Siombail oifigiúil náisiúnta don Bhrasaíl í bratach na Brasaíle. An leagan den bhratach atá in úsáid inniu, níor tugadh isteach í ach sa bhliain 1992, ach bhí leaganacha eile den bhratach chéanna ann ón mbliain 1889 anuas.

Bratach na Brasaíle (1889+)

Cur síos ar an mBratach cuir in eagar

Taispeánann an bhratach liathróid dhúghorm istigh i muileata buí, agus an muileata féin ina luí os comhair cúlra uaine. Taobh istigh den liathróid, feictear seacht réalta fichead - sa chéad leagan den bhratach, ní raibh ach aon réalta fichead ann - agus na focail Ordem e Progresso - "Ord agus Forás" - le léamh ar stiall bhán chuaraithe a ritheann fiarthrasna na liathróide. Tháinig an mana seo ó phosaitíbheachas an fhealsaimh Fhrancaigh Auguste Comte, a bhí ina dhia bheag ag aos intleachta Mheiriceá Theas go léir tráth. Is é is brí leis ná nach mbíonn rath ach san áit ina mbíonn an smacht, mar a deir an seanfhocal Gaeilge.

Siombailí cuir in eagar

Seasann na réaltaí ar an mbratach d'fhíor-réaltaí a bhíonn le feiceáil thuas ar an spéir ón mBrasaíl, agus san am céanna, is siombailí iad do chúigí (nó stáit) na Brasaíle:

Na réaltaí cuir in eagar

 
Na réaltaí

Is iad na réaltaí/réaltbhuíonta ná:

  1. Procyon (α An Madra Beag),
  2. Canis Major (An Madra Mór),
  3. Carina (An Chíle),
  4. Virgo (An Mhaighdean),
  5. Hydra (An Phéist Uisce),
  6. Crux (An Chros),
  7. Sigma Octantis (An tOchtamhán),
  8. Triangulum Australe (Triantán an Deiscirt),
  9. Scorpius (An Scairp)