Ba scannán stairiúil ó 1995 é Braveheart. Stiúraigh Mel Gibson an scannán agus bhí sé féin sa phríomhpháirt aisteoireachta. Déantar cur síos sa scannán seo ar scéal an trodaí saoire Albanaigh, Uilleam Uallas, agus ar an éirí amach a raibh sé páirteach ann i gcoinne riail na Sasanach in Albain, faoin rí Éadbhard I. Carachtar tábhachtach eile sa scéal ná an fear a bhí ina rí ar Albain ina dhiaidh sin, Roibeard Brús.

Bosca Sonraí ScannáinBraveheart
Cuir in eagar ar Wikidata
Buneolas
StiúrthóirMel Gibson Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhcharachtair
LéiriúMel Gibson, Alan Ladd Jr., Bruce Davey agus Stephen McEveety Cuir in eagar ar Wikidata
ScriptRandall Wallace Cuir in eagar ar Wikidata
CeolJames Horner Cuir in eagar ar Wikidata
GrianghrafadóireachtJohn Toll Cuir in eagar ar Wikidata
Eagarthóireacht scannáinSteven Rosenblum Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht léiriúcháinThe Ladd Company agus Icon Productions Cuir in eagar ar Wikidata
DáileoirParamount Pictures, InterCom agus Netflix Cuir in eagar ar Wikidata
Mionsonraí
Tír bhunaidhStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Céadléiriú24 Bealtaine 1995 Cuir in eagar ar Wikidata
Fad ama177 min Cuir in eagar ar Wikidata
BunteangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
Dathdaite Cuir in eagar ar Wikidata
Buiséad65,000,000 $ Cuir in eagar ar Wikidata
Tuilleamh213,200,000 $ (domhanda) Cuir in eagar ar Wikidata
Cur síos
Seánrascannán beathaisnéise, scannán drámaíochta, scannán cogaidh, scannán aicsin agus scannán meánaoiseach Cuir in eagar ar Wikidata
PríomhábharFirst War of Scottish Independence (en) Aistrigh agus Uilleam Uallas Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh scéalaíochtaAlbain Cuir in eagar ar Wikidata
Liosta na ngradam agus na n-ainmniúchán
Ainmnithe do
Gradam a fuarthas

IMDB: tt0112573 Filmaffinity: 395715 Allocine: 10080 Rottentomatoes: m/1065684-braveheart Letterboxd: braveheart Mojo: braveheart Allmovie: v134724 TCM: 69593 Metacritic: movie/braveheart TV.com: movies/braveheart AFI: 59836
Discogs: 90715 Cuir in eagar ar Wikidata

Gradaim cuir in eagar

Bhí an-ráchairt ar an scannán seo nuair a eisíodh é agus bronnadh cúig cinn de ghradaim an Acadaimh air, an gradam don stiúrthóir is fearr le haghaidh Mel Gibson san áireamh.

Scannánú cuir in eagar

Cé go raibh iomlán an scéil suite in Albain agus i Sasana, scannánaíodh cuid mhaith den scannán in Éirinn, mar gheall ar dhreasachtaí cánach a chuir an tAire Rialtais, Mícheál D. Ó hUiginn ar fáil do thionscal na scannán tamall roimhe sin. Baineadh úsáid as an bhFórsa Cosanta Áitiúil mar shaighdiúirí le haghaidh na gcathanna sa scannán agus baineadh úsáid as Caisleán Bhaile Átha Troim agus Mainistir Bheigtí i gContae na Mí mar chúlraí chomh maith.

Míchruinneas Stairiúil cuir in eagar

Cé go raibh an-rath ar an scannán seo, glacadh leis i gcoitinne go raibh go leor míchruinneas stairiúil ag baint leis, maidir leis na carachtair agus na heachtraí éagsúla sa scéal.[1][2]

Tagairtí cuir in eagar