Boris Johnson

Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe

Is Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe, pobalóir agus iar-iriseoir é an Ró-Onórach Alexander Boris de Pfeffel Johnson PC, ar a dtugtar Boris Johnson (a rugadh ar 19 Meitheamh 1964).

Infotaula de personaAn Ró-Onórach
Boris Johnson

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en-gb) Alexander Boris de Pfeffel Johnson
19 Meitheamh 1964
59 bliana d'aois
Nua-Eabhrac (Stáit Aontaithe Mheiriceá)
Ball den 58ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
12 Nollaig 2019 – 12 Meitheamh 2023 (éirí as)

Toghcheantar: Uxbridge and South Ruislip (en) Aistrigh

Aire an Aontais
26 Iúil 2019 – 6 Meán Fómhair 2022 – Liz Truss →
Céad Tiarna an Státchiste
25 Iúil 2019 – 6 Meán Fómhair 2022
← Theresa MayLiz Truss →
Aire na Státseirbhíse
24 Iúil 2019 – 6 Meán Fómhair 2022
← Theresa MayLiz Truss →
77 Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe
24 Iúil 2019 – 6 Meán Fómhair 2022
← Theresa MayLiz Truss →
Ball de chomh-aireacht: Second Johnson ministry (en) Aistrigh, First Johnson ministry (en) Aistrigh
Ceannaire an Pháirtí Caomhaigh
23 Iúil 2019 – 5 Meán Fómhair 2022
← Theresa MayLiz Truss →
Ball den 57ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
8 Meitheamh 2017 – 6 Samhain 2019 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Uxbridge and South Ruislip (en) Aistrigh

Rúnaí Stáit do Ghnóthaí Eachtracha agus Comhlathais
13 Iúil 2016 – 9 Iúil 2018 (éirí as)
← Philip HammondJeremy Hunt →
Ball de Chomhairle Dhlíthiúil na Ríochta Aontaithe
2016 –
Ball den 56ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
7 Bealtaine 2015 – 3 Bealtaine 2017 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Uxbridge and South Ruislip (en) Aistrigh

2 Méara Londan
4 Bealtaine 2008 – 7 Bealtaine 2016
← Ken LivingstoneSadiq Khan →
Ball den 54ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
5 Bealtaine 2005 – 4 Meitheamh 2008 (éirí as)


Ball den 53ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
7 Meitheamh 2001 – 11 Aibreán 2005 (díscaoileadh na parlaiminte)


Faisnéis phearsanta
Idé-eolaíocht pholaitíochtaEoraisceipteach, coimeádachas agus coimeádachas náisiúnta
ReiligiúnAnglacánachas
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Eton
Ashdown House School (en) Aistrigh
Coláiste Balliol - Clasaicigh (–1986)
European School, Brussels I (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilBaitsiléir Ealaíon
Áit chónaitheKensington Thiar
Islington
Crouch End
10 Downing Street (en) Aistrigh
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Réimse oibrePolaitíocht
Suíomh oibre Londain
An Bhruiséil Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmiriseoir, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaAn Páirtí Coimeádach Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla agus an Fhraincis
Ghlac sé/sí páirt i
22 Eanáir 2014Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2014
Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2013 Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileAllegra Mostyn-Owen (1987–1993), colscaradh
Marina Wheeler (1993–2020), colscaradh
Carrie Johnson (2021–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíCarrie Johnson (2018–2021) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteMilo Arthur Johnson
 ( Marina Wheeler)
Stephanie Macintyre Johnson
 ( Helen Macintyre (en) Aistrigh)
Wilfred Johnson
 ( Carrie Johnson)
Romy Iris Charlotte Johnson
 ( Carrie Johnson)
Lara Lettice Johnson
 ( Marina Wheeler)
Cassia Peaches Johnson
 ( Marina Wheeler)
Theodore Apollo Johnson
 ( Marina Wheeler)
Frank Alfred Odysseus Johnson
 ( Carrie Johnson) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairStanley Johnson  agus Charlotte Johnson Wahl
SiblínJo Johnson, Rachel Johnson agus Leo Fenton Johnson
Croineolaíocht
6 Meitheamh 20222022 vote of confidence in Boris Johnson (en) Aistrigh
31 Eanáir 2020COVID-19 pandemic in London (en) Aistrigh
6 Nollaig 2018apology to the House of Commons (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáingov.uk… Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm1296124 Facebook: borisjohnson Twitter: BorisJohnson Instagram: borisjohnsonuk Snapchat: boris Flickr: mayor_boris Musicbrainz: 2da66560-b5dd-487a-bbe2-72766a42eddf Discogs: 4317395 Cuir in eagar ar Wikidata

