Bundúchasaigh na hAstráile

Pobal dúchasach na hAstráile iad Bundúchasaigh na hAstráile.[1]

WD Bosca Sonraí Grúpa DaonnaBundúchasaigh na hAstráile

Cineáldaonra agus pobal bundúchasach
Daonra iomlán798,400 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Teangateangacha Bundúchasacha na hAstráile agus Béarla
CreideamhAn Chríostaíocht, díreiligiún agus Australian Aboriginal mythology (en) Aistrigh
Tíreolaíocht
Ó dhúchasAn Astráil agus Torres Strait Islands (en) Aistrigh

Tá Bundúchasaigh ina gcónaí san Astráil le breis is 40,000 bliain, fiú amháin 50,000.[2] Tá a gcuid nósanna, creideamh agus ealaíne féin forbartha acu thar na blianta. San am atá thart bhí níos mó ná 500 treibh de Bhundúchasaigh ann.

Bundúchasaigh na hAstráile
Forógra Governor Thomas Davey, 1816

Cultúr cuir in eagar

Mhair na Bundúchasaigh go suaimhneach síochánta agus bhí nasc láidir acu leis an talamh agus leis an gcomhshaol nádúrtha. B’fhiagaithe-cnuasaitheoirí (sealgairí agus cruinnitheoirí) iad. Creideann siad gur cruthaíodh an domhan in am ar a dtugann siad an ‘Dreamtime’.[3]

Ealaín : Péintéireacht uaimhe Bhundúchasach

Is iad seo na hainmneacha a bhí orthu

  • Eora a bhí ar an treibh ó Sydney,
  • Bidgigal a bhí ar na daoine idir na hAibhneacha Cooks agus Georges,
  • Gweagal a bhí ar na daoine ar an taobh theas de chuar na bá, agus
  • Kameygal a bhí ar na daoine ar an taobh thuaidh de chorrán na bá.

Stair cuir in eagar

Tá cónaí ar mhuintir dhúchasach na hAstráile ann, le ar a laghad 40,000 bliain, nó suas le 50,000 bliain fiú.[2] Lonnaigh na hEorpaigh san Astráil ón mbliain 1788 ar aghaidh. Bhí idir 4,000 agus 8,000 duine dúchasacha ina gcónaí sa cheantar Sydney nuair a tháinig Arthur Phillip agus an chéad loingeas i 1788.

Nuair a tháinig daoine ar ór san 1850idí, tháinig lonnaitheoirí nua agus bhrúigh siad na Bundúchasaigh den talamh. Pobal tuaithe fáin (bhog siad ó áit go háit go leanúnach) a bhí sna Bundúchasaigh ar dtús, agus cónaíonn breis is 60% díobh i gceantair chathrach nó i mbailte anois. Tá cultúr agus féiniúlacht láidir ag Bundúchasaigh na hAstráile. Tá níos lú ná 260,000 Bundúchasach ann sa bhliain 2016.[3]

Polaitíocht cuir in eagar

Ar an 12 Feabhra 2008, mhol Príomh-Aire na hAstráile, Kevin Rudd, rún inar ghabh sé leithscéal oifigiúil le Bundúchasaigh na hAstráile.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. COGG (https://www.cogg.ie/wp-content/documents/merged_document%20smto4.pdf).+"Bundúchasaigh na hAstráile". 
  2. 2.0 2.1 The Australian Museum. "When did modern humans get to Australia?" (en). The Australian Museum. Dáta rochtana: 2023-09-18.[nasc briste go buan]
  3. 3.0 3.1 COGG. "An Astráil". Dáta rochtana: 2023.[nasc briste go buan]