir in Éirinn, ar custaiméirí miondíola tís iad a bhformhór, de réir téarmaí a bhíonn ceadaithe ag an gCoimisiún um Rialáil Fuinnimh

Líonraí BSL cuir in eagar

Tá an líonra tarchurtha ard-voltais faoi úinéireacht na rannóige seo de BSL.

BSL Idirnáisiúnta cuir in eagar

Is ionann seo agus an chuid idirnáisiúnta de ghnó an chomhlachta. Bíonn an rannóg seo san iomaíocht don obair a bhíonn á tairiscint go hidirnáisiúnta do chomhlachtaí fuinnimh éagsúla.

Bord agus Bainistíocht BSL cuir in eagar

Seo rannóg lucht riartha an chomhlachta i gcoitinne.

Naisc Sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-05-28.
  2. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2009-03-03. Dáta rochtana: 2008-08-12.
  3. Tithe an Oireachtais (1927-03-09). "An tAcht Leictreachais (Soláthar), 1927 – Uimh. 27 de 1927 – Tithe an Oireachtais" (ga). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2020-05-28.
  4. Office of the Houses of the Oireachtas House Services Directorate Bills Office. "ACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR), 1927" (ga). www.achtanna.ie. Dáta rochtana: 2020-05-28.
  5. UCD School of Law. "Pádraig Mac Giollagáin (1889-1979) a bhí freagrach as Bord Soláthair an Leictreachais a chruthú agus é ina Aire Tionscail agus Tráchtála." (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-05-28.
  6. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-09-17. Dáta rochtana: 2008-08-12.