I luathlitríocht na Gaeilge, nath meafarach dhá-fhoclach (kenning[1]) is ea Briatharogham (Meán-Ghaeilge Bríatharogam) a míníonn ainmneacha na litreacha Oghaim. Caomhnaítear trí liosta éagsúla a théann siar go dtí ré na Sean-Ghaeilge, mar a leanas:

  • Briatharogham Morainn mac Moín
  • Briatharogham Maic ind Óc
  • Briatharogham Con Culainn

Faightear an chéad dá cheann i ngach cóip den Leabhar Oghaim atá ar marthain, cé nach bhfaightear Con Culainn ach i lámhscríbhinní den 16ú agus 17ú haoiseanna. Déanann Auraicept na n-Éces tuairisc agus ciall ar Bhriatharogham Morainn mac Moín.

Chreideadh scoláirí na meánaoise níos deireanaí gur ainmneacha crann ab ea na litreacha go léir, agus rinne siad iarracht na briatharoghaim a léirmhíniú dá réir sin. De réir scoláireacht nua-aimseartha, ámh níl ann ach ocht litir ainmnithe as crainn, agus go dtacaíonn na briatharoghaim féin an moladh seo.

Is iad a leanas na Briatharoghaim mar a d'eagraigh McManus (1988) iad (as Sean-Ghaeilge normalaithe):

Litir Gluais Bríatharogam
Ciall Córas na gCrann Morainn mac Moín Maic ind Óc Con Culainn
B Beith Beith Beith féochos foltchain
feochos foltchaoin
glaisem cnis
is léithe cnis
maise malach
áille mhala
L Luis Lasair, Luibh Caorthann lí súla[ae 1]
loinnir shúile
carae cethrae
cara bólachta
lúth cethrae
coth bólachta
F Fern Fearn Fearn airenach fían[ae 2]
urgharda fiann
comét lachta
coimeádán bainne
dín cridi
díon croí
S Sail Saileach Saileach lí ambi[ae 3]
dath neamhbheo
lúth bech
coth beach
tosach mela
tosach meala
N Nin Gabhal Fuinseog costud síde[ae 4]
costadh síthe
bág ban
maíomh ban
bág maise
maíomh áille
H, Y Úath Fuath Sceach gheal condál cúan
comhdháil conairte[ae 5]
bánad gnúise
bánú aghaidhe
ansam aidche
is deacra istoíche
D Dair Dair Dair ardam dosae
is airde crann
grés soír
maisiú ceirdne
slechtam soíre
sleachta ceirdne
T Tinne Teilgean Cuileann trian roith[ae 6]
trian rotha
smiur gúaile
smior gualaigh
trian n-airm
trian airm
C Coll Coll Coll caíniu fedaib[ae 7]
is caoine crann
carae blóesc
cara blaoscanna
milsem fedo
is milse crann
Q Ceirt Tom, Giobal Abhaill clithar baiscill[ae 8]
cliothar allta
bríg anduini
brí anduine
dígu fethail
díogha suaitheantais
M Muin Muin, cleas, cion Fíniúin tressam fedmae[ae 9]
is treise saothair
árusc n-airlig
rosc eirligh
conar gotha
conair ghutha
G Gort Gort Eidhneán milsiu féraib[ae 10]
is milse féar
ined erc
ionad bó
sásad ile
sásamh uile
NG nGéadal Ár Giolcach lúth lego[ae 11]
coth súmaire
étiud midach
éadach lianna
tosach n-échto
tosach áir
Z Straif Ruibh Draighean tressam rúamnai[ae 12]
treise ruaimnithe
mórad rún
móradh rún
saigid nél
lorg néal
R Ruis Rua Trom tindem rucci[ae 13]
is drislí ruachana
rúamnae drech
ruaimniú dreach
bruth fergae
bruth/teas feirge
A Ailm Péine? Giúis ardam íachta[ae 14]
is airde iachta
tosach frecrai
tosach freagra
tosach garmae
tosach gairme
O Onn Fuinseog Aiteann congnaid ech
lasc each
féthem soíre
is féith ceirdne
lúth fían
fuinneamh fiann
U Úr Cré Fraoch úaraib adbaib
fuaraibh adbhaibh
sílad cland
síolú plandaí
forbbaid ambí
taiséadach neamhbheo
E Eadhadh Creathach Creathach érgnaid fid[ae 15]
éargna feánna
commaín carat
comaoin cairde
bráthair bethi (?)
bráthair beithe
I Iodhadh Iúr? Iúr sinem fedo
is sine feá
caínem sen
is caoine sean
lúth lobair (?)
fuinneamh lobhair
EA Éabhadh[2] Anaithnid Creathach snámchaín feda
snámhchaoin feá/litreach
cosc lobair
cosc lobhair
caínem éco[3]
is caoine éisc
OI Ór[4] Feoras, nó eidhneán sruithem aicde[5]
is sruithe/fiannaí ábhar
lí crotha
lí/loinnir crutha
UI Uilleann[6] Uilleann Féithleann túthmar[7] fid
is cumha fiodh/crann
cubat oll[8][ae 16]
banlámh mhór
IO Ifín Spíon? Spíonán, nó spíon milsem fedo
is milse feá
amram blais
is iontaí blais
AE Eamhancholl[9] Eamhain coill Cúpla coill lúad[10] sáethaig
och saothaigh
mol[11] galraig
crónán galraigh
P[12] Peith Dwarf elder
  1. li sula luis (.i. caertheand) ar ailleacht a caer
  2. airenach fían (.i. fernd) air is di na sgeith
  3. li ambi .i. nemli lais .i. ar cosmaillius a datha fri marb
  4. cosdad sida nin .i. uinnius, ar is di doniter craind gae triasa
  5. comdal cuan huath (.i. sce L. om); no ar is uathmar hi ara deilghibh
  6. trian roith tindi L .i. ar is cuileand in tres fidh roith in carbait
  7. coll .i. cach ac ithi a chno
  8. clithar boaiscille .i. elit gelt quert (.i. aball)
  9. airdi masi muin .i. iarsinni fhasas a n-airde .i. finemhain
  10. glaisiu geltaibh gort (.i. edind)
  11. luth lega getal (.i. cilcach) no raith
  12. aire srabha sraibh (.i. draighin)
  13. ruamma ruice ruis (.i. trom)
  14. crand giuis .i. ochtach
  15. ed uath .i. crand fir no crithach
  16. cubat n-oll .i. uilleann .i. edlenn

Foinsí cuir in eagar

  • Damian McManus, Irish letter-names and their kennings, Ériu 39 (1988), 127-168.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Féach en:wiktionary:kenning, English, Etymology 3
  2. ébad ar eDIL
  3. éic, iasc, bradán, ar eDIL
  4. óir ar eDIL
  5. 2 aicde
  6. 2 uillenn ar eDIL
  7. tútmar, cumha, ar eDIL
  8. 1 cubat
  9. emoncholl ar eDIL
  10. lúad (b), plé, ar eDIL
  11. 2 mol, crónán, dordán, ar eDIL
  12. P ar eDIL