Agus é ina bhall den Pháirtí Choimeádach, d'fhreastail sé mar Rúnaí Stáit Gnóthaí Eachtracha agus an Chomhlathais ó 2016 go dtí mí Iúil 2018 agus Príomh-Aire ó mí Iúil 2019 ar aghaidh.

Ar 7 Iúil 2022, bhí sé dearbhaithe ag Johnson go raibh sé ag éirí as mar cheannaire an Pháirtí Chaomhaigh.[1] Dúirt sé go bhfanfadh sé ina Phríomh-Aire nó go gceapfaí ceannaire nua ar an bpáirtí.[2]

Saol cuir in eagar

 
2016

Tús a shaoil cuir in eagar

Rugadh é i Nua-Eabhrac ar an 19 Meitheamh 1964 i dteaghlach saibhir Sasanach den ard-mheán aicme. Fuair sé a chuid oiliúna sa Scoil Eorpach sa Bhruiséil, in Ashdown House School agus in Eton College. Rinne sé staidéar ar an Léann Clasaiceach in Balliol College, Oxford, agus toghadh é ina uachtarán den Oxford Union in 1986.

Iriseoir cuir in eagar

Thosaigh sé a ghairm mar iriseoir ag obair in The Times ach briseadh as an bpost sin de bharr faisnéise bréige a chuir sé a chéile. Tamaillín níos déanaí ceapadh é mar chomhfhreagraí de The Daily Telegraph sa Bhruiséil agus bhí tionchar suntasach ag a chuid ailt ar an tuairim Eoraisceipteach de chuid eite dheis na Breataine a a raibh borradh fúithi ag an am sin.

B’eagarthóir cúnta é ó 1994 go 1999 sular éirigh leis cúraim an Eagarthóra a bhaint amach in The Spectator ó 1999 go 2005.

Feisire, 2001-2008 cuir in eagar

Toghadh Johnson ina Fheisire sa bhliain 2001, ag ionadú Henley, nuair a chuaigh sé isteach sa Pháirtí Coimeádach. Ansin bhí sé sa scáth-chomh-aireacht, faoi cheannasaíocht Michael Howard agus David Cameron araon. Chloígh sé le gnás an Páirtí Coimeádaí den chuid is mó ach thóg sé seasamh ní ba liobrálaí ar bhealach sóisialta maidir le ceisteanna dála cearta lucht Leispiach, Aerach, Déghnéasach agus Trasinscneach i vótaí na parlaiminte.

 
Jennifer Arcuri (2012-2016).[3]

Méara Londan, 2008-2016 cuir in eagar

Roghnaíodh Johnson le bheith an t-iarrthóir Coimeádach sa toghchán méara in 2008, d’éirigh leis an ceann is fearr a bhaint amach ar Ken Livingstone, an sealbhóir oifige as Páirtí an Lucht Oibre[4] agus d’éirigh as a suíochán sa pharlaimint. Le linn a chéad téarma mar mhéara, chuir sé cosc ar chaitheamh alcól ar an gcóras iompair agus rinne sé gaisce ar son na hearnála airgeadais i Londain, agus thug sé isteach busanna nua Routemaster, chomh maith leis an scéim rothair phoiblí ar cíos agus an carr cábla ar an Tamais.

