Brandub mac Echach

rí na Laighean

Uí Chinnsealaigh agus rí na Laigean ba ea Brandubh mac Eachach (Meán-Ghaeilge Brandub mac Echach) (bás 605). Eacha mac Muireadaigh, iar-rí, ba ea a athair. Ba bhaill iad den ghéag darbh ainm Uí Fheilimí, de shliocht Fheilimí mhic Éanna Cinnsealaigh. Rinneadh ríthe Uí Chinnsealaigh dá mhac Aonghas, garmhac Muireadach agus fionnó Eacha, uile.[1]

Infotaula de personaBrandub mac Echach
Beathaisnéis
Breith6 haois
Bás605 (Féilire Ghréagóra)
Teaghlach
TeaghlachUí Chinnsealaigh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairEchu mac Muiredaig

Dar leis an Leabhar Laighneach, tháinig Brandub i gcomharbacht ar Aodh Cearr mac Colmáin Mhóir (bás 595) Uí Dhúnlainge mar rí Laigean, ach i ndáiríre, ba é Aodh Dibhchine mac Seanaigh Uí Mháil a bhí i gceist. Tugtar réimeas 10 mbliana do sa Leabhar úd.

Sága breithe cuir in eagar

Faightear an dán Gein Branduib maic Echach ocus Aedáin maic Gabráin sa lámhscríbhinn Rawlinson B 502, a théann siar go c. 1130. Insítear sa dán gur chuir Faoláin mac Síoláin (a réamhtheachtaí mar rí Uí Chinnsealaigh) an ruaig ar Eacha as Laigin amach, agus gur tháinig sé go dtí Dál Riada ag cúirt Ghabhráin. Rugadh ann Brandubh agus a leathchúpla Aodhán le hEacha, agus, ar an oíche cheannann chéanna, cúpla cailín le Gabrán. Rinneadh Aodhán agus cailín acu a mhalartú ansin, ionas go raibh mac ag gach clann. Rinne Aodhán in am trátha éileamh ar ríogacht na hÉireann agus d'ionsaigh sé na Laigin.[2]

Ní féidir ach barúil a thabhairt ar cumadh an scéal nó an raibh sé bunaithe ar gaol altramais idir Brandubh agus Aodhán.

Cosaint na Laighean cuir in eagar

Feictear Brandubh don chéad uair sna hannála sa bhliain 590 mar bhuaiteoir ag Cath Magh Ochtair (Cluain Conaire, Cill Dara) in éadan Ui Néil.[3][4]

Sa bhliain 598, chloígh Brandubh Ardrí na hÉireann Uí Néill, Aodh mac Ainmhuireach de Chineál Chonaill ag Cath Dhún Bolg (Dún Buaice, Contae Chill Mhantáin) inar maraíodh an tArdrí, agus cuireadh cosc ar shíneadh theas Uí Néill.[5][6] Insítear sna hannála agus sa sága Bóramha Laighean gur tharla an cath agus Cummascach mac Aodha maraithe ag Brandubh sa bhliain 597 ag Dún Buchat.[7][8]

Bhí cabhair ag Brandubh ó Naomh Aodhán Fhearna (bás 632), a rinne iarracht sos cogaidh a shocrú leis an Ardrí. Bheartaigh Aodhán seift ansin chun gaiscígh Bhranduibh a sciobadh i gcampa an namhad isteach, i bhfolach i gciseáin bhia. Insítear fosta gur throid na hUlaid ar son na Laigean, agus gur mharaigh rí na nOiriall ag troid ar son an Ardrí.[9] Bronnadh Fearna ar Aodhán tar éis an chatha mar bhuíochas.

De réir dánta níos deireanaí sa Leabhar Laighneach, a luann a "seacht mbuille in aghaidh Bhreá", b'fhéidir é go bhfuair sé ar ais tailte Uí Néill i lár na tíre.[10] Luaitear seo furasta sna hannála don bhliain 599.[11] Cé gur bhaill de ghéag eile iad, thug ríthe Uí Chinnsealaigh níos deireanaí, amhail is Diarmaid mac Maoil na mBó agus a gharmhac Diarmaid mac Murchadha, rath Bhranduibh chugat féin.[12]

Sa bhliain 605, cloíodh Brandubh ag an Ardrí Aodh Fuariodhnach de Chineál Eoghain ag Cath Slaebre. Mharaigh é ansin ag a dheartháir chéile, Sarán Saebderc.[13][14]

Muintir cuir in eagar

Tá dhá mhuintir ann a rianaíonn a sinsearacht ó Bhrandubh: Fir Thulach (Contae na hIarmhí), faoi cheannas Chlann Cholmáin níos deireanaí, agus Uí Felmeda (Contae Cheatharlach).[15]

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 10
  2. Dan M.Wiley, Birth of Brandub Curtha i gcartlann 2008-05-07 ar an Wayback Machine, The Cycles of the Kings
  3. Annála Uladh, AU 590.3
  4. Annála Tiarnaigh, AT 588.3
  5. AU 598.2
  6. AT 596.2
  7. AU 597.1
  8. AT 595.1
  9. Dan M.Wiley Boroma, The Cycles of the Kings (archive link)
  10. Byrne, lch. 142
  11. AT 599.1
  12. Byrne, lch. 143
  13. AU 605.1, 605.2
  14. AT 603.2, 603.3
  15. Byrne, ll. 142–143