Feictear an bradán feasa[1] (eo feasa agus eo fis[2] freisin) i sraith seanscéalta na nGael, an Fhiannaíocht, go háirithe an scéal maidir le Fionn mac Cumhaill agus a mhúinteoir, Finnéagas. Aithnítear é scaití le Fiontán mac Bóchra, "an Saol", a athraíodh tráth i riocht bhradáin.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarBradán feasa

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálanthropomorphic fish (en) Aistrigh
neach ón miotaseolaíocht
carachtar miotasach Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
I saotharAn Fhiannaíocht agus Macgnímartha Finn Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Cúis bháisIascaireacht Cuir in eagar ar Wikidata
Dúnmharaithe agFinn Eces Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Cumaisuilefhios Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deMacgnímartha Finn agus An Fhiannaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
SiombailThe Big Fish (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
ComhionannFintán mac Bóchra Cuir in eagar ar Wikidata

An Fhiannaíocht cuir in eagar

Feictear scéal an bhradáin fheasa go suntasach i Macgnímartha Finn, a insíonn eachtraí Fhionn mhic Cumhaill agus é óg. De réir an scéil, d'ith bradán coitianta naoi gcollchnó a bhí tar éis i dTobar Segais tite, agus mar thoradh, fuair sé eolas an domhain go léir. Bronnfaí ar an gcéad duine a d'íosfadh an feoil an t-eolas úd dá réir sin.[3]

Bhí an file, Finnéigeas, i gcaitheamh seacht mbliana ag iarraidh breith ar an mbradán. Faoi dheireadh, rug sé air, agus thug d'Fhionn mac Cumhaill chun é a réitiú, ach gan é a ithe ar ór ná ar airgead. Agus é á réitiú, dhóigh sé é féin nuair a chuir sé a ordóg ar an iasc chun go bhfeice sé an raibh sé réidh. Dhiúl Fionn a ordóg dhóite chun an phian a mhaolú. Nuair a thóg sé an t-iasc chuig a mháistir, chonaic Finnéigeas an eagna ina shúile aige. D'fhiafraigh Finnéigeas d'Fhionn dá n-íosfadh sé cuid den bhradán. Dúirt an macaomh mar ith, ach mhínigh sé céard a tharla. Thuig Finnéigeas ansin go raibh fios an bhradáin faighte aige.

Le linn a shaoil, bhí Fionn in ann leas a bhaint as an eolas úd, ach amháin dó greim a bhaint ar a ordóg. Thug an t-eolas cuidiú d'Fhionn éirí ina cheannaire na bhFiann.[4][5]

Miotais ghaolmhara cuir in eagar

I miotais na nGael, tá roinnt pearsana dúchasacha ann a sheasann do shean-aois agus eolas ársa, a deirtear gur ghlacadar riocht bradáin, is suntasaí san áireamh Fiontán mac Bóchra agus Tuan mac Cairill.

I miotaseolaíocht na hÍoslainne, feictear arís roinnt móitífeanna sa sága Volsunga Saga (13ú haois). Ar son a dhearthár Regin, maraíonn Sigurd Fafnir agus réitíonn sé a chroí. Is é Sigurd áfach an chéad duine a bhlaiseann an croí, agus dá bharr baineann sé eolas chaint na n-éan amach.[6] Sa chaoi céanna, insítear i Saxo Grammaticus[7] conas a bhaineann Eric deisbhéalaí agus gaois amach agus stobhach nathrach réitithe ag a leas-mháthair Kraka dá leasdeartháir Roller ite aige.[8][9]

Is móitíf cáiliúil é seo i measc síscéalta na hEorpach agus iad ionann é agus cineál Aarne–Thompson 673,[10] faighte go minic i lár agus Oirthear na hEorpach, ach i dteannta sin san Alba, in Éirinn, i gCríoch Lochlann, i dtíortha Bailteacha agus scaití lasmuigh den Eoraip.[11] I nÉirinn and, tír gan nathair ar bith, is amhlaidh gur cuireadh bradán ann ina hionad.

Cultúr na ndaoine cuir in eagar

Feictear an bradán feasa ar feadh scaithimh sa scannán 1973, The Wicker Man. Agus Sergeant Neil Howie ag cuardach cailín sa bhaile, osclaíonn sé cófra agus feiceann sé feisteas éisc ann. Deir fear an tí gur leis féin an feisteas agus gur bradán feasa é.

 
Gar-amhairc de lanna ar dealbh The Big FishBradán Feasa i mBéal Feirste

Sa bhliain 1999, chun teacht ar ais na n-iasc chuig Abhainn an Lagáin a cheiliúradh, rinne cathair Bhéal Feirste dealbh a chruthú darb ainm The Salmon of Knowledge, ach ar a nglaoitear i measc na ndaoine The Big Fish.[12] Ar gach lann, tá scéal as stair Bhéal Feirste. Más fíor an béaloideas, is féidir éirí eagnach ach an dealbh a phógadh.

Foinsí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “salmon of knowledge — Aistriúchán Gaeilge ar salmon of knowledge (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2024-01-26.
  2. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): eo fis” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-01-26.
  3. "The Big Fish". Dáta rochtana: 21d Meitheamh 2020.
  4. Kuno Meyer (1904). "The Boyish Exploits of Finn": 185–186. Acadamh Ríoga na hÉireann. 
  5. "The Boyhood Deeds of Fionn mac Cumhaill". Dáta rochtana: 2021-01-05.
  6. Raszmann, August (1863). "Bd. Die Sage von den Wölsungen und Niflungen in der Edda und Wölsungasaga" (as de). C. Rümpler. 
  7. Gesta Danorum, V.2.6-V.2.8, 12th c.
  8. Saxo (Grammaticus) (2015). "Gesta Danorum" (as en). Clarendon Press. 
  9. "Erläuterungen zu den ersten neun Büchern der Dänischen Geschichte des Saxo Grammaticus Teil I Bücher I-V – Wikisource". Dáta rochtana: 2020-07-06.
  10. Grimms' Fairy Tales 17, féach The White Snake
  11. Ranke, Kurt (2010). "Enzyklopädie des Märchens: Suchen-Verführung" (as de): 647. Walter de Gruyter. 
  12. "The Big Fish". Guide to Public Art. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 22 Eanáir 2003. Dáta rochtana: 22 January 2003.