In 2012 toghadh Johnson arís mar mhéara ag buachan Livingstone den athuair, agus rinne sé maoirsiú ar Cluichí Oilimpeacha an tsamhraidh le linn a dhara théarma san oifig.

Toghadh Johnson ina Fheisire mar ionadaí lucht Uxbridge agus Ruislip Theas ó 2015 ar aghaidh, agus d’éirigh sé as cúram an mhéara an bhliain ina dhiaidh sin, 2016.

 
le Simon Coveney, 2018

Breatimeacht, 2016 cuir in eagar

 
Johnson le Carrie Symonds, 2020

Ba mhórphearsa é i bhfeachtas Vote Leave chun an Ríocht Aontaithe a tharraingt siar as an Aontas Eorpach agus ar éirigh leis in 2016. Ceapadh é mar Rúnaí Eachtracha faoi cheannasaíocht Phríomhaire Theresa May.

 
Carrie Symonds, 2020

Príomhaire, 2019- cuir in eagar

Toghadh Johnson ina phríomaire ar 24 Iúil 2019 agus reáchtáladh olltoghchán ar 12 Nollaig 2019. Bhuaigh na Tóraithe os cionn 360 suíochán agus tromlach glan.

I ndeireadh na bliana 2021, bhí brú ag méadú ar Boris Johnson mar Phríomhaire agus suíochán parlaiminte caillte ag an pháirtí Caomhach i bhfothoghchán.[5] Ag an am céanna, bhí líon na gcásanna de Covid-19 sa Ríocht Aontaithe ag fás ag go tréan. Bhí cúrsaí achrannach ann chomh maith ó tháinig sé chun solais go raibh cóisirí ar bun i Sráid Downing an Nollaig 2020.[5] Ach bhí an tír faoi shrianta diana Covid-19 ag an am. Agus i mí na Nollag 2021, d'éirigh an tAire don Bhreatimeacht, Lord Frost, as. Ba phearsa lárnach laistigh den rialtas é.

2022 cuir in eagar

I mí an Mheithimh 2022, tharla vóta mímhuiníne do Johnson. An phríomhchúis do mhíshástacht leis i measc na bhFeisirí agus an phobail ná briseadh na rialacha Covid-19 nuair a tharla cóisirí in 10 Downing Street i rith na dianghlasála.[6]

Mhair Johnson an vótal vótáil na Tóraithe 211 in aghaidh 148 i bhfabhar an Phríomh Aire, sin 41% de na Feisirí ina choinne. Ach rinneadh damáiste mór dá cháil agus dá chumhacht.

Coicís níos déanaí, chaill an Páirtí Caomhach dhá shuíochán parlaiminte i bhfothoghcháin agus d'éirigh cathaoirleach an Pháirtí Chaomhaigh, Olivier Dowden, as a phost mar gheall ar an mbuille a buaileadh ar an bpáirtí. Ach thug Johnson le fios go "leanfadh sé ar aghaidh".[7]

Ar 5 Iúil, thug an Seansailéir Rishi Sunak agus an Rúnaí Sláinte Sajid Javid le tuiscint go raibh siad ag éirí as; ní raibh muinín acu a thuilleadh as Johnson.[8] Baineann an scéal leis an bhfeisire parlaiminte Chris Pincher a d'éirigh as a chúram mar Leas-Phríomh-Aoire Rialtas na Breataine i bhfianaise líomhaintí faoi mhí-iompar gnéis a bheith ar bun aige agus é ar meisce.[9]

Ar a shon sin ar fad, tuigeadh go raibh neart airí sinsearacha eile sásta tacú le Boris Johnson go fóill, leithéidí Michael Gove agus Ben Wallace. Ach an lá dár gcionn, thug Johnson an bóthar do Gove le teann feirge.

Ar 7 Iúil 2022. dúirt Johnson go raibh sé ag éirigh as mar Phríomh-Aire na Ríochta Aontaithe[10] (d'fhan sé ann mar Phríomh-Aire sealadach go dtí 6 Meán Fómhair).

