Bulla- agus béarmhargadh

Tugtar bullamhargadh agus béarmhargadh ar an dá chineál treocht ar an stocmhalartán nó ar an margadh.

Tarbh (bulla-) agus béar (béar-) os comhair an stocmhalartáin i bhFrankfurt - Frankfurter Wertpapierbörse (FWB)

Bullamhargadh cuir in eagar

Is é is bullamhargadh ann ná margadh ina bhfuil na praghsanna ag dul in airde. "Bulla" a thugtar ar an amhantraí atá ag iarraidh airgead a shaothrú ar an mbullamhargadh. I nGaeilge na Gaeltachta, déarfaí freisin go bhfuil "fuadach ar an margadh". Níl stádas oifigiúil ag an leagan seo, áfach. Chloisfeá ar aonach an bheostoic é, sna laethanta a bhí.

Ar an stocmhalartán, bíonn an bullamhargadh ann nuair a bhíonn na hinfheisteoirí dóchasach as an todhchaí agus iad ag súil le tuilleadh ardú ar na praghsanna. Mar sin, bíonn siad ag iarraidh scaireanna a cheannach le go bhféadfaidís iad a dhíol níos daoire níos déanaí, sin nó airgead a shaothrú ar na díbhinní.

Béarmhargadh cuir in eagar

Is éard is béarmhargadh ann ná margadh ina bhfuil praghsanna na scaireanna nó na dtráchtearraí ag titim. Tugtar "béar" ar an amhantraí atá ag iarraidh airgead a shaothrú ar an mbéarmhargadh. Téarma Béarla is ea an focal sin "béarmhargadh" a haistríodh focal ar fhocal go Gaeilge. Aonach briosc an téarma dúchasach, ach dealraíonn sé nach bhfuair na téarmadóirí an leagan seo sách soiléir le stádas oifigiúil a bhronnadh air. Téarma traidisiúnta de chuid na n-aontaí beostoic é.

Ar an mbéarmhargadh, tá gach infheisteoir ag dul in éadóchas faoin todhchaí, agus é ag iarraidh fáil réitithe dá chuid scaireanna ar phraghas chomh buntáisteach agus is féidir, sula gcaillfidh siad a bhfuil fágtha den luach iontu. Dá thoradh sin, leathfaidh an dearcadh duairc ar fud an mhargaidh, agus sa deireadh, is féidir go n-iompóidh an béarmhargadh ina chliseadh mhór agus na hinfheisteoirí ag iompairc le chéile ag iarraidh na scaireanna a dhíol uathu.

Léim an chait mhairbh cuir in eagar

Má thagann feabhas beag gearrshaolach ar na praghsanna i ndiaidh dóibh titim fhada a chur díobh, tabharfaidh na hanailiseoirí stocmhalartáin léim an chait mhairbh air, más é an tuairim atá acu nach leor é le deireadh a chur leis an mbéarmhargadh. Tá an leagan cainte seo bunaithe ar an meafar "go léimfeadh an cat marbh féin dá dtitfeadh sé ó airde mhór anuas."