An long nach ionann tír a cláraithe agus náisiúntacht a húinéara, deirtear go bhfuil sí ag seoladh faoi bhratach áise.[1] Is gnách longa a chlárú faoi bhratach áise le buntáiste a ghlacadh ar chánacha ísle na tíre cláraithe. De thoradh an chleachtais seo, is iad Panama i Meiriceá Theas agus an Libéir san Afraic na tíortha is mó a bhfuil longa cláraithe iontu.[2]

Bhí an tancaer seo, an Sichem Princess Marie-Chantal cláraithe i gCathair Phanama nuair a tógadh an grianghraf seo sa bhliain 2005 ach cláraíodh i ina dhiaidh sin, sa bhliain 2007, i Vaileite, faoi bhratach Mhálta.

Cúlra cuir in eagar

Sa lá atá inniu ann tá níos mó ná leath de thonnáiste an domhain de longa trádála cláraithe faoi bhratach áise, nó, mar a deirtear freisin, i gclárlanna oscailte. Go traidisiúnta, roghnaíonn úinéir na loinge an chlárlann oscailte le cánacha ioncaim, uasteorainneacha meáchain agus rialúcháin oifigiúla eile a sheachaint. Mar shampla, má bhuaileann long Mheiriceánach cuan i dtír choimhthíoch le haghaidh deisiú, caithfidh úinéir na loinge cáin a íoc le rialtas na Stát Aontaithe arb ionann í agus 50 % de phraghas an deisiúcháin.

De réir is mar atá an saol ag dul chun domhandais, tá coinníollacha na loingseoireachta féin ag athrú. Inniu, is deacair a rá cé acu tír a mbaineann long áirithe léi, nó ní gnó teaghlaigh í an loingseoireacht a thuilleadh ach gnó ilnáisiúnta do chomhlachtaí móra idirnáisiúnta. Sna laethanta a bhí, is minic a bhítí ag lochtú na n-úinéirí long a bhí ag glacadh buntáiste ar na bratacha áise, toisc go raibh siad ag iarraidh droim láimhe a thabhairt leis na rialúcháin náisiúnta. Inniu, áfach, tá an gnó chomh hidirnáisiúnta is go bhfuil lá na longúinéirí "náisiúnta" thart, dar lena lán, agus iad den bharúil go bhfuil sé nádúrtha ar fad bratach áise a chur ar an long.

Iad siúd atá ag cur in aghaidh na mbratach áise, tá siad ag áitiú go roghnaíonn na longúinéirí an bhratach áise le nach gcaithfidís féachaint i ndiaidh an lucht oibre mar ba chuí de réir na rialúchán náisiúnta ó thaobh na slándála oibre agus na slándála sóisialta de. Is dócha go bhfuil úimléid áirithe sa cháineadh seo, ach ní féidir í a ghinearálú ar na clárlanna oscailte go léir.

Stair cuir in eagar

Ba í an Belen Quezada an chéad long a cláraíodh i bPanama cé nár shaoránaigh de chuid Phanama iad lucht a húinéireachta, thiar sa bhliain 1919. Cláraíodh tuilleadh long ó na Stáit Aontaithe i bPanama sa bhliain 1922. Bhí na longa coimhthíocha ar liostaí na clárlainne i bPanama ag dul i líonmhaireacht ó shin i leith, go háirithe nuair a thosaigh longúinéirí Eorpacha ag baint úsáide as an gclárlann. Nuair a bhí na 1940idí ag druidim chun deiridh, thosaigh na longúinéirí Meiriceánacha ag éirí míshásta le clárlann Phanama, agus iad den tuairim gur chóir clárlann oscailte eile a bhunú a bheadh in ann dul in iomaíocht le Panama.

Tháinig clárlann oscailte na Libéire ar an bhfód sa bhliain 1948 le cabhair ó fhir ghnó Mheiriceánacha. Ba é Stavros Niarchos, an longúinéir Gréagach, a chláraigh an chéad long faoi bhratach áise na Libéire, sa chéad bhliain eile. Is é an t-ainm a bhí ar an long ná an World Peace, "an tSíocháin Dhomhanda". Tháinig tuilleadh longúinéirí sna sálaí aige, agus mar a bhí ag teastáil ó lucht an ghnó, cruthaíodh iomaíocht nua i gclárú na long.

Lochtú cuir in eagar

 
Bratacha áise de réir an ITF

Is é tuairim na gceardchumann - ar nós Chónaidhm Idirnáisiúnta na nOibrithe Iompair (an "ITF")- ná go gcuireann na bratacha áise ar chumas an longúinéara na rialúcháin oibre a sheachaint atá i bhfeidhm i dtír dhúchais na n-úinéirí, ionas go mbeidh siad in ann drochthuarastal a íoc leis na mairnéalaigh, ragobair a éileamh orthu agus faillí a dhéanamh i slándáil oibre.[3] Ní féidir leis na ceardchumainn a mballra a chosaint ar an gcineál sin caimiléireachta, nó má tá an long ag seoladh faoi bhratach áise, is long choimhthíoch í, agus í suite taobh amuigh de dhlínse na tíre ina bhfuil an ceardchumann agus na húinéirí lonnaithe. Mar sin, ní féidir leis an gceardchumann an dlí a chur ar an úinéir.

Tacaíocht cuir in eagar

Iad siúd a thacaíonn le húsáid na mbratach áise, tá siad barúlach gur chóir do na longa trádála idirnáisiúnta bheith in ann clárú sa tír is fearr a oireann don dóigh a mbíonn long áirithe ag seoladh idir tíortha éagsúla. Nuair a chláróidh longúinéir ón Iorua a long i gclárlann oscailte, beidh teacht aige ar airgeadas poiblí na Stát Aontaithe agus ar shaineolas na longcheártaí Seapánacha, agus é ag fostú a chuid mairnéalach, abair, ó na hOileáin Fhilipíneacha, ón India nó ón tSín. Roimh theacht na gclárlann oscailte, bheadh an longúinéir Ioruach i dtuilleamaí na clárlainne náisiúnta san Iorua, na longcheártaí Ioruacha, agus na mairnéalach Ioruach.

Tagairtí cuir in eagar

  1. ""bratach áise"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-10-13.
  2. "Business Day" (en-ZA). BusinessLIVE. Dáta rochtana: 2020-10-13.
  3. "Flags of convenience" (en). www.itfglobal.org. Dáta rochtana: 2020-10-13.