 
2019, Feachtas 'Led by Donkeys'

Saol pearsanta cuir in eagar

Cliúsaí ban is ea Johnson. Phós sé Allegra Mostyn-Owen[11] sa bhliain 1987 agus anson Marina Wheeler sa bhliain 1993 [12]

Bhí caidrimh seachphósta ag Johnson le Petronella Wyatt (2000-2004),[13] Anna Fazackerley (2005), Helen MacIntyre (2009), agus Jennifer Arcuri (2012-2016).[3]

Phós Johnson agus Carrie Symonds[14] (33 ag an am) In Ard-Eaglais Westminster ar 29 Bealtaine 2021.[15]

Níl a fhios againn cé mhéad clainne atá ag Johnson.

Pearsa conspóideach cuir in eagar

D’éirigh le Johnson a bheith ina dhuine de na polaiteoirí ba mór le rá sa Bhreatain de bharr an méid a bhí sé le feiceáil ar teilifís agus an tóir ar a shaothair scríofa, in irisí agus i leabhair freisin.

 

Eanáir 2020ː An socrú maidir le tarraingt amach as an AE sínithe ag Johnson

Is pearsa conspóideach i measc lucht polaitíochta agus iriseoireachta na Breataine é. Tá a chuid tacadóirí tar éis é a mholadh mar phearsa greannmhar siamsaíochta a bhfuil a ainm in airde agus a mheallann vótaí ó dhaoine nach vótálann feisirí an pháirtí Choimeádaigh de ghnáth.

Ar an taobh eile den scéal, tá sé cáinte ag lucht na heite clé agus ag lucht na heite dheis agus cuirtear ina leith gur éilíteach mímhacánta leisciúil é atá tógtha leis an gcaint chiníoch. Tá roinnt mhaith beathaisnéisí scríofa faoi agus léirítear é mar phearsa i roinnt mhaith saothair ficseanúla freisin.  

Tagairtí cuir in eagar

  1. Nuacht RTÉ (2022-07-07). ""Boris Johnson chun éirí as mar cheannaire an Pháirtí Chaomhaigh"" (as ga). 
  2. Nuacht RTÉ (2022-07-07). ""Sin mar a bhíonn!" - Boris Johnson maolchluasach ach stóchúil" (as ga). 
  3. 3.0 3.1 "Jennifer Arcuri" (as en) (2021-05-01). Wikipedia. 
  4. "Johnson snatches Tories' biggest prize" (en). the Guardian (2008-05-03). Dáta rochtana: 2021-06-04.
  5. 5.0 5.1 Nuacht RTÉ (2021-12-17). "Boris Johnson go mór faoi bhrú" (as ga). 
  6. Conradh na Gaeilge (11 Meitheamh 2022). "Nuacht Mhall (podcast)" (ga). Listen Notes. Dáta rochtana: 2022-06-22.
  7. Nuacht RTÉ (2022-06-24). "Johnson le "leanacht ar aghaidh" ainneoin an bhuille is déanaí" (as ga). 
  8. RTÉ Nuacht (2022-07-05). "Seansailéir, Rúnaí Sláinte éirithe as Rialtas na Breataine" (as ga). 
  9. Nuacht RTÉ (2022-07-06). "Cos i bhfeac ag Johnson ach tuilleadh dílseánach á thréigean" (as ga). 
  10. "Boris Johnson’s resignation speech: what he said, and what he meant" (en). the Guardian (2022-07-07). Dáta rochtana: 2022-11-14.
  11. "Allegra Mostyn-Owen" (as en) (2021-06-04). Wikipedia. 
  12. "Marina Wheeler" (as en) (2021-06-03). Wikipedia. 
  13. "Petronella Wyatt" (as en) (2021-05-31). Wikipedia. 
  14. "Carrie Symonds" (as en) (2021-06-04). Wikipedia. 
  15. Nuacht RTÉ (2021-05-30). "Príomh Aire na Breataine Boris Johnson, pósta" (as ga). 

Naisc Sheachtracha cuir in eagar