Buamáil Bhostúin (2013)

Tharla Buamáil Bhostúin ar an 15 Aibreán, 2013, Phléasc dhá bhuama de dhéantús baile, 12 soicindí agus 190m eatarthu, ag 2:49 p.m., i ngar den líne chríche. Maraíodh triúr agus gortaíodh 264 duine mar gheall ar an ionsaí.[1][2]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtBuamáil Bhostúin
Íomhá
Map
 42°20′59″N 71°04′44″W / 42.349759°N 71.078941°W / 42.349759; -71.078941
Cineálpléascadh
ionsaí sceimhlitheoireachta
ionsaí buamála Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana15 Aibreán 2013 (14:45. An tAmchrios Oirthearach) Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhBostún, Massachusetts Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Spórtlúthchleasaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna3 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe264 Cuir in eagar ar Wikidata
Armimprovised explosive device (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
2013 Boston Marathon (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata


Cuimhneachán
níos luaithe sa lá
Ceolchoirm "Boston Strong" - 30 Bealtaine, 2013

Sa bhliain 2015, bhí Dzhokhar Tsarnaev, fear 21 bliain d'aois, ciontaithe ag giúiré i mBostún i gcomhcheilg a bheith ar bun aige arm mórscriosta a úsáid. Bhí tríocha cúis atá curtha ina leith.[3] Póilín de bhunadh na hÉireann - Joseph Reynolds[4] - an chéad duine a chonaic Tamerlan (maraíodh é níos déanaí) agus Dzhokar Tsarnaev agus iad ar a dteitheadh i Watertown in iarthuaisceart Bhostúin trí lá i ndiaidh na buamála.[5]

Breith d'aon ghuth a bhí ann. D'iarr an chosaint ar an mbreitheamh an triail a aistriú go cathair eile, ach diúltaíodh don iarratas.

Baineann an ciontú leis an ionsaí buamála ag maratón Bhostúin ar 15 Aibreán 2013.

Scannán cuir in eagar

Rinneadh scannán de, "Patriots' Day".[6] Bhí ionadaithe Katherine Russell[7] (bean chéile an bhuamálaí a cailleadh) ag píopaireacht faoin éagóir a rinne an scannán uirthi agus bhí cairde ollscoile leis an mbuamálaí a mhair, agus ar cuireadh ina leith go ndearna siad fianaise a cheilt, in adharca an chórais dlí agus cirt.[8]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Nuacht RTÉ (2015-04-08). "Dzhokhar Tsarnaev ciontaithe ag giúiré i mBoston" (as en). 
  2. AN SAOL Ó DHEAS / RnaG (2013). "Liam O Néil; Maratón Bhostún" (ga-IE). RTE Raidió. Dáta rochtana: 2022-09-13.
  3. Nuacht RTÉ (2015-01-05). "Giúiré á roghnú do chás Dzhokhar Tsarnaev i mBostún" (as en). 
  4. B'as Béal an Daingin i gConamara seanmháthair agus seanathair Joseph Reynolds, agus as an mBóthar Mór i nGaillimh a mháthair.
  5. Nuacht RTÉ (2015-03-05). "Ceangal ag cás cúirte Bhostúin le Gaillimh" (as en). 
  6. "Patriots Day Official Trailer #1 (2017) Mark Wahlberg, Kevin Bacon Drama Movie HD" (as en) . 
  7. "The Boston Bomber's Wife Is Embracing New Beginnings" (en-US). Distractify. Dáta rochtana: 2021-04-19.
  8. Breandán M Mac Gearailt (2017). "LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Ní achrann go dtí pléascadh Patriots Day" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-04-19.